Teachtaireacht an phobail…
Tá a gcuid ráite ag muintir na hÉireann in Olltoghchán 2020 agus is cosúil gurb é a dúirt siad ná ‘oraibh go léir atá an dualgas’, a scríobhann Máirín Ní Ghadhra
Céard atá foghlamtha againn ó Olltoghchán 2020? Ó caitheadh na vótaí tá caint agus anailís á ndéanamh. Iarrachtaí ar bun intinn an phobail a chur sa mbosca beag seo nó sa mbosca beag siúd.
Ach níl sé chomh héasca agus a thugtar le fios uaireanta léamh ar céard atá ar a n-intinn ag an bpobal. Scanraigh muid ar fad (muide na hiriseoirí agus na tráchtairí a raibh súil coinnithe againn ar an bhfeachtas ar fad agus ar tháinig meon an phobail aniar aduaidh orainn) nuair a chonaic muid go raibh na trí phríomhpháirtí gob ar ghob lena chéile.
Is dona a chreid muid é agus chaith muid go leor de mhaidin Dé Domhnaigh an chomhairimh ag rá ‘Má tá sé fíor...’.
Ba ghearr go bhfaca muid go raibh an phobalbhreith iarvótála cruinn agus go gcaithfeadh an bhunaíocht dul i ngleic leis.
Ceann de na ceachtanna a bhíonn le foghlaim tar éis gach olltoghchán in Éirinn go mbíonn toghchán beag áitiúil ar siúl i ngach dáilcheantar. D’éirigh le Sinn Féin an tuiscint sin a threascairt cuid mhór an babhta seo ach is fíor i gcónaí go mbíonn tíreolas, ceisteanna áitiúla agus coimhlintí logánta ar intinn daoine nuair a bhíonn said ag vótáil.
Sin ceann de na cúiseanna eile go mbíonn an vóta chomh deighilte go minic – breathnaigh ar áiteacha cosúil le Ros Comáin-Gaillimh. Dáilcheantar é seo ina mbíodh Fianna Fáil agus Fine Gael ceannasach ó bhunú an Stáit ach é ag druidim le tamall anois i dtreo na neamhspleách mar gheall ar cheisteanna logánta. Cé a cheap go gcoinneodh Carol Nolan a suíochán i Laois-Uíbh Fhailí nuair a bhí seisear Teachtaí Dála san iomaíocht i ndáilcheantar cúig shuíochán? Is liosta le háireamh na hiarrthóirí neamhspleácha ar bheag súil a bhí lena dtoghadh taobh amuigh dá gceantair féin – Cathal Berry, Matt Shanahan, Richard O’Donoghue, Verona Murphy, Michael McNamara...
Ceacht eile a mhúineann sin ar fad dúinn go bhfuil greim Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar an gcóras polaitíochta scaoilte go mór. Tá an chuma ar an scéal go ndéanfaidh siad cleamhnas anois chun rialtas a bhunú agus cé nach ndéarfainn fós go bhfuil a ngreim scaoilte ar fad níl an dílseacht chéanna ag daoine do na páirtithe sin anois agus a bhíodh. Ní bhaineann sé sin ar fad leis an aos óg ach an oiread. D’imigh lucht vótála ina sluaite ó Fhianna Fáil agus Fine Gael i dtoghchán na míosa seo caite. Ní hin le rá nach rachaidís ar ais ina dtreo arís dá gceapfaidís gurbh é sin ab fhearr a dhéanfadh a leas féin.
Na nithe a theastaigh uathu a chloisteáil a chuala na daoine ó Shinn Féin le linn an fheachtais. Bhí smut den chomhbhá Éireannach leo freisin mar gur fágadh Mary Lou McDonald ar lár ón gcéad díospóireacht. Ach níor tugadh móramh dóibh agus ní léir faoi láthair cén bealach atá acu le dul isteach i rialtas. Mar sin féin, fuair siad an ceathrú cuid de na vótaí. Fuair Fianna Fáil 22% agus Fine Gael 20%. Teachtaireacht an phobail – is mar a chéile uilig sibh. Tá muid ag tabhairt guth níos láidre do Shinn Féin an babhta seo ionas go mbeidh sibh ar comhchéim agus tá dualgas oraibh ar fad beart a dhéanamh le cúrsaí na hÉireann a fheabhsú do phobal na hÉireann.
Ní léir ó na cluichí comhrialtais go bhfuil an teachtaireacht sin cloiste i gceart ag na páirtithe go léir.
Ní chreidimse go dteastaíonn rialtas atá go daingean ar an eite chlé ó phobal na hÉireann. Níl aon rath ar Pháirtí an Lucht Oibre le fada anois. Toghadh roinnt Teachtaí Dála ar an eite chlé radacach – Pobal Seachas Brabús, Neart le Chéile agus leithéidí Joan Collins – ach níl dóthain ann.
Fuair siad vótaí aistrithe go tréan ó Shinn Fein ach ní dóigh liom go dteastaíonn ón bpobal a bheith an-radacach. Baineann go leor de na Teachtaí Dála sin le ceantair bhochta lucht oibre ina bhfuil dífhostaíocht agus fadhbanna sóisialta go leor.
D’éirigh go maith leis an Daonlathaigh Shóisialta agus tá seisear Teachtaí Dála acu anois. Tá siad gafa le ceisteanna amhail sláinte, tithíocht agus cearta oibrithe. Ceisteanna atá ag déanamh imní do Shinn Féin freisin. Agus do phobal na tíre.
Sin an rud is suntasaí sa bhfeachtas seo, dar liom féin.
Ní dheachaigh teachtaireacht Fhine Gael i bhfeidhm orthu. Cúrsaí eacnamaíochta agus buanseasmhacht Fhine Gael ag stiúradh na heacnamaíochta, an buntáiste a bhí ag Fine Gael, dar leo féin. Leag siad béim ar an ndul chun cinn atá déanta ón uair gur scrios Fianna Fáil an eacnamaíocht i dtús an chéid.
Ach ní raibh aon ghlacadh ag an bpobal leis an teachtaireacht sin. Chuir siad méid áirithe milleáin ar Fhianna Fáil as a bheith sásta cloí leis an gcomhaontú muiníne agus soláthair le ceithre bliana.
An rogha a chonaic said rompu – Sinn Féin.
Tá sé geallta ag Sinn Féin go gcuirfeadh siad feabhas ar chaighdeán maireachtála an phobail. Go gcuirfeadh siad na tithe a theastaíonn go géar uainn ar fáil. Go gcuirfeadh siad reachtaíocht i bhfeidhm maidir le reo cíosanna. Go rachadh siad i ngleic le tionscal an árachais. Go leigheasfadh siad an ghéarchéim sa gcóras sláinte agus go gcuirfeadh siad Éire ar an mbóthar i dtreo an athaontaithe.
Tá go leor ansin a mheallfadh duine ar bith le vótáil dóibh. Ceist eile, ar ndóigh, má fhaigheann siad deis a bheith i rialtas amach anseo céard a éireoidh leo a chur i gcrích. Ag caint le RTE Raidió na Gaeltachta le linn an chomhairimh thagair an tAire Oideachais Joe McHugh don charn airgid a bheidh le cuardach ag Sinn Féin más leo a gcuid geallúintí a chur i gcrích.
Ceist inti féin na geallúintí toghchánaíochta agus an cumas a bheidh ag aon rialtas iad a chur i gcrích. Ceist eile ar fad an pholaitíocht agus seasamh na seanpháirtithe traidisiúnta i leith Shinn Féin. Tá amhras orthu a bheith luaite le Sinn Féin. Ní bhaineann sé sin ar fad leis an bhfealsúnacht atá acu nó le haon eite den pholaitíocht.
Baineann sé leis na seancheisteanna faoi stair agus cúlra Shinn Féin. Níl muinín iomlán ag Fine Gael agus Fianna Fáil astu. Caitheadh píosa maith den fheachtas ag caint ar pheacaí na haimsire atá caite, ar dhaoine rúnda a bheith i mbun an pháirtí agus ar ábhair íogaire cosúil leis an gcúirt choiriúil speisialta agus dúnmharú Paul Quinn. Cé nár fhreagair Sinn Féin agus Mary Lou McDonald na ceisteanna sin go sásúil dar le go leor vótóirí, bhí na scórtha míle eile nár chuir na ceisteanna seo ann ná as dóibh, is léir.
Níor thúisce an comhaireamh thart ná chuir David Cullinane a chos ann lena chuid cainte ag ócáid cheiliúrtha i bPort Láirge. Ag tabhairt aitheantais don stair a bhí sé, an freagra a bhí aige nuair a ceistíodh é faoin eachtra. Dúirt Eoin Ó Broin go raibh gach duine traochta agus go ndeirtear rudaí nár cheart go minic ag tráthanna dá leithéid.
Seo ceist nach bhfuil aghaidh tugtha i gceart ag Sinn Féin uirthi go fóill sa 21ú haois. Níl sé i bhfad ó bhí siad luaite go dlúth le feachtas foréigin an IRA. Ar cheart go dtabharfadh siad droim láimhe leis an stair sin? Caithfidh siad a bheith níos cúramaí faoin mbealach a labhraíonn siad ina taobh mar go bhfuil daoine fós goilliúnach faoin scéal.
Idir an dá linn, tá muid fós ag faire na gcruinnithe rúnda idir polaiteoirí éagsúla in iarracht rialtas a bhunú tráth a bhfuil an coróinvíreas ag bagairt, gan trácht ar an mBreatimeacht agus na fadhbanna eile atá fós gan réiteach. Tá roghanna go leor á bplé agus á meas ach an chuma ar an scéal ndéanfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael cleamhnas de chineál éigin, sin mura dtagann athrú gan choinne ar a ndearcadh i leith Shinn Féin.
Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile? Is ar éigean gurbh í sin teachtaireacht an phobail san olltoghchán.
Má tá ceacht amháin le foghlaim ó olltoghchán 2020 sin nach bhfuil drogall ar bith ar phobal vótála na hÉireann a ndíomá, a míshásamh agus a gcuid feirge a chur in iúl ag na bothanna vótála.