Ar an bhfód dúchais

Alan Titley
Ar an bhfód dúchais

Mar is dual don scríbhneoir ildánach, ní raibh Joe Steve Ó Neachtain sásta a chuid tallann a chur i bhfolach in aon chiste amháin, a deir Alan Titley

Braithimid uainn é cheana féin, an guth ba láidre agus b’fhírinní agus b’fhairsinge maidir lena cheantar féin é, maidir le Conamara siar is soir. Ní ar son a chúngú a deirim é sin, ach a mhalairt. Má bhí fírinne ar bith sa chomhairle a tugadh do Liam Ó Flaithearta fadó, ‘Scríobh leat ar an rud a bhfuil eolas agat air,’ b’fhíor leis do Joe Steve é. Fágann sin as an áireamh go bhfuil an duine a bheag nó a mhór mar a chéile ina nádúir is cuma más as Cré Dhubh an Spidéil dó nó as an gCriogal i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ag scríobh faoina mhuintir féin a bhí Joe Steve, ach ag scríobh faoin nádúr daonna fad a ritheann chomh maith céanna.

Sin é an fáth gur thuigeamar go maith é – a chuid comharsan, na bligeaird atá farainn gach áit, na fir thufáilte, na sagairt ramhra, na tiarnaí srónsmaoiseacha, na mná fadfhulangacha agus cleasacha, na gaimbín-daoine a thuig an difear idir punt agus milliún punt, na páistí íogaire, na himircigh a d’fhill agus na deoraithe nach bhfillfeadh go deo, na huaisle ísle agus na hísle uaisle, an leaid gan dóchas agus an cailín le sprid, an seanduine críon agus an óige ag súmaireacht as, an óige agus an seanduine á chaolú, bhí siad go léir aige – agus sin an fáth ar thuig muintir Chonamara thar barr amach é.

Ba é Baile an Droichid a thug os comhair an phobail i dtosach é, an gallúntraí ar Raidió na Gaeltachta a mhair ar feadh nach mór deich mbliana ó 1988 go 1997. Ní airínn ach go fánach é, mar ní foláir a bheith in aice an raidió nó na teilifíse go rialta agus gan mír a chailliúint d’fhonn a bheith laistigh den domhan sin. Níl aon amhras ná gur léirigh sin a chumas maidir le comhrá bríomhar beo fírinneach a cheapadh, agus carachtair éagsúla inchreidte dá réir a d’iompair an chaint, mar a bhí an chaint á n-iompar acu siúd.

Is de shuimiúlacht go raibh sin léirithe aige sa chéad chnuasach uaidh Fead Ghlaice a foilsíodh sa bhliain 1986, agus ar meascán d’fhilíocht, de sceitseanna gearra, d’agallaimh is de mhiondrámaí atá ann.

Agus ar an gcuma chéanna gur sceitse dá réir atá aige sa ‘ghearrscéal’ deiridh atá foilsithe sa leabhar déanach a foilsíodh uaidh anuraidh, mar atá, ‘Úr agus Críon na hAoise’ in an An diabhal déanta (2019). Baineann le seanduine críon caite cantalach cnáimhseálach ar mhúscail banaltra chúraim Fhilipíneach an fear arís ann. Abair greann agus spraoi! Dhéanfadh dráma gairid stáitse den scoth dá léireofaí é, agus gearrscéal traidisiúnta dá gcuirfí prós leanúnach leis, seachas comhrá siar amach.

Ar leibhéal amháin, mar sin, ba é an comhrá a bhuaic, ba chuma arbh ar an stáitse nó i gcorp an leabhair a bhí. Leabhar déanach uaidh is ea Mar a bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir (2018) ina maíonn sé nach dírbheathaisnéis atá ann. Agus ní hea ach oiread, sa chiall thraidisiúnta atá leis sin, ach is mó de bheathaisnéis phobail atá ann lán de charachtair éagsúla a ndéarfadh an saol go bhfuil siad ‘barrúil’, ach le fírinne go bhfuilid ar ár nós féin go léir. An rud a dúirt Máirtín Ó Cadhain gurbh í caint a mhuintire ‘an uirlis ab fhearr’ a fuair sé riamh mar shás ceapadóireachta, is é a dhálta féin ag Joe Steve é. Comhrá is mó atá in Mar a bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir, agus ar éigean go gcuireann an t-údar féin a ladhracha isteach ar a fhuaid. Is é Allagar na hInise ar ais é, ach snáth ceangailte scéil a bheith ann gan leithscéal.

Beimid ag iarraidh breith suas ar an ngaisce a dhein sé go ceann tamaill fós

B’fhéidir gurbh iad na drámaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal. Gníomh gaisciúil ba ea an méid sin féin má chuimhnítear gur gníomh gaisciúil ann féin anois é bogadh amach i bhfliche na hoíche nuair is compordaí é fanacht cois teallaigh ag stánadh ar an mbosca sa chúinne. Bhí éileamh riamh ar a chuid drámaí, go háirithe Níor mhaith linn do thrioblóid agus Faoi dheireadh thiar.

Dráma teaghlaigh is ea Níor mhaith linn do thrioblóid a bhfuil aicmí nua agus teannais úra Chonamara ina chroí istigh. Seanmhúinteoir atá sna blianta anonn agus an bás ag bagairt air, agus é idir thrí cinn na meá ag a theaghlach féin: iníon bhogchroíoch, iníon eile atá crua agus uaillmhianach, agus sagart atá ar na misin thar lear. Cad eile a dhéanfá ach iad a chur in adharca a chéile? Ceann de phríomhthéamaí na drámaíochta is ea teaghlaigh i mbun a stracaithe ó cheann go gimide síos.

Is cuma nó máistir-rang ar an gciúta seo scéalaíochta an dráma eile sin dá chuid Faoi Dheireadh Thiar.

Dráma é atá suite i dTeach na Seandaoine, glacaimid leis, i mball éigin de Chonamara, agus bailíonn le chéile ann an chomplacht ghnách éagsúil – fear dall, duine atá i ngreim ag an ndeoch, bean cheanndána thaghdach, mátrún dea-chroíoch, banaltra óg ghealgháireach, agus bean a bhfuil a meabhair caillte aici.

Oíche Nollag am na heachtraíochta, agus tá duine amháin ag iarraidh dul abhaile, duine eile ag iarraidh dí, duine eile ag lorg suaimhnis, duine eile ag lorg dídine. Fáisctear go fite ina chéile iad: ar shlí amháin gach duine ag brath ar an nduine eile san oíche uaigneach álainn seo; ach ag an am gcéanna, roistear anuas scéal gach aon duine díobh ionas go bhfeicimid cad é an eachtra chúil atá acu, cad faoi ndear dóibh a bheith san áit a bhfuil siad, agus cad é is cúis leis an mbail atá orthu anois.

Ach an oiread le Níor maith linn do thrioblóid is carachtair láidre dhea-dhealfa gach duine den chomplacht sin. Tugann an t-údar a shainmharc féin do gach duine díobh, ionas go mbeadh a fhios againn óna gcuid cainte féin cé atá againn. Cuirim treise leis seo, mar is geall le drámaí ar leibhéal níos fairsinge a chuid úrscéalta chomh maith céanna.

Go deimhin, is ar radharcanna gearra atá ag déanamh uainíochta ar a chéile atá siad tógtha. Comhrá is bun le formhór an phróis in Scread Mhaidne (2003), an chéad úrscéal uaidh. Ábhar coscrach gan aon bhréag atá ann ina bhfuil dílleachta ag lorg a máthar, agus a bhfuil an t-ábhar pléite ó shin i scannáin agus ar na meáin. Shílfeá, áfach, go raibh Joe Steve chun tosaigh orthu san úrscéal íogair bristechroíoch seo.

Lámh Láidir (2005) níos teilifísiúla fós. Radharcanna gonta gairide ag malartú suímh ar shuíomh, agus carachtair ag gluaiseacht isteach is amach dá réir. Is geall le heipic é thar chúpla glúin ina ríomhtar an t-aighneas idirtheaghlaigh, a bhfuil an t-aicmeachas lofa thíos ina bhun. Fairis sin, tá saol Chonamara le leathchéad bliain anuas leagtha os ár gcomhair go paiteanta gona bhinb, gona éad, gona uaillmhian, gona ghrá, gona sheanaigne, gona theannas, gona thuiscint thar meon ar a mhuintir féin. Ar shlí eile ar fad, ní fiú bacúint leis sin: tá an plota féin cliste, casta, comhtháite mar a bheifí ag coinne leis ó ríscéalaí. Sa chás seo, tá fírinne dhoshéanta sa bhlurba ag tabhairt ár ndúshlán ‘an leabhar seo a leagan uait nó go bhfuil an abairt dheiridh léite agat!’.

Ceist bhaoth is ea arbh fhearr é mar ghearrscéalaí, mar úrscéalaí nó mar dhrámadóir – agus gach earnáil eile a fhágaint ar leataobh – óir, mar is dual don scríbhneoir ildánach, ní raibh sé sásta a chuid tallann a chur i bhfolach in aon chiste amháin. Conas a dhéanfadh agus an oiread sin le rá? Teist is ea na dosaein de ghearrscéalta a bhreac sé in Clochmhóin, Salann Garbh, Idir Neamh is Talamh agus An Diabhal Déanta go bhféadfadh sé eachtra nach mór a stoitheadh as an aer agus scéal a fháisceadh as go healaíonta agus go greanta. Ba dhóigh leat go bhféadfadh sé dráma a dhéanamh as cuid acu chomh héasca céanna, nó úrscéal féin i gcás cuid eile.

Sa réamhrá a chuir sé le Fead Ghlaice scríobh sé ‘Deireadh an seandream gur ola ar chroí duine scairt gháirí a dhéanamh go minic.’ Anois is gá do lucht leighis agus do thaighde na milliún euro an rud céanna a chruthú le hairgead mór. Chruthaigh sé thar amhras anonn an tuiscint a bhí ag Gaeil riamh go gcaithfeadh an súgradh agus an dáiríre a bheith agat. Is é a thuigfeadh go binn go bhfuil an iomad den phuisléirmheastóireacht faoi shúiste Gall á scribleáil faoi láthair agus go dteipfeadh air féin in aon scrúdú ceartchreidmheach a dhéanfaí air féin.

Dhreach sé an saol go fairsing idir olc agus mhaith arb ábhar dílis na litríochta iad.

Beimid ag iarraidh breith suas ar an ngaisce a dhein sé go ceann tamaill fós.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.