Bás George Floyd

Bás George Floyd

(Minneapolis
25-05-2020)

Gan fios ag éinne fód a bháis

Cé is moite George Floyd,

Agus mac Dé ina am féin.

Leiceann i gcoinne an tarmac

Glúin ar scornach,

An tagairt lag i dtreo a mháthar

Ó chuimhne cinn, ansin d’éag.