Ba é ár mbuntáiste gur ar oileán atáimid, ach níor tapaíodh é

Ba é ár mbuntáiste gur ar oileán atáimid, ach níor tapaíodh é

Fiosrófar amach anseo cad faoi ndear na difríochtaí idir an dá chur chuige ar an oileán seo i leith na paindéime domhanda Covid-19, a deir Póilín Ní Chiaráin

Theip glan ar na húdaráis thuaidh agus theas a theacht ar chur chuige aontaithe chun an coróinvíreas a cheansú. Níor baineadh leas as na buntáistí a bhaineann le bheith ar oileán. Dá ainneoin sin bhíothas ag súil go ndéanfaidís comhaontú faoi na socruithe is práinní maidir leis na srianta a scaoileadh.

Ba cheart é a dhéanamh fós féin.

Le teorainn oscailte 499 ciliméadar ó Loch Feabhail go Loch Cairlinne agus daoine á trasnú go seasta, tá na buntáistí céanna le baint as comhordú ar mhaolú na rialacha is a bhí lena gcur i bhfeidhm. Cé gur aontaigh na príomhoifigigh sláinte phoiblí, an Dr Tony Holohan agus an Dr Michael McBride, meamram tuisceana i mí Aibreán b’údar díomá é sa Tuaisceart nár tugadh ach leide do na húdaráis roimh ré faoi shonraí an phlean cúig phointe a d’fhógair an Taoiseach.

Ceist íogair ó thaobh na polaitíochta is ea an comhoibriú thuaidh theas, go háirithe nuair is ar Whitehall atá Stormont ag brath le haghaidh an airgid chun íoc as costas na géarchéime. Ní shéanann éinne, áfach, go luíonn sé le réasún nach ngéilleann an víreas don teorainn agus gur cheart a dhul i ngleic leis ar bhonn polasaí aontaithe.

Tá an turas ón Srath Bán go Leifear i bhfad níos giorra ná dhá chiliméadar. Go deimhin is ar éigean a d’fhéadfaí turas a ghlaoch air. Tá dhá thaobh an droichid i bhfoisceacht urchar méaróige dá chéile ach iad i ndlínsí difriúla.

Ní hiontas go raibh a chóngaraí is atá an dá áit sin dá chéile ar na hargóintí a d’úsáid an tOllamh Gabriel Scally mar thaca lena éileamh ar straitéis uile-Éireann, nó uile-oileánda más fearr leat, chun a dhul i ngleic le paindéim Covid-19.

Is féidir é a dhéanamh. Tá an fhianaise sin againn cheana féin. Roinntear acmhainní leighis le haghaidh cúram ailse, cuir i gcás. Tá ag éirí thar barr leis an tseirbhís trasteorann san aonad ailse nua in ospidéal Alt na Géibhlinne i nDoire. Is in ospidéal na leanaí i gCromghlinn a chuirtear seirbhís mháinliachta ar fáil do pháistí ó Thuaisceart Éireann a bhfuil galar croí orthu. Agus ar ndóigh d’éirigh thar cionn le bus Healy Rae a thug na sluaite aneas le haghaidh obráidí ar fhionna ar a súile.

Phléigh saineolaithe comhchuibhiú nó comhoiriúnú na seirbhísí sláinte ar dhá thaobh na teorann le gairid. Ar líne a rinneadh é, i seisiún a d’eagraigh an grúpa Ireland’s Future.

Sin í an eagraíocht a dhéanann anailís ar ábhair a bheadh lárnach sa phlé faoi Éire nua agus cealú na teorann.

Sé an dlíodóir Niall Murphy, Gaeilgeoir aitheanta a bpríomh-urlabhraí. Tá Murphy i measc na ndaoine is fearr aithne a tháinig slán ó dhroch-chás de Covid-19.

Ba iad Gabriel Scally, an tOllamh Jim Dornan agus an Dr Ilona Duffy na rannpháirtithe sa seisiún a bhí faoi chathaoirleacht an tSeanadóra Frances Black.

Bhíodar uilig i bhfabhar seirbhís sláinte chomhréitithe don oileán ar fad, é le tuiscint uathu go bhféadfaí sin a dhéanamh gan ligean do choimhlint pholaitiúil faoi Éire aontaithe a theacht salach ar chúrsaí. Mhol an tOllamh Dornan cur chuige a bheadh bunaithe ar mheamram tuisceana nach mbeadh aon teorainn i gcúrsaí sláinte.

Mar dhochtúir teaghlaigh i gceantar teorann dúirt an Dr Ilona Duffy go bhfuil taithí aici i gcontae Mhuineacháin ar sheirbhís dochtúireachta taobh amuigh de ghnáthuaireanta a bheith comhordaithe ar dhá thaobh na teorann. Mheas sí go raibh acmhainní á gcur amú mar nach raibh seirbhísí á roinnt. Dúirt an tOllamh Scally go bhfeabhsófaí caighdeán na seirbhísí thuaidh agus theas dá mbeadh acmhainní, taithí agus saineolas á roinnt. Bhíodar go léir deimhin de gurbh fhurasta fadhb ollmhór na línte feithimh a fhuascailt dá mbeadh sláinte ar bhonn uile-oileáin.

Tá na laigí ar dhá chóras do dhaonra atá faoi bhun seacht milliún nochtaithe go soiléir ag paindéim an chorónvíris. Maítear gurbh fhéidir cleachtais a fheabhsú bunaithe ar na ceachtanna atá foghlamtha le linn na paindéime - cianchomhairliú agus úsáid físe san áireamh. Is iomaí duine a bheadh amhrasach faoi úsáid na teicneolaíochta, áfach.

Tá míshuaimhneas faoi na haipeanna atá forbartha chun rianú a dhéanamh ar dhaoine i mbaol ionfhabhtaithe.

Níor deineadh tástáil ná rianú gurbh fhiú trácht orthu sa Tuaisceart áit a raibh Michelle O’Neill, Sinn Féin, diongbháilte nach bhféadfaí ach mionleasuithe a dhéanamh ar shrianta go dtí go mbeadh córais éifeachtacha i bhfeidhm chun an obair sin a dhéanamh.

Bhí an feidhmeannas aontaithe faoin bplean sin agus Arlene Foster ag comhairliú do dhaoine a bheith foighdeach. Moladh do dhaoine clúdach a chaitheamh ar a n-aghaidh dá mbeidís i spás cúng agus gan deis acu fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile. Iarradh orthu gan mascanna a úsáid mar go dteastódh cibé riar díobh atá ar fáil ó oibrithe sláinte agus cúraim. Mhol an tAire Infreastruchtúir, Nicola Mallon d’éinne a bheadh ag taisteal thar teorainn ar an gcóras iompair poiblí púicín nó clúdach a chaitheamh. Moltaí ab ea iad sin, ní orduithe.

Is iad an tástáil, an rianú agus an t-aonrú na céimeanna móra a bhfuil géarghá leo agus is deacair a thuiscint cén fáth nár cuireadh tús leo i bhfad níos luaithe. Bhí caint ar leas a bhaint as ‘aip an NHS’ sa Tuaisceart chun an rianú a dhéanamh ar dhaoine a bhí i dteagmháil le duine a mbeadh Covid-19 air. Bhí sé soiléir nach mbeadh aon mhaith san aip sin do dhaoine a mbíonn orthu an teorainn a thrasnú go minic. Mhol roinnt de na saoithe go mbeadh dhá aip ag an bpobal cois teorann. Ba ghearr go raibh ar Whitehall a admháil nach raibh an aip sin thar mholadh beirte.

Bhí comhlachtaí ghutháin i mbun oibre ar aipeanna nua, ach bhí an obair i bhfad rómhall. Tá imní ar go leor daoine faoi aipeanna agus seans maith nach mbeadh dóthain daoine toilteanach iad a úsáid le go mbeadh rath orthu mar ghléas rianaithe.

Cosaint sonraí is mó atá ag déanamh tinnis do dhaoine ach tá ceisteanna ag a lán faoin drogall atá ar na húdaráis leas a bhaint as cabhair an phobail.

Seachtain i ndiaidh fhógra an Taoisigh faoin bplean chun srianta a mhaolú de réir a chéile ó dheas, thagair an tAire Sláinte Simon Harris d’aip uile-Éireann.

Ag freagairt ceiste sa Dáil dúirt an tAire go mb’fhéidir go mbeadh daoine le gutháin chliste ó thuaidh in ann úsáid a bhaint as aip an deiscirt.

Dúirt sé chomh maith go raibh sé ag comhoibriú lena chomhghleacaithe ó thuaidh lena chinntiú go raibh a gcur chuige faoi mhaolú na srianta ag teacht le chéile ‘oiread agus is féidir’. Ach céard is ciall le ‘oiread agus is féidir’?

Ghéaraigh an plean faoisimh ó dheas ar an mbrú ar Stormont chun cuid de na srianta a scaoileadh. Tháinig na héilimh go tiubh i ndiaidh fhógra an Taoisigh. Chinn an Feidhmeannas nach raibh an ráta ionfhabhtaithe sách íseal agus go gcoinneofaí na srianta ar feadh trí seachtaine eile. Theastaigh uathu go dtitfeadh an ráta ionfhabhtaithe, an R, go 0.5 nó níos ísle ach bhí sé fós os cionn 0.8 agus tá an ráta báis sna hionaid chúraim do sheandaoine tubaisteach.

Tá an fhadhb uafásach chéanna sna tithe altranais ó dheas ach tá ráta scaipthe an ghalair sa deisceart tite go dtí 0.5 - 0.6 cheana féin.

Theastaigh ó lucht Stormont freisin fanacht ar chinneadh an Phríomh-Aire Boris Johnson, iad ag rá go raibh siad ag comhoibriú le náisiúin na Ríochta Aontaithe agus an Phoblacht.

Neosfaidh an aimsir agus na fiosruithe a bhunófar amach anseo cad faoi ndear na difríochtaí idir an dá chur chuige ar an oileán seo. Cén fáth a raibh leagan amach laissez faire faoi na calafoirt agus aerfoirt thuaidh agus theas? Cén fáth nár cuireadh daoine a thaistil isteach sa tír ar coraintín mar a tharla in áiteacha eile? Cén fáth nár deineadh dóthain tástála ó thuaidh? Cén fáth gurbh fhéidir cur chuige uile-oileánda a chur i bhfeidhm i dtaca leis an ngalar crúibe agus béil ach nár deineadh é do dhaoine? Ba é ár mbuntáiste gur ar oileán atáimid ach níor tapaíodh é.