Ná déanaimis sceilpín gabhair timpeallachta den Bhrasaíl…

Alex Hijmans
Ná déanaimis sceilpín gabhair timpeallachta den Bhrasaíl…

Ag tabhairt an mháimh ar láimh do Jair Bolsonaro a bheadh duine ar bith a d’ardódh ceist faoi fhlaitheas na Brasaíle ina cuid féin de cheantar na hAmasóine, a scríobhann Alex Hijmans, ár gcolúnaí sa Bhrasaíl.

Tá foraois na hAmasóine trí thine. Agus an t-alt seo á scríobh tá os cionn 80,000 falscaí ar lasadh i gcuid na Brasaíle den fhoraois; ní bheidh a fhios go baileach cén dochar atá á dhéanamh don cheantar is tábhachtaí ar chlár na cruinne sa chath i gcoinne théamh an domhain go dtí go mbeidh an séasúr tirim thart ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Ach tá rud amháin cinnte: níor tharla scrios mar seo san Amasóin le deich mbliana anuas, agus ní raibh oiread airde ag na meáin ar an scéal riamh cheana.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001