An Seachtar Seo Mícheál Ó Ruairc

‘Like dolmens round my childhood, the old people.’ John Montague Do Helen Ní Shé agus Dara Ó Cinnéide le mórmheas

Mártan Ó Loinsigh
(Taobh a’ Chnoic)

iolar na faille fuaire

agus fear draipe

chuiris isteach ionaid choise

ó Shrón Bhroin anuas

le fána chun na farraige

chun ualaigh feamainne

a bhreith aníos

ar do thuras deireanach

sa bhliain 1899

bhainis amach iad uile

ionas ná déanfadh

éinne eile aithris

ar d’éacht buile

Seán Mártan Ó Loinsigh
(mac Mhártain)

díseartach déanta

ina luí de ló

ina shuí istoích’

ag tréadaíocht

bó bradach

go dtí

meánoíche

na gcat nó níos

déanaí

cloisim do choiscéim

éadrom

ar an mbóthar thíos

fós

Bidí Wren
(Brigid Wren, Bréanainn)

an bhean iompair uisce

ar do bhealach

chuig an tobairín

cosnocht

led’ channa stáin

ar maidin

seál dubh

dod’ chlúdach

agus mise

dod’ sheachaint

ar mo bhealach ar scoil

ba bhean sí thú

im’ shúile

Seán ón bhFaiche
(Seán Ó Conchúir, Faha)

siopa bréagán ar dhá chois

is mé im pháiste

is tusa

ní ba pháistiúla ná mé

thabharfá

saighdiúir dom

buachaill bó

agus madra rua

as do phóca

ach ghoidfeá

mo changarú

uaim sula

n-imeofá

Póló Ó Dubhda
(Eoin Ó Dubhda, Murfhorgán)

an fear caoch agus an fealsamh

chaill radharc na súl

maidin Dhomhnaigh

amháin thíos

ar an Trá Bháin

le linn am aifrinn

más fíor

tú in ann canúint na gcat

a thuiscint

agus iad ag fógairt

catha ar a chéile

ag binn an tí

istoích’

Mike Réamonn
(Micheál Mac Gearailt, Bréanainn)

gréasaí agus deisitheoir clog

tugadh péire bróg

agus seanchlog

briste

dom tráth chun

a thabhairt duit

le deisiú

is dúrais liom

‘bróg gan anam

agus clog gan am

an dá mhar

a chéile iad

ar m’anam’

Jimí Micí
(Séamus Mac Gearailt, Bréanainn)

scoláire clasaiceach agus saoi

an Laidin

agus an Ghréigis

ar do thoil agat

gach amhrán

faoin ngrian

ar bharr

do theanga

agus nuair a chantá

dheintí

tigh tórraimh

den tigh tábhairne

le hurraim