An grá in am an choróinvíris
Leanann na héin orthu ag ceol
in ainneoin go líontar na heaglaisí
le cónraí, is go bhfuil na reiligí lán
is na corpáin á ndó san Iodáil
Tá an t-earrach ann is na bachlóga
ag borradh ar chraobhacha
in ainneoin an tost ar na sráideanna
is na tithe lán daoine faoi ghlas
Gach uile rud faoin spéir ag tarlú
taobh istigh de na seomraí
ina bhfuil daoine faoi ghlas
ag ól is ag bruíon is ag guí
In arásán i Milano
tá máthair le beirt leanaí óga
ag stánadh amach an fhuinneoig
ag brionglóidí faoi dul go dtí an gairdín
Fásann bláthanna is duilleoga
Cé go bhfaigheann daoine bás
in otharlanna leo féin
gan éinne taobh leo
Ina gcéadta is ina mílte
gan sochraid fiú ná tórramh
ach beannú gairid amháin
ó shagart cróga gan chosaint
Lámh a chuireann banaltra
ina bás féin, tar éis di a fháil amach
gur tholg sí an galar
i ndiaidh aire a thabhairt d’othair
Ligeann an domhan osna
Is teipeann ar scamhóga na ndaoine
Níl deireadh le fulaingt ná anachain
Ach leanann na héin orthu ag ceol