Foclóir 2020

Cathal Mac Coille
Foclóir 2020

Bronnadh go leor téarmaí agus tuiscintí aisteacha nua orainn i mbliana, a deir Cathal Mac Coille

Tagann idir théarmaí nua agus tuiscintí nua ar sheantéarmaí chun cinn gach bliain agus bhí an scéal amhlaidh arís i mbliana. Is ag an víreas corónach a bhí an tionchar is mó ar bhéarlagair na bpolaiteoirí agus na meán agus ar chaint na ndaoine.

Tá béim curtha sa liosta eatramhach focal seo ar théarmaí nua (‘dianghlasáil’ mar shampla) agus ar théarmaí agus ar choincheapa atá i mbéal an phobail le fada ach ar baineadh ciall nua astu in 2020. Tá corrthagairt ann do ráitis nach n-oireann mar chur síos orthu dáiríre ach focal amháin: raiméis.

APRÈS-GALF - Bia, deoch agus caidreamh tar éis galfchomórtais. Drochsmaoineamh nuair a bhíonn paindéim i dtír, mar is eol don iar-aire Dara Calleary agus don iarChoimisinéir Phil Hogan (féach ‘SCÉAL IOMLÁN’ thíos). Cuirtear caighdeán iompair níos ísle i bhfeidhm i gcás breithimh (féach TÁINSEAMH thíos).

AS LÁTHAIR - Gan a bheith san áit ina mbíonn duine de ghnáth, fearacht gach duine a chuaigh i dtaithí ar obair sa bhaile ó Mhárta na bliana. Malairt saoil agus ionaid nach mbeidh fonn ar chuid acu a athrú tar éis na paindéime.

BEIDH - B’fhéidir go mbeidh, más ó bhéal polaiteora a chloistear an briathar seo. Mar shampla den chaint bhreá agus droch-chomhlíonadh a chualathas le bliain, féach ‘RIANÚ’ thíos.

BUNOSCIONN - Cur síos a thuilleann caint pholaitiúil gan bhrí, nó gan náire, toisc go gcuirtear gnáthchaighdeán as a riocht nó i leataobh. Mar a rinne státrúnaí na Breataine sa Tuaisceart Brandon Lewis i mí Mheán Fómhair nuair a d’admhaigh sé go sáródh reachtaíocht Bhriotanach nua an dlí idirnáisiúnta agus conradh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe go háirithe. Neartaigh a ráiteas agus an reachtaíocht a amhras agus mímhuinín i dtíortha eile.

CLUTHARÚ nó COCÚNÚ - neadú nó dul ar foscadh ón víreas corónach, mar a mhol an rialtas do dhaoine os cionn 70 a dhéanamh, chomh maith le daoine eile a raibh easpa imdhíonachta orthu, le linn na chéad tréimhse dianghlasála (féach DIANGHLASÁIL thíos). Ní raibh tagairt d’íosteorainn aoise i dtreoracha an dara tréimhse a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair, ach ní raibh treoir ná comhairle dá leithéid riachtanach faoin am sin. Tá go leor daoine ag fanacht sa bhaile ó tháinig an víreas.

COMHOIBRIÚ TRASTEORANN
- Cuidiú le chéile thar teorainn, mar a moladh, mar a pléadh agus mar a fógraíodh go minic le deich mí. Is follasaí fós an easpa ná an éifeacht.

COSC AR MHÉADÚ CÍOSA - Beartas a mhol Sinn Féin agus páirtithe eile ar feadh tamaill roimh an bpaindéim ach nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm, dar leis an rialtas, toisc go sáródh ‘reo cíosanna’ an Bunreacht. Léirigh an cosc a fógraíodh i mí an Mhárta arís gur féidir brath ar an leas coiteann chun polasaí a theastaíonn go géar a chur i gcrích.

DIANGHLASÁIL - Cosc a chuirtear nó a mholtar ar ghnáthshaol na tíre d’fhonn bac a chur ar leathadh víris agus d’fhonn deis a thabhairt do na húdaráis dlús a chur lena gcur chuige ina choinne. Rud nach ndearnadh faraor.

ÉIGINNTEACHT - Doiléire, míshocracht. Mar a bhí i réim tar éis an olltoghcháin i mí Feabhra go dtí go ndearna Fianna Fáil, Fine Gael agus Comhaontas Glas margadh comhrialtais lena chéile i mí an Mheithimh.

LAOCHRA - Go háirithe laochra sa líne thosaigh - dochtúirí, altraí, oibrithe ospidéil, Gardaí srl. Gan dearmad a dhéanamh ar oibrithe na siopaí. Oibrithe a chuaigh sa bhearna bhaoil ar ár son ó tháinig an coróinvíreas go hÉirinn. Moladh go hard iad, ach níl luach a saothair faighte ag a bhformhór.

MARGADH - Conradh idir daoine, comhlachtaí nó rialtais a bhunaítear go minic ar chomhréiteach, go háirithe sa saol polaitiúil. Ainneoin a ndeirtear faoin bpobal a bheith bréan den víreas agus gur cheart beartais ina choinne a mhaolú, níl fonn ar bith ar an víreas corónach margadh a dhéanamh ná comhréiteach a thairiscint.

MASLA - Caint tharcaisneach nó drochmheasúil nó (go háirithe sa saol polaitiúil) áibhéalach. Sampla: dúirt Michael Moynihan, Teachta Dála Fhianna Fáil i gCorcaigh Thuaidh-Lár, gur mhaslaigh an Taoiseach é nuair nár cheap sé mar aire stáit é ar bhunú an rialtais. Dáiríre?

NPHET - An Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. Coiste dochtúirí agus saineolaithe a thugann comhairle don rialtas. Fearacht gach saoi, níl an fhoireann gan locht. Cuimhnigh mar shampla ar an moill a cuireadh ar chosc ar chuairteoirí ar thithe altranais i mí an Mhárta. Sa bhFómhar, is ar an rialtas a bhí an locht nuair nár cuireadh srianta faoi Leibhéal a Cúig (a mhol NPHET ar an 5 Deireadh Fómhair) i bhfeidhm go dtí an 22 Deireadh Fómhair. Bhí leathadh an ghalair ag dul i dtreise faoin am sin, mar a bhí á thuar ag na saineolaithe 17 lá roimhe sin.

PINSEAN STÁIT - Sochar a fhaigheann saoránach ar shroicheadh 66 bliain. Bhí ardú go dtí 67 a bhí beartaithe a chur i bhfeidhm ó 2021 ina chnámh spairne mhór le linn an fheachtais toghcháin. Sna cainteanna ar bhunú comhrialtas, d’aontaigh Fine Gael agus Comhaontas Glas le seift a mhol Fianna Fáil. Tá coimisiún bunaithe acu leis an ábhar a sheachaint… gabhaim mo leithscéal… leis an ábhar a bhreithniú.

PLEANÁIL ÉIGEANDÁLA
- Cuireann aonad i roinn an Taoisigh tuairisc le chéile gach bliain ar fhéidearthachtaí dainséaracha. Bhí tagairt do phaindéim san eagrán is deireanaí a foilsíodh roimh theacht an choróinvíris. Ach bhí easpa ullmhúcháin (mar shampla an fearas cosanta pearsanta nó PPE nár ordaíodh roimh ré) ó thús.

RIANÚ - Fiosrú chun teacht ar na daoine a bhí i dteagmháil le duine a tholg an víreas corónach. Ní féidir an galar a smachtú (a) mura gcoinnítear leathadh an ghalair ag leibhéal íseal agus (b) mura mbíonn córas ar bun a dheimhníonn rianú gan mhoill. Dhá rud nach ndearnadh fós.

SCARADH SÓISIALTA - Coinneáil amach óna chéile. Bunriachtanas sa troid in aghaidh an víris. Á chleachtadh freisin ag Fine Gael agus Fianna Fáil ó rinneadh cleamhnas dosheachanta eatarthu tar éis an olltoghcháin.

SCÉAL IOMLÁN - cur síos neamhbhearnach ar eachtra nó ar eachtraí. Moltar cur síos iomlán a chur ar fáil gan mhoill más duine sinsearach atá á iarraidh. Mar a d’iarr uachtarán Choimisiún na hEorpa Ursula Von der Leyen ar Phil Hogan a dhéanamh nuair a tháinig an dinnéar APRÈS-

GALF (féach thuas) chun solais mí Lúnasa. Ar an drochuair, níor chuir sé tuairisc iomlán ar fáil di gan mhoill. Neart ama ag Phil ó shin chun cluiche gailf a imirt.

TÁINSEAMH - An próiseas is gá a chur ar bun san Oireachtas chun breitheamh a chur as oifig de réir an Bhunreachta. Próiseas ar treise ná riamh drogall an mhóraimh é a úsáid, tar éis dóibh é a mheá i gcás an bhreithimh Séamus Woulfe. (Féach APRÈS-GALF thuas).i

UAIGNEAS - Brón nó ísle brí a spreagann seal i d’aonar. Focal a bhfuil tuiscint níos doimhne agus níos forleithne air ó d’athraigh an víreas ár saol i mbliana.

Cathal Mac Coille

Is iar-chraoltóir le RTÉ agus colúnaí le Tuairisc.ie é Cathal Mac Coille.