Leabhar a bhrisfidh do chroí

Seán Mac Risteaird
Leabhar a bhrisfidh do chroí

Tumtar muid i saothar agus i scéal den chéad scoth sa úrscéal is déanaí le Micheál Ó Conghaile, a deir Seán Mac Risteaird

Anocht m’oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inar rugadh mé agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. (Sa Teach seo Anocht, Micheál Ó Conghaile)

Leabhar a bhrisfidh do chroí is ea Sa Teach seo Anocht, ón údar ildánach Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Scéal éifeachtach faoistiniúil maidir le fear atá á réiteach féin, go fisiciúil agus go síceolaíoch, chun a theaghlach a fhágáil is ea achoimre shimplithe an úrscéil ghairid seo. Titeann eachtraí an úrscéil amach in aon lá is oíche amháin ach tarraingíonn an reacaire ar chuimhní cinn chun a chinneadh agus a shaol a dhathú dúinn. Ba spéisiúil inchreidte é an t-úrscéal seo, úrscéal lán de theannas dosheachanta dromclach a thochtann an reacaire ina phósadh neamhshona. Déanann an scríbhneoir an téama seo a ríomh go tuisceanach ó thús deiridh le scil agus le cúram. Is éard a chuirim romham sa léirmheas seo ná iniúchadh téamach a dhéanamh ar úrscéal nua an scríbhneora le fiúntas an tsaothair a mheas.

Tá an Conghaileach aitheanta go forleathan mar dhuine de mhórscríbhneoirí Ghaeilge ár linne agus is iomaí seánra, téama, agus cur chuige a mbaineann sé leas as ina chleachtas ealaíne. Cé go bhféadfaí a rá gur fearr leis an scríbhneoir ceardaíocht na gearrscéalaíochta níos minice ná a mhalairt, tá péire úrscéal eile scríofa aige go dtí seo. Foilsíodh a chéad iarracht Sna Fir i 1999.

Thug Pádraig Ó Siadhail ‘…[a] queer bildungsroman…’ (2010) ar an úrscéal céanna. Téacs is ea é ina bpléitear teacht in inmhe collaí an phríomhcharachtair John Paul i measc téamaí agus ábhair eile. Ina dhiaidh sin in 2001 foilsíodh Seachrán Jeaic Sheáin Johnny, úrscéilín inar snaidhmeadh an réalachas agus an domhan osréalaíoch brionglóideach le chéile. Cé ‘…[nach] leasc le Ó Conghaile mianta daonna, dá phríobháidí agus dá cheilte iad, a phlé agus a thabhairt chun solais…’ (Ní Fhrighil 2004), agus go gceiliúrtar oscailteacht an scríbhneora go minic, is léir go bhfágtar léitheoir an téacs sin le ceisteanna morálta. Éiríonn leis an scríbhneoir bá a chothú sa léitheoir don seanfhear, príomhcharachtar an scéil, a thiteann i ngrá le cailín óg. Bíodh sin mar atá, b’fhada an fanacht dúinn mar léitheoirí iarracht eile úrscéalaíochta Uí Chonghaile ach is cinnte gurbh fhiú é. In Sa Teach seo Anocht (2019) filleann an t-údar ar an réalachas liteartha ina shaothar úd. Tá an-chumas sa Chonghaileach ceisteanna móra íogaire daonna a chur ar a léitheoirí. Caitheann sé solas úrnua ar ‘an staid dhaonna’ agus na deacrachtaí laethúla a bhíonn againn ar fad. Cé go bhfuil cáil tuillte aige as a chleachtas turgnamhach osréalaíoch ina chur chuige (féach Nic Eoin 2006), feictear don léitheoir seo go bhfuil sé i bhfad níos compordaí agus scáthánú á dhéanamh aige ar shochaí chomhaimseartha na linne seo ar bhealach réalaíoch.

Is éifeachtach mar a dhéanann an scríbhneoir an caidreamh idir an reacaire agus a mhac Shane a chur in iúl le linn an úrscéil. Péinteálann an scríbhneoir a gcaidreamh ar bhealach séimh grámhar a chuireann go mór le doimhneacht an phíosa agus lenár mbá leis an bpríomhcharachtar. Is téama leanúnach é an caidreamh idir tuismitheoir agus gasúr i saothair Uí Chonghaile. Smaoinítear, go háirithe, ar an ngearrscéal cáiliúil ‘Athair’ (1997) , an t-úrscéal Sna Fir (1999), agus ar na drámaí Jude (2007) agus Go dTaga do Ríocht (2009), ó lámh Uí Chonghaile. Bíodh sin mar atá, éiríonn leis an scríbhneoir peirspictíocht agus léamh úrnua a bhunú air i gcaitheamh an téacs. Ní athchúrsáil thuirsiúil é seo ó thobar cheird an scríbhneora, ach ionramháil nua ar théama domhanda an ghrá agus an chrá croí. Léirítear cúram agus grá an athar tríd síos agus é ag breathnú i ndiaidh a mhic, fiú agus é ag cuimhneamh ar an teaghlach a fhágáil: ‘Tabharfaidh mé a bhricfeasta dó ar maidin mar is gnách. Réiteoidh mé a mhála scoile agus cinnteoidh mé go mbeidh a lón istigh ann.’ (Ó Conghaile 2019)

Sa mhullach air sin, léirítear an spraoi a bhíonn ag an athair lena mhac agus a chompordaí is atá an reacaire leis ‘… mé i ngreim ina chosa agus é ag siúl timpeall an mhála pónairí nó go dtuirsíonn a lámha beaga faoina mheáchan. Pógaim a bhonnaíocha. Ligim síos é go réidh.’ (ibid.: 12). Is dlúthchuid é an caidreamh idir an t-athair agus a mhac i gcaitheamh an tsaothair seo agus déantar iniúchadh álainn air ann. Éiríonn leis an gConghaileach grá tuismitheora a léiriú go sonrach soiléir san iarracht seo, rud a chuireann go mór leis an téacs:


‘Bíonn fonn orm cromadh síos agus a leiceann a phógadh. A phógadh go han-éadrom, ach tá faitíos orm go ndúiseoinn é. A bhéilín féin ar oscailt beagán amhail is dá mbeadh ar tí duine a phógadh.’ (Ó Conghaile 2019)

Tá cumas ar leith ag Ó Conghaile plé leanúnach a dhéanamh ar minutia laethúla. Cuireann sé síos ar mhionsonraí na fágála, rud a thagann chun cinn go minic sa saothar seo atá faoi chaibidil. Déanann an reacaire trácht ar an gcóras laethúil, ar thuirse an routine, agus a bheith ‘…ceangailte le duine eile amháin atá an té atá pósta ach an pacáiste… Gan sa duine daonna ach an gliú a choinníonn le chéile iad…’Conghaile 2019: 19). Leanann an tseafóid, mar a mhaíonn sé, leis na béilte céanna laethúla, níochán soithí an lae, an réiteach don scoil, agus na ceachtanna. Pointe tábhachtach eile is ea an t-am i saothar Uí Chonghaile agus is cinnte go ndearbhaíonn sé an chaoi a ngoilleann minutia an lae air go minic iontu. Pléitear seo, mar shampla, in ‘Seacht gCéad Uaireadóir’ óna chnuasach gearrscéalta An Fear a Phléasc (1997). Ach más domhan aduain é domhan an ghearrscéil úd, a mhalairt atá ann in úrscéal nua seo Uí Chonghaile. Fásann fuarchúis an fhir chéile, tachtann sí é, fréamhaíonn an fuath, agus scaipeann an teannas a imríonn tionchar ar chuile ghné dá shaol. I gcaibidil a haon déag, cuir i gcás, tugtar léiriú ealaíonta dúinn ar an bhfuath a shileann as gach rud a dhéanann bean chéile an reacaire:

Mé ag breathnú ar an mbricfeasta d’uibheagán measctha a leag sí os mo chomhair. A chaith sí ar an mbord os mo chomhair a cheapfadh éinne a bheadh ag breathnú orainn, óir bhí cuma dhímheasúil ar an gcaoi ar sciorr an pláta as a láimh nó ar an gcaoi ar ligeadh as a lámha é. (Ó Conghaile)

Anuas air sin, is gné spéisiúil é an sonrú neamhbhalbh a dhéanann Ó Conghaile ar an gcollaíocht ina shaothar liteartha trí chéile. Déantar cur síos san úrscéal seo ar an gcaidreamh collaí idir an reacaire agus a bhean chéile. Feictear Shane, mac óg an reacaire, ag cur isteach ar a bheirt tuismitheoirí trí thimpiste agus iad ina luí lena chéile, ach déantar sin le stíl agus le cur chuige ealaíonta neamhurchóideach. Mar atá feicthe againn i saothair eile Uí Chonghaile, (ritheann ‘As Láimh a Chéile’ agus ‘Gabhal na gCloch’ as An Fear a Phléasc liom go príomha), tá scil ar leith ag an scríbhneoir cur síos nádúrtha sonrach a dhéanamh ar an ngníomh collaí: ‘‘…nuair a rith [Shane] isteach sa seomra codlata chugainn, ag brú an dorais roimhe is ag baint geite asainn. Mise díreach théis mé féin a tharraingt amach aisti agus teacht ar a bolg, í ag cuimilt an smeadair síl go grámhar ar a himleacán lena méaracha…’ (Ó

Conghaile 2019: 44). Déantar an chollaíocht a chíoradh arís eile níos deireanaí sa téacs, rud a chuireann go mór le teannas an scéil agus a thugann tuilleadh eolais dúinn ar chaidreamh an reacaire lena bhean chéile. Ní ar mhaithe le geit a bhaint as an léitheoir a dhathaíonn Ó Conghaile na radhairc agus na ceisteanna seo ach gur cuid thábhachtach iad in inseacht an scéil go ginearálta.

Tá moladh nach beag tuillte ag Ó Conghaile as an éacht é. Cuirtear an scéal brónach lán grá seo in iúl ar bhealach cumhachtach trí lionsa réalaíoch an reacaire agus trí atmaisféar ar leith a chruthú. Cé go bhfilleann an Conghaileach ar théama a phléigh sé i saothair eile óna pheann, ní hin le rá nach bhfuil rud nua á rá aige. Maíonn Sorcha de Brún ina halt ‘History Repeating Itself: Men, Masculinities and ‘His Story’ in the fiction of Micheál Ó Conghaile’ , go bhfuil sé mar aidhm ag an gConghaileach ‘…[an] emotional history…’ (de Brún 2017) a chruthú dá charachtar. Is fíor sin sa leabhar seo. Trí mheán na carachtrachta, tumtar muid i saothar agus i scéal den chéad scoth. Ba ag fanacht go foighdeach a bhí lucht léite an scríbhneora ar úrscéal eile óna pheann ach is cinnte gurbh fhiú an fanacht. Le linn an úrscéil álainn seo léirítear an briseadh croí, an brón, agus an teannas a bhíonn i gceist i gcliseadh pósta agus na nithe a thiteann amach i spás príobháideach an tí ár. Sa teach sin a léirítear doimhneacht agus duairceas an tsaoil, ach a áille is atá sé chomh maith.

Seán Mac Risteaird

Is Ollamh Cúnta é Seán Mac Risteaird atá ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath