Tréanna an Choróinvíris

Trí théarma mhallaithe

ar athlá

ar ceal

ón mbaile

Trí bhac ar obair ón mbaile

cathú

caint

cait

Trí rud crua

caillteanas

caidrimh

craiceann na lámha

Trí rud nach bhfuil le trust

casacht

sraoth

scéalta ar WhatsApp

Trí mhian an aonaráin
gleo

comhluadar

teagmháil

Trí mhian an duine i dteach lán

suaimhneas
ciúnas

spás

Trí fhocal lán dóchais

tránn

chuile

thuile