Cíocras
Caitlín Nic ÍomhairTá siolla na cinniúna ag guairdeall ar bhruach mo bheola agus gach uile bhaill, gach uile chill ionam ag impí orm gan scaoileadh leis. Tá sé ag amharc anuas orm, a chuid súl sáite ionam, a leathlámh ar mo chom, agus ní ag dul i bhfuaire atá sé leis an mhoill.
De nádúr an affair go mbíonn an chumarsáid gonta, srianta, patuar fiú.
Árasán @9
Brady’s an8
Croí isteach
Slán abhaile
Ní theastaíonn aon paper trail uaidh, ná ní maith leis cur isteach ar family time. Rug sí air – a bhean - uair agus iad ar sciuird go Ikea, é ag breathnú ar a ghuthán gach re bomaite agus muid ag troid ar WhatsApp. Bhí obair aige bréag a chumadh ar an spota di, nó ba nós leis é féin a thumadh go hiomlán sa rud a bhí thart air, leabhragáin Billy go fiú. Ag coimhéad cluiche sacair a dúirt sé.
Seo baolach, Bla. Scairt an8.
Bhí an t-ádh orm an oiread sin féin a fháil, nó dhealraigh sé níos minice ná a athrach nár rith mé leis, nár smaoinigh sé orm ónar dhruid sé doras m’árasáin go dtí an chéad choinne eile, buidéal fíona i leathlámh agus bláthfhleasc cheesy faoina ascaill. Ba ríchuma liom faoi sin – bhí leannán eile agam, agus ní duine mé a bheadh gaibhte le téacsáil síoraí ar nós
-Cad a bhí agat don bhricfeasta lol?xox
-Leite! Ium! xoxox
Bí ann nó bí as, a deirimse, agus ní bhíonn srian ar bith air agus é anseo. Baineann sé lán na súl asam i dtólamh, ionas go dtig luisne ar mo ghrua nuair a scarann sé mo chosa le siúráil agus le saint. Nuair a bhíonn sé liom, bíonn sé liom, fiú muna mbíonn muid riamh os comhair an tsaoil.
Ní sárú rómhór, dar leis, a scinneadh gasta rialta ó chuing chúng an phósta, a fhad is a dhiúltaíonn sé cos a chur i dtaca, gan moilliú riamh i gcríocha drúisiúla mo cholainne. An dlíodóir ann, is dócha, ag meá ceart agus cóir, cion agus pionós. Rinne sé a chás go sollúnta nuair a thoisigh muid ag suirí, le gontacht a chuaigh i bhfeidhm orm. Gur mhóidigh sé os comhair an tsaoil gur thoiligh sé aonfheoil a dhéanamh le bean amháin agus gur sárú ar a mhóid a bheadh ann, dá mbeadh cuid agamsa de. Loighic shaofa, ar ndóigh, nuair a thug sé faoi achan ghníomh collaí eile le craos, ach ní hí An Bhean Eile a scríobhann gramadach an chaidrimh.
Bhí mise sásta le cuid ar bith de. Ní raibh aon ghá agam leis an roinnt chinniúnach - má bhí sí chomh cinniúnach sin.
Ba leor an pógadh. An chuimilt. An muirniú. An fáisceadh. An cuachadh. An chigilt seo, an siosarnach siúd. Gaoth an fhocail i mo chluas. A mheáchan leáite anuas orm. Teas a lámha ar mo chraiceann. Brú óna bhrístí ar mo bholg. Zip mo chuid jeans á scaoileadh agus ruathar dána méire faoi bhanda coime an lingerie.
Ach anocht, anocht tá leathbhuidéal thar an ghnáth ólta aige agus tá an dlíodóir inmheánach ina chnap ólta. Anocht tá teas an tsamhraidh ag réabadh trína chorp agus tá athrú meoin tagtha air. Théis an tsaothair a chuir muid orainn féin gan géilleadh don chathú, théis a liachtaí sin oíche ar tharraing sé uaim ar an leaba seo. Níor ghéill muid, agus ba leor é, go dtí anocht.
Tá an soicind crochta ag imeacht ina bhomaite. Tosaím ag scaoileadh cnaipe a bhriste nuair a bhainim siar asam féin. Mo ghuthsa go cinnte, ach ar neamhchead iomlán uaim.
‘Stop’.
Tránn an teas ón seomra. Tá iontas air, shílfeá, agus díomá. Baineann sé a leathlámh ó mo chom go grod. Iompaíonn sé ionas nach idir mo chosa atá sé níos mó ach in aice liom ar an leaba, gonta ag an diúltú, an dúil réabtha ag frustrachas agus cantal. Coiscim abairt chrosta i mo scornach. Ba é a riail óir mallaithe féin é.
Triallaim ar an chistin, spalptha, le cúlú ón teannas. Ag méanfaí, lasaim an raidió. Caint in áit ceoil – neamhghnách. An phaindéim, ar ndóigh...
Ní fada go dtugaim liom éirim na cainte. Lockdown. Gan cead amach ag mac máthar nach oibrí éigeandála é i ndiaidh meán oíche anocht nó go bhfógrófar a mhalairt. Péas armtha ar an tsráid le ceadúnas a ghrinneadh. Tithe tábhairne bánaithe, carranna tréigthe ar bhóithre a bhfuil snaidhm rófhada tráchta orthu. Deimhniú ón Uachtarán go bhfuil cumhachtaí speisialta ceadaithe do na fórsaí slándála ó 00.01 ar aghaidh.
Tá a ghuthán ina thost ach lasann an scáileán achan re bhomaite ag fógairt scairteanna caillte.
Amharcaim ar an am. Rómhall le wifey a bhaint amach roimh chuirfiú. Shit.
*
*
Uair an chloig níos déanaí, buidéal eile diúgtha, cruinníonn muid ár maoin le chéile. Cárta creidmheasa agus cárta dochair an duine, maille le cúpla gearrthóg páipéir agus uimhir orthu. Airgead na seanlaethanta. Airgead sna gutháin, leis, ach a cheannsan marbh. Amharcaim air, ag dealú boinn ó nótaí go deifreach agus ag comhaireamh faoina anáil, solas lasta sa tsíleáil os a chionn nár las mé féin riamh.
Thug muid iarraidh ciotach ar chodladh in aon leaba, an chéad oíche sin, ach b’fhuar againn é. Sceitimíní na héigeandála ormsa, agus buairt i bhfad níos bunúsaí air siúd: bhí cinnte air bréag inchreidte a chumadh in am agus ba chuma, ní raibh luchtaire Apple ar bith agam agus bhí cumhacht a IPhone tráite cheana ag a cuid glaonna siúd. Ní thiocfadh leis glaoch uirthi ó mo ghuthánsa, chreid sé. Masla thar mhaslaí a bheadh ansin. Agus ní raibh a huimhir de ghlanmheabhair aige cibé.
Bhí cúthaile agus ciotaíl ag baint leis an mhaidin dár gcionn, leis. An fear seo a shamhlaigh mé le sárú agus le spraoi go tobann ina aoi chun tí agam. Mé ag tindeáil tae air, ceann faoi orm faoi shalachar na cistine, leithscéalach nach raibh níos mó bia istigh agam. Scrúdaigh sé na leabhragáin, ghrinnigh sé na pictiúir theaghlaigh. Bhraith mé é sa mhullach orm, go raibh mo sháith agus tuilleadh agam den fhear seo nach mbíodh riamh ar fáil go hiomlán. Oró ’sheanduine ’sheanduine pósta, oró ’sheanduine is mairg gur phóg tú.
Bhí sé ina choda beaga ag seanphictiúr díom nuair a bhí folt fada fionn á fhás agam do Goldilocks. Rinne sé jóc nár thaitin liom, á rá go mbeadh mo ghrágán buí anois foirfe do bhuachaill bunscoile nó Boris Johnson. Thug mé faoi deara, fosta, mar a fhuaimníonn sé m’ainm: Blah-heen, i neamchead don síneadh fada.
Thuig sé údar mo chantail sara i bhfad. Ní dhearna sé ach gáire socair, agus mo ghiall a iompú i dtreo a bheola le méara éadroma maithiúnacha. Bhí taithí aige ar dhlúithe, ar aontíos le bean. Ar anáil bhréan na maidine, ar stocaí faoin cheannadhairt, ar níochán knickers. Thosaigh sé a magadh orm, do mo leanstan timpeall an árasáin mar a bheadh peata, mo shrónaíl, ag soncáil faoi m’easnacha, gan spás ar bith a thabhairt domh d’fhonn mo chantal a thabhairt chun buaice. Bhris an gáire orm agus thit muid de phleist ar an tolg ag pulcadh póg.
*
Seachnaím scairteanna Skype ar eagla go nochtfaidh sé os comhair an cheamara. Maím do chlann is cairde go bhfuil mé meath-thinn sa leaba. Ní thrustaim nach ndéanfaidh sé trup inteacht a chuirfeadh go tóin poill ar fad mé leofa siúd atá lárnach i mo shaol agus nach dtuigfidh, nach maithfidh seo go deo domh.
Tugann sé amach domh as a bheith ag osnaíl le mífhoighne agus mé ag ithe. As méanfach a dhéanamh agus muid ag coimhéad Netflix. As a bheith ag timireacht fríd an teach seachas ag cur tic le seicliosta. Nuair a léim an Guardian seasann sé taobh thiar díom, á léamh liom. Cloisim é ag feadaíl go meidhreach sa seomra folctha.
Agus mé ag prapáil dinnéir, airím uaim an béile ite go deifreach ón fhriochtán, i mo sheasamh ag an doirteal. An tuirse a bhraith mé ar éirí agus ar dul a luí. An commute féin, an uair dhíomhaoin sin ar thraein. An saol díomhaoin.
Smaoiním ar a bhfuil caillte aige amuigh ansin, gan mhairg is cosúil. Smaoiním ar a bhean – ar a cuid feirge agus imní, ní foláir, ar a mearbhall. Nó a faoiseamh, b’fhéidir, ní fios. Smaoiním gur gar atá déanta agam di. Smaoiním gur seo an rud is karma ann: lán do bhéil is tuilleadh den rud nach raibh ceadaithe duit.
Smaoiním go mb’fhéidir go bhfuil an víreas orainn beirt, agus gur karma é go bhfaighimis bás brocach le chéile sa spás róchúng seo ar nós na n-ainniseoirí bochta ar leáigh lava orthu agus iad ag bualadh craicinn in Pompeii. Scéilín suarach a líonfaidh colún nuachta nuair a bheas seo uilig thart agus a bhainfidh gáire dóite as iarchairde: cheating couple’s corona conjugal concludes in calamity.
*
Tá cíocras ann a scanraíonn mé agus a thaitníonn liom. Tá mo chuid fíona ar fad diúgtha aige, agus ansin chrom sé ar mo chuid raithní. Choinnigh sé greim an fhir bháite orm inár leaba aontumhach aréir, ionas nár bhraith mé an oíche ar fad ach teas marbhánta a cholainne brúite le mo thaobh do mo scaladh. Ransaigh sé fríd mo chuid leabhar ar fad gan foighde a bheith aige tabhairt faoi cheann ar bith acu a léamh i gceart. Dá dtabharfainn quiz do anois ní thiocfadh leis teideal ná clúdach a thabhairt chun cuimhne.
Faighim suas le huair a chloig sa lá liom féin faoi uisce muirneach an fholcadáin ach thabharfainn an leabhar go gcluinim é taobh amuigh den doras ag fanacht, ag dréim le fuinneamh a shú asam athuair. An paisean ann a d’fhág i mo staic thíos faoi mé, a chuir drithlíní faoi mo ladhracha, a bhain searradh asam faoina mheáchan, tá faitíos orm anois go n-alpfaidh sé mé de theann leimhe, de theann leadráin, de theann na faic.
Ón uair nach bhfuil a dhath eile le déanamh, tarraingím anuas orm é agus cuirim mo mhéar i mbéal an alpaire.
Caitlín Nic Íomhair