Biden ar thóir leighis

Biden ar thóir leighis

Beidh dóthain le déanamh ag Joe Biden déileáil leis na fadhbanna a chruthaigh Donald Trump, a deir Máirín Ní Ghadhra

Céard a dhéanfaidh muid feasta gan Donald Trump? Ceann de na chéad eachtraí móra sa saol idirnáisiúnta in 2021 ab é insealbhú an Uachtaráin Joe Biden ar an 20 Eanáir.

Níl aon amhras gur cneasú an chaidrimh idirnáisiúnta le comhghuaillithe na Stát Aontaithe agus leigheas na scoilte ag baile i ndiaidh Trump an obair mhór a bheidh le déanamh ag réimeas Joe Biden agus Kamala Harris ar dtús. Seachas bheith ag brú gaoil ar Vladimir Putin sa Rúis agus Kim Jong Un sa gCóiré Thuaidh is beag taidhleoireacht idirnáisiúnta a rinne Donald Trump. Más tada is dochar a rinne sé ag síorcháineadh comhghuallaithe agus comhghuaillíochtaí. Beimid ag tnúth faoi Uachtaránacht Biden le Stáit Aontaithe Mheiriceá a bheith ag glacadh páirte arís i gComhaontú Phárais faoin athrú aeráide agus san eagraíocht Shláinte Domhanda. Déanfar iarracht an caidreamh le NATO a neartú in athuair. Bíodh sin mar atá tuigeann Biden a chaith blianta mar Sheanadóir ag plé le cúrsaí gnóthaí eachtracha nach bhfuil sé inmholta athruithe ró-mhór ná ró thobann a dhéanamh i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ní dóigh, dá réir sin, go bhfeicfear aon athrú mór poiblí ar pholasaí na Stát Aontaithe go ceann tamaill.

Cúis eile leis sin, ar ndóigh an scrios atá déanta ag Covid-19 agus an obair mhór atá le déanamh sna Stát Aontaithe leis an víreas a cheansú agus vacsaín a dháileadh chomh forleathan agus is féidir. Tá liosta fada dúshlán le sárú sa mbaile ag Biden idir bochtanas, dífhostaíocht agus teannas idirchiníoch, gan trácht ar an scoilt mhór atá sa phobal de bharr fheachtas Trump i gcoinne thoradh an toghcháin, feachtas a chríochnaigh an mhí seo le drong ag déanamh ruathair ar an gCaipeatól agus le táinseamh Trump den dara huair.

Caithfidh Biden freisin aghaidh a thabhairt ar an ngeallúint a thug sé gur Uachtarán do phobal na tíre ar fad a bheidh ann. Cén chaoi an rachaidh sé i ngleic leis an mbeagnach 75 milliún duine a thug vóta do Donald Trump, cuid acu a chreideann fós a bhréaga faoi ghoid an toghcháin? An mbeidh ar chumas Biden aon chuid den deighilt sna Stát Aontaithe a leigheas?

Níos gaire do bhaile atá na hathruithe is suntasaí i ndán dúinn i mbliana. Tá margadh déanta anois idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain agus socruithe nua trádála san Eoraip dá bharr. Le sé mhí anuas is iad an Ghearmáin a bhí mar uachtaráin ar Chomhairle na nAirí agus sáite san idirbheartaíocht in éineacht le foireann an Aontais.

Ag an bPortaingéil a atá an t-uachtaránacht as seo go ceann sé mhí agus is ar a gcrann a thitfidh sé an socrú atá déanta a chur i bhfeidhm. I measc na ndúshlán eile a bheidh le sárú acu tá an bhagairt leanúnach ó Covid-19 agus córas dáilithe an vacsaín.

Beidh aghaidh le tabhairt freisin ar an téarnamh eacnamaíochta agus an tubaiste dífhostaíochta. Beidh sin ar fad ag tárlú agus teannas i mballstáit ar cholbha thoir an Aontais, amhail an Pholainn agus an Ungáir, faoi chur i bhfeidhm dlithe an Aontais. Cuirfidh an teannas céanna leis an díospóireacht in áiteacha cosúil leis an bPolainn faoin tairbhe, más ann dó, a bhaineann le bheith i do bhall d’Aontas a mbíonn an oiread deacrachtaí acu teacht ar réiteach.

Ós ag caint ar an nGearmáin mé ( féach thuas) beidh Angela Merkel ag eirí as mar Sheansiléar ar an nGearmáin i mbliana. Tá olltoghchán le bheith sa tír ag deireadh mhí Meán Fómhair. Athrú mór don Eoraip agus don Aontas is ea imeacht Merkel. Tá sí i gcumhacht ó 1995, duine de na ceannairí polaitiúla is faide ré san Eoraip. Is minic a dúradh gurbh í ceannasaí de facto an Aontais Eorpaigh go háirithe le linn na géarchéime airgeadais agus na mbagairtí don Euro. An cuimhin libh Merkozy? Bhí an seasamh a ghlac sí i leith na dteifeach as an tSiria cinniúnach chomh maith nuair nár theastaigh ó go leor tíortha ach na teorainneacha a dhúnadh. Cuireadh an chomhdháil lena comharba mar cheannaire ar an CDU ar atráth faoi dhó cheana ach bhí sí le reachtáil an mhí seo.

Béal dorais sa bhFrainc beidh tús dá chur i mbliana freisin leis an bhfeachtas do thoghchán uachtaránachta i mí Aibreáin 2022. Tabharfaidh na toghcháin réigiúnacha i mí Márta i mbliana (ag brath ar Covid ) léargas ar staid na bpáirtithe. Rinne páirtí nuabhunaithe Emmanuel Macron, La République en Marche, scrios ar na páirtithe traidisiúnta, na Sóisialaigh agus na Pobltachtánaigh, sa toghchán in 2017. Ainneoin an méid sin tá bunús láidir ag na páirtithe sin go háitiúil agus is deacair a thomhais i gcónaí cé chomh maith agus a eireoidh le Marine Le Pen agus an Rassemblement National (Front National mar a bhíodh). Tá tacaíocht láidir ag an bpáirtí in áiteacha sa tír ach cuireann siad déistean ar go leor freisin. Tá corraíl go leor feicthe ag an bhFrainc le tamall de bhlianta idir ionsaithe sceimhlitheoireachta agus agóidíocht ar na sráideanna ag na gilets jaunes.

Beidh le feiceáil an bhfuil an draíocht chéanna fós ag baint le Emmanuel Macron in 2021 agus a bhí in 2017.

San oileán in aice linn leanfar leis an gcorraíl a thosaigh mí an Mheithimh 2016. Níl aon chinnteacht go fóill faoin mbealach go bhfeidhmeoidh an Bhreatain agus í neamhspleách ar fáil an Aontas Eorpach. Smacht ar dhlithe, teorainneacha agus farraigí an aidhm a bhí leis an rud ar fad, dar leo siúd a thacaigh leis an mBreatimeacht. Léiríodh le roinnt seachtainí dúinn go mbíonn smacht ar theorainneacha achrannach ó thráth go chéile. Fágadh an Bhreatain ina cadhain aonair ar feadh cúpla lá nuair a tháinig an phóir nua den víreas chun solais agus shamhlófá go mbeidh a leithéid ag tarlú ar bhonn níos rialta feasta.

Tá an baol ann gur dochar fadthéarmach agus scrios ar an Ríocht Aontaithe a bheidh i gceist sa deireadh. Fág cás na hÉireann ar leataobh faoi láthair. Breathnaímís ar Albain. Tá toghcháin do phairlimint Dhún Éideann le reachtáil ag tús na Bealtaine. Tá tacaíocht don neamhspleáchas ag méadú go leanúnach anois le roinnt míonna. Tá sé tugtha le fios ag an gCéad Aire Nicola Sturgeon nach féidir reifreann eile ar an gceist a cheilt ar phobal na hAlban cé go ndeir Boris Johnson nach gceadóidh sé a leithéid. Is le lucht an rialtais i Londain reifreann a cheadú faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm. Ná bíodh amhras ar bith orainn faoin gceist is mó a bheidh dá plé le linn an fheachtais. Cuirfidh pé tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar chúrsaí trádála agus iascaireachta tuilleadh leis na hargóintí gur le hAlbain bheith i gceannas ar a cinniúint féin.

Níl insint scéil ar an ngéarchéim a chothóidh díospóireacht den tsaghas seo don Bhreatain. Beidh an Príomh-Aire a tháinig i dtír ar an náisiúnachas i Sasana ag iarraidh neamhspleáchas a cheilt ar thír a bhfuil feachtas láidir inti le blianta fada. Beidh sé ag an am céanna ag iarraidh neamhaird a dhéanamh ar aon éileamh a thagann ón mBreatain Bheag. Sin gan trácht ar chás na tíre seo!

Is cuma cén iarracht a dhéanann tú réamhfhéachaint a thabhairt ar 2021 tá ceist mhór amháin nach féidir a sheacaint - Covid-19 agus a thionchar ar an domhan. I mí Eanáir anuraidh a tharla an chéad mhór-dhainghlasáil i Wuhan na Síne. Cé go bhfuil vacsaíní ag teacht lá i ndiadh lae tá múnlaí nua den ghalar ag teacht chun cinn freisin. Beidh an domhan agus a cuid eachtraí sáinnithe ag an ngalar go ceann tamaill fós. Ní féidir tomhais cén fhad go mbeidh dóthain vacsaíní ar fáil agus cén fhad a thógfaidh sé iad a dháileadh.

Deir an WHO go mb’fhéidir go mbeidh bliain go leith eile sula mbeidh muintir na dtíortha is boichte imdhíonaithe. Go dtí sin beidh an víreas ag dul ó dhuine go duine agus ó thír go tír. Tá thart ar dhá mhilliún duine maraithe aige. Sin an cath domhanda atá le troid go fóill.