Ag an Dochtúir

Ag an Dochtúir

le Ciara Ní É

Seo mise ag an dochtúir -

ar bís leis an gceist is ansa liom

a fhreagairt:

‘An gcaitheann tú tobac?’

Táim ar bharr rang an tobac.

Caithim alcól -

tugaim liom an samhradh i gcannaí ceirtlise,

luím i bhfolcadán an leachta, amhail Cleopatra.

Caithim bia -

bím ag suirí le seacláid ’s sceallóga, ag spallaíocht le siúcra ’s saill,

Níl a dhath níos fearr ná barraíocht, bíonn blas ar an mórán.

Caithim laethanta leisciúla sa leaba, ’s oícheanta iontacha im’ shuí,

ní ólaim mo dhóthain uisce, triailim sneachta ’s Maidhc Dainnín!

Ach a dhochtúir mhaith, leis siúd uile ná bac,

Ach fiafraigh díom arís, an gcaithim tobac...