Faoi léigear le gasúr, 2020

Jenifer Ní Ghrádaigh
Faoi léigear le gasúr, 2020
Tá an rialtas tar éis na bunriachtanais a leagadh amach dúinn agus muid faoi léigear. Codladh na hoíche? Bunriachtanas más cat thú – easair ar an liosta de sheirbhísí riachtanacha. Leapacha do dhaoine? Níl sé sin ar an liosta, a phleidhce, ní seo an t-am chun do theach a mhaisiú … (ach cogar, dúirt bean liom go ndúirt bean léi go bhfuil siopa sa cheantar atá in ann péint a dhíol, mar go ndíolann siad easair freisin – agus an scéal céanna le tuiscint ó bhallaí nualonracha na gcomharsan). Aontaíonn an gasúr s’againne leis an rialtas, is cuma leis gur cuireadh an leaba dó ar ceal, nach gcuireann sé fáilte is fiche romham sa chliabhán gach oíche ag a dó a chlog? ‘Barróigín, barróigín’, a scréachann sé in ard a ghutha má táim drogallach, agus ansin soipríonn sé síos go deas compordach ag cur caoi ar mo chosa le ciceanna beaga, fad is a thugann an naíonán sa bhroinn poc sa bholg dom chun a chearta féin a chur in iúl, agus mothaím go bhfuil riastradh ag teacht orm, idir easpa codlata agus easpa slí.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Jenifer Ní Ghrádaigh

Is scríbhneoir í Jenifer Ní Ghrádaigh