Freagra na Bunaíochta ar an Víreas Corónach

Aogán Ó Muircheartaigh

Caithfimidne,

Ceannasaithe ár dtíre,

Breith ar an bhfaill seo

Is an dea-riar a dhaingniú.

“Tá an donas ar a shlí!

Níl gar á shéanadh

Ná slí chun éalaithe.

Ní mór daoibh neadú

Agus clutharú

Tamall...”

Tabharfaidh na saineolaithe a gcomhairle

I gceartlár an aonaigh;

Is uathu a thiocfaidh an treoir:

Is orthu a thitfidh

Milleán aon teipe.

Tabharfaimidne cead a gcinn dóibh.

Cuirimis orainn féin

Gothaí na freagrachta—

Bíodh ár gcur i láthair paiteanta,

Snasta, dearfach!

Inár bhfuascailteoirí

A thiocfaimidne os comhair na ndaoine

Agus géillfear dúinn

Nuair a bhéarfaimid ar an bhfaill

Is go ngreamóimid chugainn

Cumhachtaí buana

‘Ar son an oird is an eagair.’

Aogán Ó Muircheartaigh

File, eagarthóir, aistritheoir agus craoltóir é Aogán Ó Muircheartaigh.