Coraintín Domhanda 2020 Páras 5 Aibreán 2020

Coraintín Domhanda 2020 Páras 5 Aibreán 2020

Dán le Derry O’Sullivan

Cuirtear ar ceal

Lá breithe leanaí,

Féasta McDonalds,

Lá geilte gealaí,

Teach tórraimh gan faire,

Caointeoirí i gcéin,

Baintreacha scoite

dá gcéile i bpéin,

Cónraí na gcomharsan

Á n-iompar gan lámh,

Gan ghuaillí a gcarad,

Chuig uaigín gan dámh,

Éan cuideáin é sagart

Gan chléireach, amhail draoi

Ag aifreann gan phobal

Ar lionsaí FB,

Bord Fáilte ar scor

Ag Aerfort Bhleá Cliath,

Láimhseálaí bagáiste

Ag iompar earraí,

Análú frídíní

Amach is isteach,

Bac ar phóg bheola

Ag Mam nó ag neach,

Sé troithe idir phéire

A thógann an t-aer,

Athoiliúint a lamhnáin,

“Fir- Mná” faoin spéir,

Srian ar do charr,

Dhá mhíle saor-shlí,

I gcanna mar bhrá

A shúnn spaigití,

Lán mara sa bharda,

Is bac ar chuairteoir,

Obrádlann gan sceideal,

Dochtúirí gan treoir,

Lánúin ar néaróga,

Cith doirne nó scread,

A gcluasa á mbodhrú

Ag malraigh sa nead,

Amhail Lady Macbeth,

Gallúnaímid lámh,

Ag damnú gach spota

A mharaíonn ár sámh,

Na gruagairí glasta,

Ár ribí gan chóir,

Amhail mogall ar eorna

Ag brostú an fhómhair,

Ar phlásóga Pháras

Sleamhnáin gan leanaí,

Colúir gan ghrabhróga

Ar stáitse lilí,

Ná croith lámh le héinne,

Ná tochas do shróin,

Ná cuimil do ghrua,

Ach teann leat an fón,

Chím lionn dubh ag múchadh

Na sean is na n-óg,

Ach lon dubh ag preabadh

Ar leaca fuinneog.