Conspóid agus ceiliúradh

Conspóid agus ceiliúradh

Seán Ó Mainnín

Ach an oiread le gach gné eile de shaol na hÉireann d’fhág Covid-19 a rian ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in 2020. Mar sin féin, bhí neart ábhar conspóide agus ceiliúrtha ann i mbliana, a scríobhann Breandán Delap

Cearta Teanga

Ag tús na bliana cuireadh clabhsúr ar an aighneas idir an dá phríomhpháirtí sa tuaisceart agus fógraíodh go mbeadh an rialtas díláraithe le bunú arís.

Bhí trí bliana ó scoireadh an Feidhmeannas de bharr easaontais faoin chlár polaitíochta, Acht Gaeilge san áireamh.

Faoin socrú a deineadh ní bheidh Acht Gaeilge ar leith ann ach beidh forálacha don Ghaeilge mar chuid de phíosa reachtaíochta níos leithne a chlúdóidh cúrsaí cearta, teanga agus féiniúlachta. Tabharfar trí phíosa reachtaíochta isteach chun Acht Thuaisceart Éireann 1998 a leasú.

Cuirfear an dlí a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna ó Thuaidh ar ceal. Ceapfar Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus tabharfar stádas oifigiúil don Ghaeilge. Faoin tríú bille, ceapfar Coimisinéir leis an Ultais agus an cultúr a bhaineann léi a chosaint.

Ullmhóidh Coimisinéir Teanga na Gaeilge caighdeáin dea-chleachtais d’údaráis phoiblí agus fiosróidh an oifig gearáin má theipeann ar údaráis phoiblí na caighdeáin sin a bhaint amach.

Ach beidh ar an Choimisinéir a chuid moltaí a chur faoi bhráid an Chéad agus LeasChéad-Aire. Mhaígh Conradh na Gaeilge gurb ionann sin agus veto a thabhairt DUP ar chumhachtaí Coimisinéara Teanga.

Faoi na forálacha don Ghaeilge agus don Ultais bunófar Mol Lárnach Aistriúcháin sa Roinn Airgeadais le seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil do na naoi roinn rialtais san Fheidhmeannas. Beidh áis aistriúcháin chomhuainigh sa Chomhthionól agus tabharfar isteach straitéis teanga ach ní bheidh cuótaí fostaíochta ann do chainteoirí líofa Gaeilge.

Lena chois sin, cuirfear deireadh le hAcht Riar na Córa 1737, a chuir cosc ar theanga ar bith nach Béarla í sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann ach is faoi na cúirteanna a bheidh sé úsáid teanga eile a éascú.

Mhaígh an dá Rialtas go ndéanfaidh siad infheistíocht shuntasach sa Tuaisceart chomh luath is atá na hinstitiúidí polaitiúla ar obair arís. Táthar fós ag fanacht ar ghníomh i leith na reachtaíochta teanga.

Bhí díomá agus imní ar phobal na Gaeilge sa deisceart, áfach, nach ndeachaigh an Bille Leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tríd an Dáil sular scoradh í mí Eanáir. Ba in 2011 a fógraíodh go raibh sé beartaithe an tAcht a leasú. Mí Dheireadh Fómhair bhí an reachtaíocht chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú os comhair na Dála arís. Chuir polaiteoirí agus gníomhaithe teanga fáilte roimh na leasuithe atá molta ag an Rialtas cé gur dúradh go bhfuil go leor laigeachtaí ar an reachtaíocht i gcónaí. Cáineadh na leasuithe mar nach raibh foráil láidir á moladh ag an Rialtas a leagfadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal ar mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeilge agus cionn is nach léir fós sa bhille cén dream a bheadh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta earcaíochta atá luaite ann. Ach fáiltíodh roimh an moladh go gcuirfí spriocdháta – an 31 Nollaig 2030 – leis an sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí agus an moladh go neartófaí an chumhacht atá ag an Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar achtanna eile seachas an t-acht teanga. Arís eile, loiceadh ar na geallúintí i gclár an rialtais go mbeadh an tAcht leasuithe achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Bhí leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin, thar a bheith míshásta gur deineadh neamhaird sna meáin don óráid a thug sí le linn an chéad suí den Dáil úr mí Feabhra. Ba i nGaeilge amháin a labhair an Teachta Dála chun aird a tharraingt ar an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht. Bhí ábhar i dtuairiscí sna meáin ó na príomh-óráidí ar fad a tugadh sa Dáil an lá céanna seachas óráid s’aicisean. Dúirt sí le Tuairisc.ie nár chóir “glacadh leis” nach dtabharfadh na meáin aon suntas do chaint a dhéantar sa Dáil i nGaeilge.

Léirigh tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nár chuir Comhairle Contae Chiarraí coinníoll teanga i bhfeidhm a bhain le cead pleanála a tugadh d’fhorbairt tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in 2004. Faoin choinníoll teanga a bhí ceangailte leis an togra ag an Bhord Pleanála, dúradh go gcaithfeadh úinéirí nó tionóntaí fadtéarmacha líofacht sa Ghaeilge a bheith léirithe acu i gcás 75% de na tithe nua.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur shárú thar a bheith tromchúiseach é seo i bhfianaise an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag fás ar dhaonra nach cainteoirí Gaeilge iad ar chosaint na teanga. Is é bun agus barr an scéil gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála, a dúirt sé. Mhol sé go n-ullmhódh an Chomhairle nósanna imeachta chun plé le cásanna ina leagtar coinníoll teanga ar chead pleanála ar fhorbairt tithíochta sa Ghaeltacht.

Ag trácht dó ar an fhiosrúchán a d’fhoilsigh sé anuraidh faoi RTÉ, dúirt an Coimisinéir Teanga gur léir dó “go bhfuil borradh breise faoi sholáthar uaireanta craolacháin agus clár Gaeilge ar RTÉ” ó shin cé nach raibh sé sásta go bhfuil réimse cuimsitheach clár á chur ar fáil mar a éilíonn an reachtaíocht.

Mí Márta dúirt an Coimisinéir Teanga nach bhfuil RTÉ fós ag craoladh a ndóthain cláracha Gaeilge. Thug Rónán Ó Domhnaill le fios go bhfuil sé geallta ag RTÉ líon uaireanta na gclár Gaeilge a ardú ó 123 go 533.

Mí Bealtaine, dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ go bhfuil dul chun cinn déanta ag an stáisiún ó thaobh ábhar Gaeilge a chur ar fáil ach gur gá fós don chraoltóir náisiúnta níos mó clár Gaeilge a dhéanamh. Bhí Niamh Ní Churnáin ag labhairt faoin phlean atá ag RTÉ chun tuilleadh ábhar Gaeilge a chur ar fáil. Dúirt sí go bhfuil tacaíocht faighte aici ó lucht bainistíochta RTÉ ó thaobh ábhar Gaeilge nua a choimisiúnú agus go raibh sí ag súil go mbeadh níos mó clár Gaeilge ann.

Thug an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, leide mí Lúnasa gur beag rogha eile atá aige ach tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena rá go bhfuil sárú á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht. Níl Gaeilge líofa ach ag leath na nGardaí, 51 duine as 99, atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta de réir Tuarascáil Faireacháin a foilsíodh mí Lúnasa. Bhí geallta ag údaráis an Gharda Síochána go rachfaí i ngleic le heaspa líofachta Gaeilge na nGardaí sa Ghaeltacht naoi mbliana ó shin agus deir an Coimisinéir gur ‘bocht an scéal’ toradh na hiarrachta sin.

Chuir an Coimisinéir Teanga tús le fiosrúchán mí Bealtaine faoin scéala nár thug an Roinn Oideachais aon rogha do dhaltaí clárú i nGaeilge do scrúduithe Ardteiste na bliana seo. Cáineadh go mór teip an chórais nua ó thaobh na Gaeilge mar go raibh dímheas léirithe ag an Roinn ar an Ghaeilge agus ar chearta teanga na ndaltaí.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh nach bhféadfaí aon ‘leithscéal’ a dhéanamh faoin scéala nach raibh an rogha Ghaeilge ar fáil agus mhaígh sé go gcuirfí an scéal ina cheart. Anuas air sin, dúirt an eagraíocht Gaeloideachas go bhfuil siad míshásta gur i mBéarla amháin a bhí an tairseach a cuireadh ar fáil ag an Roinn Oideachais le go mbeadh daltaí na hArdteistiméireachta in ann clárú do Ghrádanna Ríofa na bliana seo.

Dúirt Gaeloideachas go léiríonn seo dímheas ar dhaltaí agus ar chearta teanga na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, bíodh sin sa Ghaeltacht nó i scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ba bheag súil go mbeadh focail a bhí scríofa i nGaeilge ar leac uaighe i Sasana ina ábhar mór conspóide ach b’in ceann de na scéalta móra teanga i rith an tsamhraidh. Bhásaigh Margaret Keane in Coventry in Iúil na bliana 2018 agus ba mhian lena teaghlach na focail Ghaeilge ‘inár gcroíthe go deo’ a bheith greanta ar leac a huaighe. Ach ní cheadódh an deoise dóibh é sin a dhéanamh.

Rinne a hiníon Caroline achainí ach dhiúltaigh an Breitheamh eaglasta Stephen Eyre di. Dúirt sé go bhféadfadh sé go ndearcfaí, faraor, ar an bpíosa i nGaeilge amháin mar chineál de mhana nó ráiteas polaitiúil. D’fhéadfadh sin tarlú, a dúirt sé, mar gheall ar an bpaisean agus na mothúchán a bhaineann le húsáid na Gaeilge. Dúirt sé nach dtuigfeadh ach mionlach beag daoine an scríbhinn. Dúirt sé go gceadódh sé leac chuimhneacháin a mbeadh aistriúchán Béarla scríofa air i gcló níos lú.

Ní mó ná sásta a bhí baill d’Eaglais na hÉireann faoin chinneadh seo. Scríobh an tEaspag Michael Burrows litir oscailte chuig Easpag Coventry in eaglais Shasana ag léiriú a mhíshástachta faoi chinneadh an breithimh eaglasta. Dúirt sé go n-ardaíonn diúltú Dheoise Coventry don Ghaeilge ‘ceisteanna tromchúiseacha maidir le meas cultúrtha idir an dá oileán’ a théann go croí phróiseas na síochána. Éistfear le hachomharc an teaghlaigh ar an 24 Feabhra 2021.

Bhí bille teanga níos láidre agus polasaí cuimsitheach oideachais don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú Leibhéal i measc na ngeallúintí faoin Ghaeilge atá luaite sa Chlár Rialtais a chur Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas i dtoll a chéile. Foilsíodh an Clár mí an Mheithimh tar éis cúig seachtaine d’idirbheartaíocht. Dúirt na trí pháirtí go neartófaí agus go n-achtófaí Bille na dTeangacha Oifigiúla roimh dheireadh na bliana seo.

Dúradh go dtógfaí ionaid Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre leis an teanga a chur chun cinn sa phobal. Gealladh fosta go ndéanfaí ceantracha Gaeltachta a chosaint agus a chaomhnú.

Tabharfar tacaíocht don ról atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le fostaíocht a chruthú agus an próiseas pleanála teanga a reáchtáil trí acmhainní sásúla a chur ar fáil, gealltar. Dúradh fosta go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir rialachais agus eagraíochtúil agus ar an chinneadh deireadh a chur le toghchán an Údaráis.

I gcúrsaí oideachais gealladh go gcuirfí níos mó béime ar an Ghaeilge labhartha sa rang. Cuirfear polasaí cuimsitheach oideachais ar fáil don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, agus tá sé mar sprioc an líon daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt.

Mhol an t-iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur chóir d’aon duine i bpáirtí Fianna Fáil ar spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht vótáil in aghaidh an Chláir Rialtais. Dúirt an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta gur léir ón Chlár Rialtais nach bhfuil tuiscint ar bith ag na páirtithe rialtais ar chás na Gaeltachta.

Bhí go leor teacht agus imeacht i Roinn na Gaeltachta míonna tosaigh an rialtais úir. Fógraíodh ag deireadh mhí Iúil go raibh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge leagtha ar an Phríomh-Aoire nua Dara Calleary, an tríú huair as a chéile do phríomh-aoire a bheith i bhfeighil gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge. Is í Catherine Martin, ó Chomhaontas Glas, an tAire sinsearach sa Roinn sin. Mar a tharlaíonn sé ba bheag am a chaith an Teachta Calleary i mbun cúraimí na Gaeltachta. Tugadh ardú céime dó nuair a briseadh an tAire Talmhaíochta, Barry Cowen, as a phost de bharr líomhaintí a bhain lena chiontú as a bheith ag tiomáint agus é thar an teorainn ólacháin. Ceapadh Jack Chambers le teacht i gcomharbacht ar Calleary ach cháin an freasúra a cheapachán siúd siocair nach raibh Gaeilge ar a thoil aige. Dúirt an tAire Stáit úr go raibh sé chun ‘dianchúrsa Gaeilge’ a dhéanamh le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge i rith an tsamhraidh.

Deineadh gearán mí Iúil le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi chomhfhreagras i mBéarla amháin a deirtear atá á fháil ag bunscoileanna Gaeltachta ón Roinn Oideachais. Dúirt príomhoide bunscoile amháin i nDún na nGall nach raibh de rogha ag lucht na scoile ach an comhfhreagras a aistriú go Gaeilge iad féin sula gcuirfí ar aghaidh chuig tuismitheoirí é. Cé gur iarradh comhfhreagras i nGaeilge ar an Roinn, deir an príomhoide gur leanadh den chomhfhreagras i mBéarla amháin. I ráiteas a d’eisigh an Roinn Oideachais dúradh gur chuir an Roinn eolas chuig scoileanna maidir le Covid-19 agus athoscailt scoileanna, i measc nithe eile. Dúradh go raibh an t-eolas seo i mBéarla ar an chéad dul síos agus go raibh leagan Gaeilge curtha ar shuíomh na Roinne ina dhiaidh sin.

Bhí an Feisire Parlaiminte Gregory Campbell sna fataí lofa arís i mbliana. Rinne dalta as Gaelcholáiste Dhoire, Adam Mac Giolla Easbuic, 12 bliain d’aois, gearán chuig Choimisinéir na gCaighdeán in Westminster faoi chaint ‘ghránna agus dhímheasúil’ a rinne an Feisire Campbell. Thagair an feisire parlaiminte don chlár Gaeilge Nazi sa Ghaeltacht agus do ráiteas conspóideach a rinne sé féin mar mhagadh faoin nGaeilge in 2014.

‘The humorous bit was when he was supposed to have spoken Irish with a German accent. I vill not be tempted to ask vot is dis curried yoghurt mein herr,’ a scríobh Campbell. Tagairt ab ea ‘curried yoghurt’ d’eachtra in 2014 inar cuireadh cosc lae ar Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

Ach ba bheag aiféala a bhí ar an Fheisire Campbell faoin cháineadh a deineadh air: ‘Unbowed, unbroken, so no, Je Ne Regrette!’ a scríobh sé ar Facebook.

Mí Dheireadh Fómhair dúirt ball den DUP ar Chomhairle Lár Uladh nach raibh rún ar bith aige ráiteas a rinne sé faoi úsáid na Gaeilge ar chomharthaí sráide sa cheantar a tharraingt siar. Dúirt an Comhairleoir Paul McLean ón DUP go raibh Sinn Féin ag baint úsáid as na comharthaí mar chleachtadh le daoine a ghríosú. Dúirt sé go bhfuil sé cosúil leis an dóigh a ndeineann madra a mhún lena chríocha féin a mharcáil agus go bhfuiltear ag baint leas as na comharthaí Gaeilge lena chur in iúil gur Comhairle náisiúnach agus Poblachtánach atá i gComhairle Lár Uladh.

Rinne an Teachta Dála de chuid shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gearán chuig an gCeann Comhairle mí Mheán Fómhair mar go bhfuair sé freagraí i mBéarla ar cheisteanna Dála a chuir sé ar an Aire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide. Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur masla don teanga a bhí ann agus nár tharla riamh cheana ó toghadh é in 2002 go bhfuair sé freagra Béarla ar cheist Dála i nGaeilge.

Fógraíodh san Earrach go raibh feachtas earcaíochta le cur ar bun ag an Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil le cur le líon na n-aistritheoirí Gaeilge atá acu. Ach is i gcontae na Mí a bheadh na postanna lonnaithe. Seo an chéad uair a bheidh foireann aistriúcháin lonnaithe ina dtír féin seachas sa Bhruiséil ag aon bhallstát.

Seoladh gréasán nua sóisialta mí Feabhra, a bhunaigh cainteoirí Gaeilge a oibríonn i réimsí éagsúla gnó. Tá sé mar aidhm ag Borradh deiseanna gairmiúla agus sóisialta a chruthú do lucht gnó san ardchathair a bhfuil Gaeilge acu.

Scéalta Gaeltachta

Mí Eanáir fógraíodh go raibh an aerlíne Ghaeltachta Aer Arann ceannaithe ag an phíolóta Jarlath Conneely as Gaillimh. Bhí sé mar fhís ag an oileánach Colie Hernon go mbeadh seirbhís aeir ar fáil do mhuintir Árann go dtí an mórthír i 1970 agus bhunaigh sé fhéin, Ralph Langan agus Jimmy Coen an aerlíne.

Deich mbliana ina dhiaidh sin cheannaigh Tim Kilroe Aer Árann agus i 1991 chinn an comhlacht bogadh amach as Gaillimh agus aerfort a thógáil i gceantar na Mine i gConamara. Trí bliana ina dhiaidh sin, cheannaigh na fir ghnó Pádraig Ó Céidigh agus Eugene O’Kelly an comhlacht. Ó 2001 go dtí an lá inniu, ba é Pádraig Ó Céidigh a bhí i gceannas ar an chomhlacht, ach beidh fear gnó eile ina bhun feasta. Tá aithne mhaith ag pobal na heitleoireachta ar Jarlath Conneely mar go bhfuil 35 bliain caite aige ina phíolóta. Is ball de Chlub Eitleoireachta na Gaillimhe é agus is as Bóthar na Trá i nGaillimh ó dhúchas é.

Is iomaí conspóid atá tarraingthe ag an tseirbhís aeir le blianta beaga anuas.

In 2016, d’fhógair Pádraig Ó Céidigh go raibh sé le tarraingt siar as an chonradh a bhí aige leis an Roinn ach tháinig an dá thaobh ar shocrú ag an bhomaite deireanach. Bhí an tseirbhís i mbaol arís in 2018 agus in 2019.

Bhí caint go gcuirfí ingearán ar fáil do mhuintir Árann ach ní raibh siadsan sásta glacadh leis sin. Thagair an Roinn do sheirbhís ó Aerfort na Sionainne ach sa deireadh tháinig an dá thaobh ar shocrú go mbeadh an t-aerfort i seilbh na Roinne, rud a tharla ag deireadh 2019 nuair a dhíol an stát €2.75m air. Ach tháinig sé chun cinn mí Eanáir na bliana seo in eolas a scaoileadh chuig The Daily Mail faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, nárbh fhiú ach €600,000 é.

Ach chosain an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an praghas a díoladh. Dúradh go bhfuil an t-aerfort seo ríthábhachtach ó thaobh nasc taistil a choinneáil beo idir Oileáin Árann agus an mhórthír agus go raibh tábhacht straitéiseach ag baint leis.

Ag deireadh mhí Aibreáin deineadh cinneadh nach reáchtálfaí coláistí samhraidh i mbliana. Ba léir ón chomhairle dlí a fuair Roinn na Gaeltachta a scaoileadh chuig Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go raibh imní go bhféadfaí cás dlí a thabhairt in aghaidh na Roinne nó lucht stiúrtha na gColáistí nó fiú na dteaghlach agus na mban tí dá gcuirfí sláinte i mbaol trí scaipeadh an víris le linn do dhuine a bheith ag freastal ar chúrsa.

D’éiligh eagraíocht ionadaíochta na gcoláistí Gaeilge CONCOS, chomh maith le páirtithe an fhreasúra agus Conradh na Gaeilge go n-íocfaí cúiteamh leis na coláistí, agus pléadh an scéal sa Dáil. Dúradh gur fiú 50 milliún euro tionscal na gcoláistí Samhraidh do na ceantair Ghaeltachta chuile bhliain. Faoin phacáiste a fógraíodh mí Bealtaine bhí dhá thrian den airgead (€3.1m) cúitimh ag dul chuig na Coláistí Samhraidh agus trian amháin chuig na mná tí (€1.66m). Ní léir cén modh oibre a bhí ag an Roinn chun teacht ar an dáileadh seo.

Níorbh léir ó cháipéisí a tugadh do Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur deineadh cás láidir chuig Roinn na Gaeltachta chun cúiteamh a thabhairt do mhná tí as an ioncam a chaill siad de bharr nár reáchtáladh coláistí samhraidh i mbliana. Bhí CONCOS ag díriú den chuid is mó ar chúiteamh do na coláistí samhraidh agus ní léir go raibh éinne ag déanamh ionadaíochta ar leith ar na mná tí. Ní léir ach an oiread gur deineadh aon chás chun a gcaillteanas ioncaim a chúiteamh le seirbhísí tánaisteacha ar nós tiománaithe bus srl.

De réir na gcáipéisí lorg Roinn na Gaeltachta cead ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe scéim chúitimh a chur ar fáil don tionscail. Ach mhaígh an Roinn Caiteachais Phoiblí nach é gnó an státchiste cúiteamh a thabhairt do ghnóthaí tráchtála as ioncam atá caillte acu. Mhaígh Roinn na Gaeltachta, áfach, go raibh an baol ann go dteipfeadh ar chuid de na coláistí samhraidh. Mhaígh siad go raibh formhór na n-éarlaisí caite ag na coláistí i gcaitheamh na bliana ag réiteach do na cúrsaí, agus dá mbeadh orthu na héarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí go raibh baol go dteipfeadh ar chuid de na coláistí. Dúradh le Roinn na Gaeltachta nach gcuirfí aon tacaíocht bhreise ar fáil dóibh ón státchiste agus go gcaithfeadh go dtiocfadh an scéim chúitimh ó bhuiséad na Roinne féin. Agus thug an Roinn Caiteachais Phoiblí foláireamh nach bhféadfadh go mbeadh ‘deadweight supports’ ón Stát ar fáil do na coláistí agus go mbeadh orthu a chinntiú go mbeadh na héarlaisí uilig á n-íoc ar ais ina n-iomláine.

í baile beag Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe i lár an aonaigh i scéal mór coiriúlachta a tháinig chun cinn mí Feabhra. D’aimsigh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) luach breis is €50 milliún den chriptea-airgeadra Bitcoin i ruathar a deineadh ar theach de chuid mangaire drugaí i gCorr na Móna. Aimsíodh an Bitcoin i slat iascaireachta agus d’ordaigh an Ard-Chúirt do Clifton Collins é a thabhairt ar láimh. Ní thiocfadh leis é sin a dhéanamh mar go raibh códanna an Bitcoin dearmadta aige! Ba é seo an luach saothair ba mhó den chriptea-airgeadra a d’aimsigh CAB ariamh agus d’eascair sé ó fhiosrúchán a bhí ar bun maidir le díol agus soláthar drugaí dornán blianta ó shin. Ghabh na Gardaí seilbh mí Feabhra 2017 ar luach €450,000 de channabas i dteach fáis i bhFarnocht i gCorr na Móna a dúradh a bhí ‘an-sofaisticiúil go deo’.

Deineadh breis is 23,000 iarratas ar dhá phost samhraidh ar an Bhlascaod Mór chun cúraimí lóistín agus caifé a bhainistiú. Dúirt úinéirí an chaifé nach raibh aon choinne acu leis an spéis a léiríodh sa dá phost.

Dúirt Comharchumann Oileán Thoraí mí Feabhra go raibh siad iontach míshásta faoin easpa dul chun cinn atá déanta faoi bhád farantóireachta úr don oileán a gealladh dóibh níos mó ná dhá bhliain ó shin. Dúirt an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil siad ag obair ar chás gnó faoi théarmaí an Chóid um Chaiteachais Phoiblí ar mhaithe leis an togra seo a bhrú ar aghaidh chuig an chéad chéim eile.

Fógraíodh mí Eanáir fosta go raibh €2.7m ceadaithe chun foirgneamh atá díomhaoin le breis is 30 bliain i mBaile Bhuirne a fhorbairt. Táthar ag súil Coláiste Íosagáin a fhorbairt mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta. Dúirt Údarás na Gaeltachta, a cheannaigh an suíomh in 2002, go gcabhróidh an fhorbairt le 200 post nua a chruthú sa cheantar.

Mhaígh ceoltóir as Corca Dhuibhne go raibh sé sásta dhul chun príosúin ar mhaithe le daoine a bhfuil deacrachtaí acu cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. Bhí ordú tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoich teach soghluaiste ar leantóir leoraí a chuir sé ar thalamh a mhuintire a thabhairt as. Mhaígh Comhairle Chontae Chiarraí nach bhfuil an teach ag teacht leis an taobh tíre. Mí Mheán Fómhair cuireadh 235 cros bhán in airde i ngort i mBaile na bPoc chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa cheantar. Gníomh agóide a bhí sa saothar chun aird a tharraingt ar chás Uí Bheaglaoich. Bhí na crosanna ag seasamh don líon daoine a bhí ina gcónaí i mBaile na bPoc roimh an Ghorta Mór – 235 in 1841.

Níl fágtha inniu sa bhaile fearainn i bParóiste Mórdhach ach timpeall dosaen agus mhaígh Ó Beaglaoich go leanfadh sé dá fheachtas ar mhaithe lena chlann agus le daoine óga sa Ghaeltacht a ndiúltaítear cead pleanála dóibh ar a dtalamh féin. Fuair sé dea-scéala mí Dheireadh Fómhair, áfach, nuair a bronnadh cead pleanála air ar deireadh thiar thall.

Mí Aibreáin tugadh chun cuimhne bunú an stáisiúin bhradaigh Saor-Raidió Chonamara a thosaigh ag craoladh leathchéad bliain ó shin. Ba as carbhán i Ros Muc a bhí sé á chraoladh agus ba é an stáisiún seo a réitigh an bealach do bhunú RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá bhliain ina dhiaidh sin i 1972.

Léiríodh imní i Ráth Chairn faoin chead pleanála a tugadh d’fhorbairt ina mbeadh óstán 30 seomra agus 25 teach. Dúirt Comharchumann Ráth Chairn go rachaidh siad chomh fada leis an Ard-Chúirt chun cur i gcoinne na forbartha agus iad buartha go ndéanfadh a leithéid dochar mór don Ghaeilge mar theanga phobail sa bhaile beag Gaeltachta. Dúirt an Comharchumann gurb amhlaidh go ‘scriosfadh’ an fhorbairt ‘na hiarrachtaí’ a rinne muintir an cheantair ‘ó thús’ an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail. Mhol cigire ón Bhord Pleanála nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, fear gnó as an áit, mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don Ghaeilge agus mar go raibh amhras air faoi cé acu an mbeadh éileamh ar a leithéid. Ach chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%. Dúirt Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm. Dúirt Conradh na Gaeilge gur ‘léiriú eile’ a bhí ann gur cheart go mbeadh cumhachtaí pleanála sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta.

Cuireadh os cionn 40 aighneacht chuig Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge maidir le hiarratas pleanála a deineadh le 48 teach a thógáil i nGaeltacht na Rinne. Rinne daoine aonair, grúpaí pobail, Conradh na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta aighneachtaí faoin fhorbairt agus imní orthu faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt ar Ghaeltacht na Rinne.

Mí an Mheithimh rinne Gardaí sa Ghaillimh achainí eile ag lorg eolais faoi bhean atá ar iarraidh le cúig bliana déag agus fiche. 33 bliain d’aois a bhí Barbara Walsh nuair a d’imigh sí gan tásc gan tuairisc - as a tigh cónaithe i gCarna i gConamara i 1985. Dúirt na Gardaí go bhfuil seans anois le himeacht ama go mbeadh daoine sásta labhairt faoin méid atá ar eolas acu, rud nach raibh ar a gcumas a dhéanamh san am a caitheadh.

Sa Mheitheamh aimsíodh corp John Cunningham (53) a bhí ar iarraidh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne ar feadh seachtaine. Ba i gcuas faoin Dún Mór a tháinig na tumadóirí ar an chorp. Ba ghnách leis potaí gliomaigh a leagan sa chuas. Mí Iúil thángthas ar chorp i nGaeltacht Dhún na nGall sa chuardach a bhí ar bun d’Ann O’Donoghue (68) a chuaigh ar iarraidh in Anagaire tamall gairid roimhe sin. Iar-fhiaclóir ab ea Ann O’Donoghue agus bhí aithne mhór uirthi sa cheantar.
Fógraíodh ag tús mhí Iúil go raibh Liadh Ní Riada, an t-iarfheisire Eorpach de chuid Shinn Féin, ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht Mhúscraí. Bhí Liadh Ní Riada ina hiarrthóir sa toghchán deiridh Uachtaránachta. In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta dúirt sí nach bhfuil a fhios aici an bhfillfidh sí ar an pholaitíocht arís nó dá ndéanfadh an le Sinn Féin a rachadh sí nó an mbeadh sí neamhspleách.

Mí Iúil, chuir an grúpa Feachtas Bóithre Chonamara tús le hachainí ar líne le pobal na Gaeltachta a chlárú mar mhionlach eitneach. Mhaígh siad go gciallódh aitheantas dá leithéid mórchuid buntáistí do phobal na Gaeltachta.

Bhí ceiliúradh mór i gConamara mí Lúnasa nuair a aimsíodh beirt bhan a chuaigh ar iarraidh amach ó thrá na bhForbacha i gCuan na Gaillimhe slán sábháilte. Cúig uair an chloig déag ó thosaigh an cuardach don bheirt tháinig beirt iascairí as an Chladach orthu agus greim acu ar phota gliomach amach ó Inis Oírr. Ghabh muintir na beirte – Ellen Glynn agus Sara Feeney – buíochas ó chroí leis an phobal áitiúil agus leo siúd a bhí i mbun cuardaigh.

Deineadh comóradh mí Dheireadh Fómhair ar an scríbhneoir iomráiteach Gaeilge Máirtín Ó Cadhain a bhásaigh leathchéad bliain ó shin. Poblachtánach láidir a bhí ann a throid ar son cearta sibhialta do mhuintir na Gaeltachta.

Mí Dheireadh Fómhair léiríodh imní mhór ar fud na tíre mar nach raibh aon radharc ar dheilf an Daingin, Fungie, sa chuan. Níl tásc na tuairisc ar an deilf ó shin. Bhí cáil dhomhanda ar Fungie, a bhí le feiceáil i gCuan an Daingin, le beagnach dhá scór bliain.

Na Cúirteanna

Thug pobal na Gaeilge suntas ar leith don aitheasc a thug an breitheamh sinsearach Úna Ní Raifeartaigh mí Feabhra agus í ag seoladh leabhair leis an Dr Mary Phelan, Irish Speakers, Interpreters and the Courts 1754-1921.

Mhaígh an Breitheamh Ní Raifeartaigh gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn agus a mbíonn seirbhísí aistriúcháin ag teastáil uathu ná mar a chaitear le himircigh.

Sa bhreis air sin, mhaígh an Breitheamh Ní Raifeartaigh go bhféadfadh sé go raibh baint ag neamhshuim an Stáit agus na gcúirteanna sa Ghaeilge leis an sórt díothú teanga nó ‘lingua-cide’, a bhfuil dochar as cuimse déanta aige “d’anam na tíre seo”. Dúirt sí fosta go bhfuil daoine ann a chreideann nach bhfuil ó Ghaeilgeoirí ach am agus acmhainní na cúirte a chur amú agus iad ag iarraidh ciontú a sheachaint. Cháin an Breitheamh caighdeán an aistriúcháin a bhíonn ar fáil i gcúirteanna na hÉireann faoi láthair .

Mí Iúil glacadh dúshlán cúirte san Ard-Chúirt in aghaidh cinneadh a rinne na Roinne Oideachais gan cead a thabhairt Gaelcholáiste a bhunú ar shuíomh de chuid an stáit i gCrois Araild i mBaile Átha Cliath don scoilbhliain 2020/2021. Ghlac beirt tuismitheoirí a bhí ag iarraidh go rachadh a bpáistí chuig Gaelcholáiste, mar aon le Glór Mológa, grúpa tuismitheoirí Gaelscoile sa cheantar, agus an An Foras Pátrúnachta an cás in aghaidh an Aire Oideachais agus an Ard-Aighne. Mhaígh Caitríona Uí Lochlainn agus Christine Ní Chiardubhán go raibh a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil Mológa agus gur sárú ar a gcearta teanga agus a gcearta mar thuismitheoirí a bhí sa chinneadh a d’fhág nach mbeadh deis ann na páistí a chur go dtí Gaelcholáiste sa cheantar. Socraíodh an cás taobh amuigh den chúirt cás agus tá na téarmaí a bhain leis an chomhréiteach faoi rún de réir an tsocraithe a rinneadh.

Údarás na Gaeltachta

De réir tuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta a foilsíodh mí Eanáir, tá fostaíocht ina gcuid cliantchomhlachtaí ag an leibhéal is airde ó 2008. Glanmhéadú 219 post a chruthaigh an tÚdarás anuraidh de réir ráiteas deireadh bliana na heagraíochta. Dúirt a bPríomhfheidhmeannach, Mícheál Ó hÉanaigh go dteastódh buiséad caipitil €16m ón Údarás lena gcuid oibre a dhéanamh go sásúil - méadú 60% ar a mbuiséad reatha. Mar a tharlaíonn sé, gheall iarAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, le linn an fheachtais toghchánaíochta go ndéanfaí maoiniú Údarás na Gaeltachta a dhúbailt chun cuidiú le comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht uathu.

De réir mhiontuairiscí Bhord an Údaráis a fuair Tuairisc.ie ag tús na bliana, shocraigh an eagraíocht gan glacadh le moladh go ndéanfaí ‘Bliain na Gaeltachta’ a cheiliúradh in 2020. Moladh ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta anuraidh go ndéanfaí ‘Bliain na Gaeltachta’ de 2020, daichead bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta ach cinneadh gan dul ar aghaidh leis an phlean.

Mí Iúil tháinig sé chun cinn gur i mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta i dtaobh Pháirc na Mara i gConamara, ceann de na tograí is mó i stair na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga. Cuireadh an t-iarratas don pháirc thionscail mhara atá le bunú i gCill Chiaraín faoi bhráid na Rannóige Pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe mí an Mheithimh ach ba i mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála. Comhairleoirí seachtracha a chuir an t-iarratas i mBéarla i dtoll a chéile don eagraíocht agus tá athbhreithniú le déanamh ar chóras an Údaráis maidir le fostú comhairleoirí lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Ghéill an tÚdarás ‘gur chóir treoir shonrach’ a bheith tugtha do na comhairleoirí an t-iarratas pleanála a dhéanamh i nGaeilge.

D’fhógair an Rialtas go rabhthas chun €8 milliún breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den phacáiste spreagtha post a fógraíodh mí Iúil.
Bhí €1m breise le cur ar fáil do na hoileáin fosta, maoiniú a chaithfear ar fhorbairt chéibh Inis Oírr agus Aerfort na Mine.

Beidh comhlachtaí atá faoi scáth Údarás na Gaeltachta i gcontúirt níos mó ná comhlachtaí i gceantair eile mura dtiocfar ar shocrú cinnte maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. B’in é an t-adhmad a bhí le baint as athbhreithniú caiteachais a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí mí na Samhna. Deirtear go bhfuil comhlachtaí Gaeltachta ag brath an oiread sin ar an Bhreatain mar mhargadh easpórtála agus mar fhoinse do bhunábhar dá gcuid táirgíochta.

Cúrsaí Oideachais

Bhí moladh a rinne Gréasán Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) go gcuirfí ar leataobh an riachtanas Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile ina ábhar spairne san Earrach. Mhol an IPPN ag a gcomhdháil bhliantúil go gcuirfí ‘ar fionraí’ an riachtanas Gaeilge siocair go raibh ganntanas mór múinteoirí ann. Faoi láthair is gá d’oidí bunscoile nua ar a laghad grád H4, idir 60-69%, a fháil sa Ghaeilge san Ardteist nó ina mhacasamhail de scrúdú. Mhol an IPPN go dtabharfaí cead ar bhonn sealadach do mhúinteoirí a cáilíodh lasmuigh den Stát agus nach bhfuil aon Ghaeilge acu múineadh i ranganna bunscoile. Ach dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, nach raibh aon chiall leis an áitiú go bhfuil baint ag an riachtanas Gaeilge leis an nganntanas múinteoirí. Dúirt sí fosta go mbeadh moladh an IPPN ‘do-oibrithe’.

Dúirt sí go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag an moladh seo cionn is nach mbeadh ar a gcumas ag múinteoirí áirithe curaclam an stáit a theagasc. Bheadh sé níos tromchúisí anois, dar léi, ó tharla go bhfuil curaclam comhtháite teanga againn agus an Ghaeilge agus an Béarla á dteagasc ar bhealach a dhéanann scileanna a aistriú idir an dá theanga.

Mí Feabhra, d’fhógair Gaeloideachas go rabhthas le Cairt Náisiúnta Teanga a fhorbairt faoina dtabharfadh tuismitheoirí agus daltaí gaelscoile geallúint maidir le labhairt na Gaeilge. Comhaontú a bheas sa chairt idir tuismitheoirí, daltaí agus scoileanna faoi labhairt na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga. Bheadh an Chairt Náisiúnta Teanga bunaithe ar chóras atá i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.

Mí Aibreáin léirigh feachtasóirí teanga míshástacht faoin scéala nár foilsíodh i nGaeilge acmhainní oideachais do dhaoine óga ó thuaidh, acmhainní a foilsíodh in aon teanga dhéag eile, ina measc Araibis, Coirdis agus Slóvaicis. Dúradh go raibh ‘faillí mhillteanach’ déanta ar pháistí Gaelscoile ó thuaidh.

Mhaígh tuarascáil a foilsíodh sa Bhealtaine nach n-éiríonn chomh maith céanna le daltaí a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge sa choláiste i gcomparáid le daltaí eile ar an gcúrsa a fuair na pointí Ardteiste céanna. Dúradh sa tuarascáil, a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-Oideachas, go bhfuil seans níos mó ann nach gcríochnóidh siad a gcúrsa céime sa choláiste agus go bhfuil seans níos lú ann go bhfaighidh siad céim d’ardchaighdeán. D’fhéadfadh gur toisc go bhfaigheann daltaí a dhéanann an Ardteist trí Ghaeilge pointí bónais agus dá bharr nach gcruthaíonn siad chomh maith sa choláiste le daltaí eile a fuair na pointí ceannann céanna leo, a dúradh sa tuarascáil

Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais mí Meán Fómhair go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ó staidéar na Gaeilge. Tugadh isteach córas nua díolúintí mí Meán Fómhair anuraidh, córas a dúirt an tAire Oideachais ag an am, Joe McHugh a chinnteodh go mbeadh líon níos lú díolúintí á gceadú. Ach sa scoilbhliain atá díreach caite fuair 734 dalta Ardteiste díolúine ón Ghaeilge sa bhliain dheireanach dá gcuid scolaíochta i gcomparáid le 577 dalta an bhliain roimhe sin.


Na Meáin

Mí Feabhra ghabh an craoltóir Stephen Nolan leithscéal faoin dóigh ar chaith sé le ceist na Gaeilge ar a chlár teilifíse ar an BBC sé bliana roimhe sin. Bhí an Seanadóir Niall Ó Donnghaile (SF), faoi agallamh aige ar Nolan Live agus mheas seisean gur léirigh an láithreoir teilifíse dímheas ar phobal na Gaeilge. San agallamh d’fhiafraigh Nolan arís agus arís eile den Donnghaileach ar chúis ghrinn é ‘curry my yoghurt can coca cola’, an ráiteas conspóideach a rinne Gregory Campbell ón DUP roinnt blianta ó shin agus é ag scigmhagadh faoin Ghaeilge i gcomhthionól an Tuaiscirt. Chuir na mílte daoine a síniú le hachainí ar líne go ngabhfadh Nolan leithscéal poiblí faoin scéal. D’admhaigh Nolan nár láimhseáil sé an t-agallamh mar is ceart agus ghlac an Seanadóir Ó Donnghaile lena leithscéal.

Mí Iúil d’éirigh duine de na craoltóirí b’aitheanta ar Raidió na Gaeltachta as a dualgais. Ba í Áine Ní Churráin an guth a chuala lucht éisteachta an stáisiúin ar an irischlár áitiúil, Barrscéalta, gach maidin ar a 11am ó bhí 1996 ann agus daichead bliain san iomlán caite aici leis an stáisiún. D’fhógair an craoltóir aitheanta, Máirtín Tom Sheáinín mí Lúnasa go raibh sé ag éirí as a phost. Chuir sé a chlár deireanach i láthair ó cheannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla ag tús mí na Samhna. Bhí 31 bliain caite aige i mbun na craoltóireachta.

An mhí chéanna tugadh aitheantas ar leith do shaol agus do shaothar Mhichíl Uí Mhuircheartaigh a bhí ag ceiliúradh a bhreithlá nócha bliain.

Tharraing gradam cumarsáide úr de chuid an Oireachtais go leor cainte i rith an tsamhraidh. D’fhógair an tOireachtas go mbeifí ag bronnadh an gradam ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’, le haitheantas a thabhairt do chraoltóirí ‘as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte’. Dúirt an léachtóir Norita Ní Chartúir le Tuairisc.ie go bhfuil sé ‘truamhéalach ach réalaíoch’ go bhfuil a leithéid de ghradam ag teastáil chun aitheantas a thabhairt do shárchraoltóirí Gaeilge.

Chuir Tomás Ó Monacháin a mhíshástacht in iúl nach gcuireann TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann fotheidil Ghaeilge le píosaí cainte i mBéarla ar chláracha atá go príomha i nGaeilge. Níor ghlac an tUasal Ó Monacháin páirt i gclár mar nach mbeadh fo-theidil Gaeilge le píosaí cainte Béarla ar bith a bheadh sa chlár. Iarradh air páirt a ghlacadh ar chlár faoin Ghaeilge i mBéal Feirste le leathchéad bliain anuas. I gcomhfhreagras leis an chomhlacht dúirt an tUasal Ó Monacháin go nglacfadh sé páirt sa chlár dá ndéanfaí fotheidil Ghaeilge a chur le haon phíosa cainte Béarla a bheadh ar an chlár ach ní bhfuair sé aon sásamh.

Bhain conspóid le heagrán den chlár 7Lá a craoladh mí Meán Fómhair mar gheall ar t-léine chonspóideach a bhí á caitheamh ag Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, Comhairleoir Contae as Gaeltacht Dhún na nGall. ‘Our day will come’ agus íomhá de bheirt agus gunnaí agus bratacha na hÉireann agus na Palaistíne á n-iompar go caithréimeach acu a bhí le feiceáil ar an T-léine. Bhí ‘Tiocfaidh ár Lá’ agus leagan Araibise den mhana céanna i litreacha níos lú ar an T-Léine chomh maith.

Fógraíodh mí Meán Fómhair nach mbeadh aon nuacht i nGaeilge le cloisteáil san oíche ar RTÉ Raidió a hAon ná ar RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta de bharr ‘brú ar acmhainní foirne; sa stáisiún.

Mí Dheireadh Fómhair, dhiúltaigh Ombudsman an Phreasa do ghearán a rinneadh faoi cholún nuachtáin inar maíodh gurb é a bhí sa Ghaeltacht go bunúsach ná campa gnéis a bhunaigh Éamon de Valera. ‘The Gaeltacht was basically a sex camp established by Éamon de Valera; an cheannlíne a bhí ar an alt leis an iriseoir agus údar aitheanta, Patrick Freyne a foilsíodh ar an Irish Times mí an Mheithimh. Dúirt an té a rinne an gearán gur chuir an t-alt ‘déistin’ uirthi agus mhaígh sí gur ionsaí ‘maslach’ agus ‘díspeagúil’ a bhí ann ar choláistí samhraidh na Gaeltachta agus ar theagasc ‘chéad teanga oifigiúil na hÉireann’. Ach mhaígh Ombudsman an Phreasa gur thagair ceannlíne an ailt do chomparáid ‘spraíúil’ idir an clár teilifíse réaltachta First Dates Hotel agus na turais a thugann déagóirí na hÉireann ar choláistí samhraidh. Mhaígh an nuachtán gur mír ghrinn a bhí ann.

Na hEalaíona

Cuireadh an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain i gcló ag deireadh mhí Iúil. 1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary agus dúirt an Príomh-Eagarthóir Pádraig Ó Mianáin go bhfuil 30,000 ceannfhocal ann. Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne. Togra de chuid Fhoras na Gaeilge é an foclóir, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959. Sheol an tUachtarán Michael D Higgins an togra go hoifigiúil mar chuid d’Oireachtas na Samhna.

Mí Bealtaine fógraíodh go raibh an t-údar Áine Ní Ghlinn ainmnithe ina Laureate na nÓg go ceann dhá bhliain. Sí Áine an chéad údar nach scríobhann ach i nGaeilge amháin a fuair an post seo. Tá 26 leabhar scríofa ag Áine do pháistí - ina measc scéalta agus úrscéalta do gach aoisghrúpa chomh maith le filíocht agus drámaí.

Mí Bealtaine fosta fógraíodh go raibh gradam ‘Leabhar na Bliana’ buaite ag Nóinín le Máire Zepf ag na mórghradaim litríochta do pháistí ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’. Thug na moltóirí moladh mór do Nóinín, rannscéal Gaeilge a d’fhoilsigh Cois Life, faoi chailín cúthail sna déaga a chasann le fear óg ar líne. Lena chois sin, bronnadh Gradam Eilís Dillon ar an maisitheoir Kim Sharkey dá saothar Mór agus Muilc, scéal béaloidis ón Chonallach John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla a d’fhoilsigh Éabhlóid. Bhíothas ag ceiliúradh i nGaoth Dobhair mí na Samhna tráth ar fógraíodh go raibh an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards.

Fógraíodh mí an Mheithimh go raibh Oireachtas na Samhna curtha ar ceal. Dúirt an lucht eagraithe gur dúshlán rómhór a bheadh ann an fhéile a reáchtáil i bhfianaise na rialachán ar fad atá i bhfeidhm maidir le scaradh sóisialta de bharr an choróinvíris. Bhí sé in ainm is a bheith ar siúl mar chuid de Ghaillimh 2020. Ní gan dua ná doicheall a glacadh an cinneadh seo, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Bhí leagan fíorúil den fhéile ar siúl san fhómhair.

Ba ar bhean óg as Gaeltacht Chonamara a bronnadh an phríomhdhuais sa chomórtas Aistritheoirí Óga 2020. Ba é an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann a d’eagraigh an comórtas agus ba í Bláthnaid Ní Fhátharta as Coláiste na bPiarsach i Ros Muc a bhuaigh an duais mhór don saothar aistriúcháin is fearr.

Ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann i gContae na Gaillimhe mí Lúnasa cuireadh dráma ar siúl a bhí giota beag difriúil ón ngnáthléiriú stáitse a chífí i halla amharclainne. Bhí an-ráchairt go deo ar Fiach a chuir an compántas Fíbín Teoranta ar bun agus bhí an slua féachana suite ina gcuid gluaisteán i gcarrchlós.

Chaith Saineolaithe ó Ollscoil na Ríona agus ó chomhlacht íomhánna as Baile Átha Cliath dhá lá i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall san Fhómhair chun samhail thríthoiseach a chruthú de chreatlach Bhád Eddie. Chuaigh bád Eddie i bhfostú ar thrá Mhachaire Chlochair i 1977. Tá togra ar bun ag coiste áitiúil chun dealbh den bhád a thógáil ar an trá.

Tháinig sé chun solais mí Meán Fómhair, go raibh fiosrú ar bun ag na ceantálaithe Adams i mBaile Átha Cliath de thoradh iniúchadh a rinne Tuairisc.ie faoi litir Ghaeilge a scríobh Pádraig Mac Piarais agus a díoladh ar ceant mí Lúnasa ar bhreis is €5,000. Léirigh Tuairisc.ie go raibh i bhfad níos mó ná cóip amháin di ann. Dúradh agus an litir á díol gur chuig an seanchaí as Maigh Eo, Micheál Mac Ruaidhrí, a sheol an Piarsach í, ach dheimhnigh Tuairisc.ie gur chuig Colm Ó Gaora, údar agus poblachtánach as Ros Muc i gConamara, a seoladh í. Nuair a lean Tuairisc.ie den iniúchadh fuarthas amach go raibh roinnt cóipeanna eile den litir ar fáil agus go raibh ceann i seilbh Mhúsaem Poiblí Chorcaí agus ceann eile ag Músaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.

Mí Dheireadh Fómhair fógraíodh go raibh ceann de leabhair mhóra na hÉireann bronnta ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhronn Iontaobhaithe Chatsworth i Sasana Leabhar Leasa Móir a scríobhadh i dtreo dheireadh an cúigiú haois déag ar an Choláiste. I gCill Bhriotáin, in iarthar Chorcaí, a scríobhadh an lámhscríbhinn d’Fhínghin Mac Cárthaigh, Tiarna Chairbre. Tá roinnt mhaith mórthéacsaí ann, cuid acu a bhaineann le dúchas na nGael, cuid eile ar aistriúcháin iad ar litríocht chomhaimseartha na hEorpa, agus ar léiriú iad ar an nasc idir iarthar Chorcaí agus traidisiúin na hEorpa an tráth sin. Aistríodh an Leabhar ón Lios Mór go Teach Chatsworth sa mbliain 1914 nó gur bhronn diúc Devonshire Andrew Cavendish agus an bandiúc Deborah - nach maireann - an leabhar ar Ollscoil Chorcaí. Duine de sheisear deirfiúracha Mitford ab ea an Bandiúc Deborah.

Mí na Samhna bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Thomás Mac Eoin mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige don teanga agus don chultúr.

D’fhógair An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, mí na Samhna go dtabharfaí riaradh na hamharclainne do chomhlacht ón taobh amuigh. Beidh ar an dream a mbronnfar an conradh trí bliana orthu clár ealaíon Gaeilge a leagan amach agus a chur i bhfeidhm chomh maith leis an amharclann a bhainistiú.

Mí na Samhna fógraíodh go raibh Arracht, an príomhscannán Gaeilge a d’eascair as tionscnamh Cine4 roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na gradaim Oscar sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Biro dearg na Breataine

Is dócha go gcaithfí an gradam don scéal is áiféisí i mbliana a bhronnadh ar thuairisc a bhí ag an Irish Times ag tús na bliana. De réir na tuairisce sin, bhí caighdeán Gaeilge chomh maith sin ag lucht cúléisteachta sheirbhísí rúnda na Breataine go mbíodh siad ag ceartú faisnéis ó thaidhleoirí na hÉireann le linn tréimhse chorrach na n-ochtóidí. Ba mhinic do thaidhleoirí na tíre seo labhairt le chéile i nGaeilge nuair a bhíodh cúrsaí leochaileacha an Tuaiscirt faoi chaibidil acu. Bhí a fhios acu, áfach, go mbíodh fórsaí cosanta na Breataine ag cúléisteacht leo go tráthrialta. Is cosúil go raibh cainteoirí Gaeilge fostaithe ag an Bhreatain le tabhairt faoin chúram seo. Dúirt Michael Lillis, taidhleoir a raibh baint lárnach aige leis an Rúnaíocht Angla-Éireannach, gur chuir sé leagan Gaeilge den Chomhaontú Angla-Éireannach chuig taidhleoir sa Bhreatain agus go ndearna lucht na Breataine ceartúchán ar an téacs. Ach ní raibh na hÉireannaigh chomh dúr is a measadh mar dar le Lillis, bhaintí úsáid as an Ghaeilge nuair a bhí taidhleoirí na hÉireann ag iarraidh aird na mBriotanach a tharraingt ar theachtaireachtaí ar leith!

Gaeil ar Lár

Seán Máirtín Bácaoir
Gníomhaí Pobail

Pádraig Bailey
Bádóir

Michael Coyne
Iarthrodaí i gCogadh Vítneam

Seán Creaven
Iarbhall de bhord Údarás
na Gaeltachta

Tomás de Bhailís
Saor cloiche, An Cheathrú Rua

Pat Feirtéar
Cumann Lúthchleas Gael

Paddy Fitzpatrick
Fear a’ hata, Conamara

John Gleeson
Milwaukee

Tom Kelly
Iriseoir

An tSiúr Margaret McCurtain
Staraí

Patsy Mac Suibhne
Múinteoir agus scríbhneoir,
Ard an Rátha

Aoife Ní Riain
Béal Feirste

Fiontán Ó Bruadair
Bóthar Seoighe

Tom O’Donnell
iarAire Gaeltachta

Colmán Ó Flatharta
Cóitseálaí dornálaíochta
i gConamara

Breandán Ó Madagáin
iarOllamh le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe

Tomás Ó Mearraí
Cairde Rinceoirí Céilí na hÉireann

An tAthair Pádraig
Ó Murchú

Iarthar Dhuibhneach
agus an Chóiré Theas

Joe Steve Ó Neachtain
Údar, drámadóir agus aisteoir

Tim Robinson
Cairteolaí agus scríbhneoir

Seán Stafford
Taibhdhearc na Gaillimhe

An tOllamh Hildegard
L.C. Tristram
, scoláire Sean-Ghaeilge.

Bairbre Uí Ghuairim
Múinteoir, Carna