AISLING AN AINRIALAÍ

Gabriel Rosenstock

Deirtear go raibh fógra aige chun tosaigh

‘Here Comes Oliver Flanagan’

Agus fógra eile ar chúl an rothair

‘There Goes Oliver Flanagan!’

Dá mbeadh móramh sa Dáil ag an gComhaontas Glas

Bheadh an rothaíocht éigeantach.

Mar a dúirt fear seoigh éigin:

‘Níl i nGlasach ach Fine Gaelaí ar rothar.’

Táimse bréan bailithe díobh go léir.

Ba mhaith liom léim ar sheanrothar –

Pingin agus feoirling –

Agus éalú liom: áit chluthar a aimsiú

Nár shiúil aon pholaiteoir fós ann

Nár gearradh ribín ann

Nár cuireadh crann

Nár ceapadh polasaí

Nár tugadh óráid

Nár eisíodh preasráiteas

Nár pógadh leanbán ar a bhaithis ann.

Bheadh pearóidí glasa ann

Is mhúinfinn dánta Gaeilge dóibh:

Aoibhinn bheith i mBinn Éadair,

fírbhinn bheith ós a bánmhuir,

cnoc lánmhar longmhar líonmhar,

beann fhíonmhar fhonnmhar ághmhar . . .

Pearóidí nach n-aithneodh an eite dheas

Thar an eite chlé is bheadh moncaithe ann

Is cnónna saor in aisce acu mar dheontas

Agus bheadh an domhan á rialú féin chomh séimh

Leis an Ting-a-Ling-a-Ling sin óm’ phingin is feoirlingse

Is ní bheadh gá le both vótála, le Níl ná Tá

Gan cur isteach ná cabhair ó éinne, gan fabhar

Is sinn go léir léir léir ar snámh i mbánmhuir

Gabriel Rosenstock

Is file agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock