Roimh an Rabharta Mhór
Le Eoghan Mac Giolla Bhríde
Nuair a thráigh sé, shiúil muid uilig síos i dtreo na farraige. Chuaigh an taoide i bhfad amach agus chonaic muid an gaineamh ag nochtadh áit nach raibh ann ariamh go dtí seo ach farraige. Shúigh an fharraige an t-uisce uilig ar ais chuici féin, á bhreith chuici, gur fágadh an trá tirim. Rith an t-uisce ina shroite agus ina shrutháin le fánaí, ag fágáil claiseanna sa ghaineamh. Ba rud as an ghnách é agus bhí muid ar fad tarraingthe síos ina threo ar chúis inteacht. Chruinnigh an pobal agus shiúil muid síos linn inár múrtha.
Chonaic muid na sliogáin dhaite ina luí ar an trá. Chuir muid inár bpócaí mar chuimhneacháin iad. Chonaic muid éisc tráite, ag lúbarnaigh ar an ghaineamh. Shiúil muid linn síos ag amharc ar an fharraige chiúin i bhfad síos uainn. Bhí feamnach agus clocha, smug éisc, píosaí plaisteacha agus ainmhithe beaga farraige thart fánár gcosa. D’fhéach muid suas an cladach. D’amharc na bádaí a bhí fágtha thuas
ansin ar an trá fholamh chomh greannmhar ar fad, iad
chomh hard ar bhéal na trá i bhfad uainn, ina suí ar an triomlach ar a leathbholg.
Shiúil muid linn síos ar urlár na farraige agus sheasaigh muid ansin ag amharc ar an radharc a bhí romhainn. Sheasaigh muid ansin tamall fada ag amharc amach ar an áit ar ghnách leis an fharraige a bheith. Shíl muid é a bheith galánta, galánta ar fad. Bhí suaimhneas ann. Suaimhneas agus síocháin aisteach. Shíl muid gur mhair sé i bhfad.
Tá an scéal seo le fáil i gcnuasach nua an údair,
Cnámh (Éabhlóid, 2019)