Léargas anoir aduaidh dúinn ar ár gcuid eachtraí stairiúla féin…

Alan Titley
Léargas anoir aduaidh dúinn ar ár gcuid eachtraí stairiúla féin…

Tá luas le gluaiseacht an scéil ó thús go deireadh in úrscéal nua Ruairidh MacIlleathain, dar le Alan Titley

Cóig Duilleagan na Seamraig

le Ruairidh MacIlleathain

CLÁR. 392 lch £9.99 (agus rud éigin nach bhfeadair in euro)

Fág is go bhfuil eolas réasúnta maith ag lucht litríochta na Gaeilge ar fhilíocht na Gàidhlig in Albain, b’fhíor a rá go bhfuilimid réasúnta aineolach ar a cuid úrscéalta agus gearrscéalta. Is féidir linn a bheith buíoch do leithéidí Mháire Ní Annracháin, Bhreandáin Uí Dhoibhlin agus Paddy Bushe a chur Somhairle MacGill-Eain i lár an aonaigh abhus lena gcuid critice agus a gcuid aistriúchán. Cheangail Rody Gorman an dá éigse le chéile lena irisleabhar filíochta/bárdachd An Guth nach bhfuair a cheart riamh mar ardán poiblíochta agus nuálachta, agus gan amhras, bhí na turais bhliantúla thar Shruth na Maoile d’fhilí agus de cheoltóirí a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair ab ann di.

Níor chúrsaí iontais é an treise seo a bheith leis an bhfílíocht, óir is ar éigean go raibh prós úrscéaltach ar bith ann arbh fhiú trácht air go dtí tús na haoise seo. Siúd is gur thosnaigh an t-úrscéal sa Ghàidhlig timpeall an ama chéanna leis an úrscéal sa Ghaeilge – foilsíodh Dún Álainn le hIain MacCormaic sa bhliain 1910 (fíor-dhrochúrscéal!), agus An t-Ogha Mór le hAonghus Mac Dhonnachaidh (i bhfad níos fearr) i 1913 – ba dhóigh leat go bhféadfaí gach eile ar scríobhadh as sin go dtí deireadh an chéid a chomhaireamh ar leathláimh amháin. Chrom an comhlacht foilsitheoireachta CLÁR ar speach a thabhairt don scríbhneoireacht phróis agus thug siad spreagadh agus misneach d’údair dul i mbun pinn. Ba é an toradh a bhí air sraith leanúnach d’úrscéalta agus de ghearrscéalta, go leor acu ar ardchaighdeán cumais agus samhlaíochta, ón mbliain 2003 i leith.

Mar a thuigfí bhain go leor de na saothair seo le téamaí síoraí Albanacha – an imirce, an chuimhne, saol na n-oileán – cé go bhfuil go leor a bhaineann le bligeaird, le scabhaitéirí agus le slaightearan chomh maith, fara scéalaíocht fháistineach atá gann go maith sa Ghaeilge. Ní ar an gcúis sin amháin atá Cóig Duilleagan na Seamraig le Ruairidh MacIlleathain sainiúil óir tá sé Albanach go smior, ach go mbaineann sé go dlúth le téama eile a shílfeá a dtógfaí ceann de thall sa Ghàidhealtachd, is é sin Éire féin! Is maith mar atá cuimhne i mbéaloideas na nGael thall ar an ndlúthghaol atá acu leis an tír seo, agus dá réir sin is ait linn a laghad a deirtear faoi sa chaidreamh idir an dá phobal. Is aite fós le muintir na hÉireann an bhinb agus an fuath a léirigh reisimintí áirithe Albanacha don tír seo, ní hamháin sna haighnis tar éis 1746, ach le déanaí i dTuaisceart na hÉireann.

Iarracht shuaitheantach é an t-úrscéal seo dul i ngleic leis an gceist seo, óir is Gael Albanach Dòmhnall MacCoinnich as ceantar Geárrloch in iarthuaisceart na tíre é príomhlaoch an leabhair. Le fírinne, ní hé an t-aon phríomhcharachtar amháin é mar tá an leabhar breac le pearsana suimiúla, go leor acu casta agus aimpléiseach go maith, cuid eile nach nochtar chugainn ach in aon toise amháin mar a thuigfí. Is é log an scéil Alba, Éire agus Sasana le linn na tréimhse go díreach roimh agus le linn chogadh na saoirse anseo. Dá réir sin, is geall le machnamh leanúnach eachtrúil é ar chor polaitiúil agus cultúir an ama trí shúile na ndaoine ar bheo dóibh san am. Nuair a bhí sé léite agam, cheapas go raibh tamall caite agam le scéal na hÉireann ar shlí níos taitneamhaí ná mar a fhaightear sa ghnáthchuntas staire, agus gan amhras, bhí.

Is é casadh Dhòmhnaill go mall is de réir a chéile i dtreo tuiscint a fháil ar éileamh na hÉireann ar a saoirse féin, agus ina dhiaidh sin, an léirstint a lean gur chóir go mbeadh a leithéid chéanna mar cheann sprice d’Albain, nochtadh bunaidh an scéil. Ní de dhroim oíche a tharlaíonn seo, mar is amhlaidh gur gnáth-thógáil bhuachaill a linne sna garbhchríocha a fuair sé, idir bhochtaineacht, mháistir brúidiúil ag teannadh an Bhéarla leis ar scoil, agus tiarna talaimh níos measa fós atá meáite ar a chuid tionóntaí a dhíbirt an fearann agus an loch amach. Ach tarlaíonn go ngabhann sé leis an bpóilíneacht agus de thoradh tarlúintí glanseansúla baineann amach ardchéim sna fórsaí slándála, sa chás seo, ina ‘oifigear díon’ nó ina gharda cosanta pearsanta do Lloyd George. Is de seo lúba éagsúla an scéil, agus abair go bhfuil lúba ann!

Níl sa Lloyd George céanna ach pearsa amháin den iliomad pearsana éagsúla a bhfuil páirt, mór nó mion, acu sa scéal. Casann Churchill orainn, agus Neville Chamberlain agus Sir John Maxwell and Emmeline Pankhurst ó thaobh na Sasanach de, agus liosta níos faide le háireamh is ea na hÉireannaigh a bhfuil Michael Collins, Thomas McDonagh, Cathal Brugha ar a bhfuaid, gan trácht ar Sheán T.Ó Ceallaigh i bPáras agus sleachta as óráid an Phiarsaigh ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa. Pé ní in Albain é, dhein an t-údar taighde thar meon, ach ní taighde é a thagann salach ar ghluaiseacht an scéil. Go deimhin, tá bealach caolchúiseach aige leis an eolas faoina chuid pearsana a scaoileadh chun an léitheora Gàidhlig, má dhéanaimid talamh slán de nach mbeadh oiread eolais acu ar na daoine seo agus a bheadh againne. Nuair a luaitear John Dillon gan choinne, deirtear linn: ‘Bhí Lloyd George ag caint ar leascheannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann.’ Scaoiltear na noda mar seo gan aon mhoill a chur ar an insint.

Agus tá luas le gluaiseacht an scéil ó thús go deireadh. Fág caibidil amháin as an áireamh, tarlaíonn gach aon rud idir 1911 agus 1922 i gcúig cinn fhichead de chaibidlí. Tugtar ionad agus aimsir gach caibidle dúinn ionas nach gá don scéalaíocht dul chun leadráin ag míniú cá bhfuil cách agus ag cur flóisíní di ag trácht ar thaobh tíre agus sonraí eile mar é. Ach laistigh de gach aon cheann de na caibidlí sin tá leas-aonaid a leanann pearsana faoi leith nó snáithe den insint. Ar an gcuma sin, níl neamhchosúil leis an tslí a mbíonn sobaldráma teilifíse tógtha, is é sin, ar bhealach nach gcaillfidh tú suim ann. Agus ní chailleann, óir tá go leor foscéalta agus seachráin agus taobhinsintí nach dtéann riamh as radharc ar fad, ach a phéacann aníos nuair is lú atá coinne leo.

Is é sin, is úrscéal staire é seo go príomha; ach is úrscéal carachtarachta, polaitiúil, eachtraíochta, béascnaíochta agus spiadóireachta é chomh maith céanna. Óir, níl aon tsimplíocht ag baint leis na príomhphearsana seo. Tá Rut Stanger ann, bean óg idéalach de shliocht airgeadúil atá ag iarraidh cead guthaíochta a lorg do na mná agus a thiteann isteach leis an ngluaiseacht réabhlóideach; Cathal Ó Fiannaidhe, duine de shaighdiúirí na Poblachta nach aon léamh amháin atá aige ar an gcogadh; Árdan Ó Branáin, poblachtánach eile nach bhfuil feacadh ar bith ann agus a chothaíonn go leor dochraide dá chuid compánach; Melville Stancourt, an tiarna talaimh Albanach a bhfuil fearann in Éirinn aige chomh maith agus nach léir dó go bhfuil an seansaol ag titim as a chéile: ‘Bhí laethanta ann, le linn a sheanathar, go gcuireadh uachtarán fear as a theach toisc é a bheith drochbhéasach suas lena bhéal, ach bhí na laethanta sin thart anois.’ Agus tá Lloyd George é féin a bhfuil páirt mhór aige sa scéal agus a samhlaímid go bhfuil bá éigin folaigh aige le hÉirinn, nó ar a laghad leis an gceart, in ainneoin a chumhachta agus a réime. Tá sonraí a bheatha fite go cruinn lena phearsantacht anseo ionas go raibh mé féin nach mór ag géilleadh nár bhastard cruthanta é linne.

Ach is é Dòmhnall MacCoinnich féin agus a iompáil mheoin croí an scéil. Ní d’eipeafáine phléascach a nochtann na cosúlachtaí idir Éire agus Alba dó, ach de réir is mar a dhéanann sé a mharana as ceartlár chumhacht na Breataine agus mar a chuireann sé aithne ar chuid de phearsana ghluaiseacht na saoirse. Is maith mar a thuigtear dó an íoróin a bhaineann le bheith ina ‘Ghael Albanach a bhí ag obair do laoch ón mBreatain Bheag agus ina chónaí i measc Sasanach’ ach leath a chroí a bheith in Éirinn agus le cúis na hÉireann, agus ar ball le bean Éireannach. Is amhlaidh go léiríonn sé bá áirithe leis an gCaitliceachas in áiteanna chomh maith, bá a bhfuil eagla air a shloinne a lua, bá a bhaineann leis an gcos ar bolg a imríodh ar Chaitlicigh sa dá thír. Ligeann sé a racht uaidh in aon bhleaist óráide amháin a nglacaimid leis gurb é toradh a mhachnaimh agus a chleachtaidh é: ‘Tá na hÉireannaigh mórálach astu féin agus as a ndúchas, neamhchosúil leis na hAlbanaigh atá breá sásta an filleadh beag a chaitheamh fad is a ólann siad sláinte na n-uasal atá á gcoimeád i slabhraí. Tá Éire ag taispeáint an ród chun cinn dúinn go léir – na Gaeil, atá i gceist agam. Amach as an Impireacht, amach as an Ríocht Aontaithe, Alba ag déanamh a slí féin sa domhan. Mar phoblacht ina bhfuil cumhacht ag na gnáthdhaoine seachas ag na huaisle. Agus mná chomh maith céanna le fir.’

Ní hé gach aon Éireannach ná Gael féin a bheadh sásta toiliú leis an léamh sin orainn, óir níor imigh na haontachtóirí ina gcroí ná ina n-anam tá’s agat, agus ní hé gach aon idéalaí a éarfadh gur baineadh an aisling amach. Ina choinne sin thall, siúd is go bhfuil fadhbanna síoraí seasta againne anois agus beidh go brách, ba mheasa seacht n-uaire seachtód is ceithre mhíle go leith is tuilleadh iad sa chás is go rabhamar fós inár gcuid den Bhanríocht Aontaithe, Hómrúl ann nó as.

An tagairt thuas don ‘Impireacht’, sin í cúigiú duilleog na seamróige. Trí cinn de dhuilleoga is gnách, mar is eol dúinn, ceithre cinn go hannamh, ach tá an cúigiú ceann ag Éirinn, agus sin an ceangal leis an impireacht. Níor mhór an duilleog sin a stoitheadh agus a shatailt faoi chois éirim an scéil, agus éirim dhóchas na hAlban chomh maith.

Tá stíl éasca luath shoghluaiste ag Ruairí MacIlleathain mar a bheifí ag súil leis ó dhuine a bhfuil oiread sin déanta aige ar son lucht foghlamtha na Gàidhlig agus tuiscint thar barr aige ar conas eachtraíocht chasta a choinneáil ag dul. Dob fhéidir le léitheoirí Gaeilge ar bheagán Gàidhlig dul i ngleic go tairbheach leis an leabhar seo, óir tá an insint go bríomhar, an scéal go seolta agus an comhrá beo bíogach. Thar aon rud eile, áfach, is gaisce scríbhneoireachta atá ann a thugann léargas anoir aduaidh dúinn ar ár gcuid eachtraí stairiúla féin trí shúil ar imeall na slí ach ó intinn a thuigeann sinn go hiomlán.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.