An Fearann

Haibun le Buachalán Buí

Is lucht fáin iad na laethanta. Is lucht fáin iad na blianta, na míonna agus na seachtainí leis. Lucht fáin ag gabháilt tharainn, arís is arís, ar aistear síoraí na gcianta. Ach tá fiú na fánaithe teanntaithe anois. A gcruth doiléir. Cad is ‘bliain’ ann gan fhios cad tá romhainn amárach? Cén mhaith é labhairt ar ‘mí’, nuair is fada linn coicíos? Níl sa tseachtain feasta, dar liom, ach trí lá féin - amárach, inniu agus inné.

Déarfá leat féin gurb é d’uain é, do dheis, malairt radhairc a lorg ar nithe nár chuir tú mórán spéise iontu ag rith is ag rás duit. A bheith ar do shocracht go dtiocfaidh tú ar phlean. Ach amhail linn ar thit braon anuas uirthi, tá an tsocracht ina cuilithíní cheana. Ag pleananna a bhíonn ann ach cuimhneamh orthu. Ag cúraimí éiginnte an lae.

Shantaíos radharc úr. Agus ní fearrde mé é.

Dá ngabhfá de shiúl na gcos trí phortach, bheadh an Fearann laistigh den 2 km. Páirc ollmhór oscailte fhairsing é suite ar mhullach cnoic. D’aithneofá ar a choróin é - fothrach cille agus lios timpeallaithe ag crannaíocha iúir. Ar an bhFearann atá an radharc is fearr sa pharóiste. Chífeá chomh maith le fiolar amach ar imeall na farraige Cnoc an Fhómhair, Ceann Chiarraí, agus ina chnapán ag bun na spéireach, Bréanainn, 100 km i gcéin. An t-aon cheataí ná gan cead siúil ar aon orlach den bhFearann, muran bó bhainne tú, ach istigh sa tseanchill i measc thuamaí na marbh amháin. Áit a bhfuil an radharc múchta ag ceithre cinn de chlathacha arda cloch. Mian do shúile, caith uait. Ach ón uair gur fada mé ag féachaint aníos ar shleasa an chnoic chéanna ó bhíos i mo gharlach - nach trua gan é le rá agam gur thugas an deis chéanna don gcnoc? Agus ná dúrt leat go seolfainn grianghraf soineanta chugat den gclapsholas lá geal seo an ghátair? D’imíos liom suas le go bhféachfainn anuas ar an bportach, ar mo bhaile is orm féin. Sin uile. Deamhan gnó agam cur síos a dhéanamh air, ach neosfaidh mé an méid seo: is fada go ligfead a bhfaca sa lantán aerach úd i ndearmhad.

Ar fhilleadh ar mo Phunto, bhí beirt ag fuireach go doicheallach ag geata na cille. Cé eile ach madraí dubha an Leasa clutharaithe suas i seaicéadaí hi-viz. B’fhíor an ráfla i dtaobh fháilte an Fhearainn.

-Nach breá!

-Tá gearradh ann.

-Mo thrua na daoine fé ghlas istigh!

-Is cuma dhúinn anso thuas…

B’in a raibh de bharr mo thurais ar an bhFearann agam - mo theitheadh! An t-aon bhuaic le dealramh i bparóiste seo na gcluainte, na gcorraithe is na móinteán, agus í coiscthe ar an dream a mhaireann faoina scáth. Is dócha gur leor liom mar shásamh aigne anso thíos, gur soiléir dom leasacháin a shleasa gan díobháil - Lios an Fhearainn, Lios an Chnoic agus Lios an Phóna. Gur glas é an cnoc so i ngiorracht dom. Is gur i mo thaibhreamh go mbímse ó lios go lios gan chead gan choinníoll.

Maidin lá arna mhárach, bhuaileas amach agus chuas ’on gharraí ag cromadh ar phlean an lae. An talamh bán a riastáil, na claiseanna a bhaint agus ranna cré a leathadh ar leapacha prátaí. Fobhabhta, ag seasamh go machnamhach ar chuma Sheáin Eoghain, ag éisteacht le scol an loin ar bhlúire wire nó éamh piasúin ón gcoill Sitka spruce atá buailte cois teorann mar bhrat snáithíneach idir súil agus luí na gréine gach tráthnóna.

Ní raibh ach fogha amháin eile le cur díom níos déanaí, nuair a ráinig dó a bheith fad rámhainne uaim sa tslí. Bhí an rámhainn díreach sáite agam le fórsa tríd an bport, murach gur léim sé, ba dhóbair go dteipfeadh orm ceann a thógaint dó toisc é a bheith chomh duaithnithe sin i gcló a thimpeallachta. Gan dul eile, ach an t-arm a ligean díom, fanacht glan ar an gcréatúr, agus é a fhaire ón gclaí ag déanamh na slí go réidh. Mo dhearcadh á bhraistint aige, dar liom. Ach an tsocracht ina bhaill choirp á braistint agamsa leis. Socracht, agus ansan, an fonn imeachta de gheit.

Blúire ar bhlúire, phreab sé leis as mo radharc, agus ansan, as m’aire is mo chuimhne. Ar a chuma féin, bhíos anois i mo shuí is i mo staidéar. Cad leis a bhfuilim ag súil? Cad atá am’ fhaire-se? Ar mhuinirtle mo chasóige, cad a dhearcfainn ach ribe beag gruaige leat, ar fán, agus mar a dh’iompaigh mo chuairteoir ionúin ar dhath an fhéir, d’iompaíos ar dhath an chinn óir.

sa bhféar glas
frog ag imeacht, de léim,

as féin

Nóta: Is foirm Seapánach é an Haibun ina mbíonn meascán den phrós agus haiku