Curry my Fianna Fáil

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá ceap magaidh á dhéanamh ag Gregory Campbell an DUP den Ghaeilge agus tá fear nach bhfuil líofa sa Ghaeilge ceaptha ina aire
stáit Gaeltachta.

Sin cuid de na scéalta móra faoin teanga a bhí againn le roinnt seachtainí anuas.

Agus b’in cuid de na scéalta móra faoin teanga a bhí againn in 2014.

Tá curaí Campbell chomh neamhbhlasta céanna is a bhí sé bliana ó shin, ach tá difríocht shuntasach amháin ann maidir le scéal an aire stáit.

In 2014, ba Thaoiseach de chuid Fhine Gael a cheap Joe McHugh ina aire stáit gan Gaeilge agus ba rialtais de chuid Fhine Gael a chloígh leis an nós cúram na Gaeltachta a leagan ar aire stáit ó shin.

Briseann an dúchas trí shúile an chait, a dúirt lucht feachtais agus daoine eile sé bliana ó shin.

Ach dá olcas Fianna Fáil bheadh cuimhne sheanchaite éigin ar a ndúchas acu a d’fhágfadh go gcuirfidís aire a mbeadh Gaeilge líofa aige i bhfeighil
na Gaeltachta.

Is mairg don té a dhéanfadh deimhin dá dhóchas agus is deacair toghadh idir dhá ghabhar dhalla.

Murab ionann agus cás Joe McHugh in 2014, ní raibh aon ghleo mór ná agóid ag na heagraíochtaí teanga faoi cheapachán Jack Chambers.

Go deimhin, ní raibh gíog ná míog astu seachas a bheith ag iarraidh a chruthú gur Gaeilgeoir a bhí i Chambers i ngan fhios don saol.

Bhíodar oiriúnach le ceangal faoi sheanmhaslaí biogóideacha Gregory, áfach.


Comhfhreagras

Tréaslaím a alt dar teideal ‘An Phaindéim agus an Stát Aonteangach’ le John Walsh i Comhar (Meitheamh 2020). Is iomaí pointe maith a dhéanann sé ach ba chóir, dar liom, díriú ar cheann amháin ach go háirithe – teip Rialtas na hÉireann an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a shíniú is a dhaingniú.

Nuair a tháinig an Chairt ar an saol siar i 1992 dúirt Rialtas na hÉireann nár bhain an Chairt leis an nGaeilge toisc gur ‘teanga náisiúnta’ agus ‘príomhtheanga oifigiúil an stáit’ í. Níl sé seo fíor. Bhíos mar breathnadóir (le cead cainte) ar CAHLR (Comité ad hoc Langues Régionales), an coiste de chuid Chomhairle na hEorpa a dhréachtaigh an Chairt, agus féadaim a rá gur chinntigh ionadaí oifigiúil na hÉireann agus mé féin go gcuimseodh foclaíocht na Cairte an Ghaeilge in ainneoin a stádas ard bunreachtúil. Deir Airteagal 3.1 den Chairt :

Sonróidh gach Stát Conarthach ina ionstraim daingniúcháin, glactha nó formheasa gach teanga réigiúnach nó mionlaigh, nó teanga oifigiúil nach núsáidtear chomh forleathan ar a chríoch ar fad nó ar chuid dá chríoch, ar a mbeidh na míreanna arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 2(2) infheidhme... (Liomsa an cló trom)

Ait go leor, bhain dhá stát eile leas as an bhforáil seo chun teangacha ina ndlínse a chlúdach. D’ainmnigh an Fhionlainn an tSualainnis, siúd is gur teanga náisiúnta í san Fhionlainn, taobh leis an bhFionlainnis. D’ainmnigh an Eilvéis an Iodáilis (i Ticino) agus an Rómainis in ainneoin gur teangacha oifigiúla náisiúnta iad.

Chuir easpa spéise na n-eagraíochtaí Gaeilge sa Chairt ionadh agus díomá orm. Níl a fhios agam an easpa eolais nó easpa tuisceana faoi fhéidearthachtaí na Cairte don Ghaeilge ba chúis leis. Faoi Airteagal 15 den Chairt chaithfeadh an Rialtas tuarascáil a sholáthar do Chomhairle na hEorpa gach trí bliana ar a raibh déanta acu faoi fheidhmiú na Cairte agus chaithfidís an dréacht-tuarascáil a phoibliú roimh ré le go mbeadh deis ag an bpobal cruinneas agus cuimsitheacht na tuarascála a mheas agus a dtuairimí a chur in iúl
don Chomhairle.

Ó bunaíodh an stát s’againne bhí seasamh na Rialtas éagsúil i leith na Gaeilge bunaithe ar bhéalchráifeacht agus ar chur i gcéill. Bhí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge marbh-bheirthe ón gcéad lá. Cuimhneoidh roinnt léitheoirí ar Pháipéar Bán an Rialtais don Ghaeilge i 1965 agus a dhoiléire is a dhébhríche is a bhí sé. In ainneoin a laige níor cuireadh a leath i bhfeidhm riamh! Cathain a fhoghlaimeoimid
an ceacht?

Tá géarghá le monatóireacht sheachtrach neamhspleách ar fheidhmiú pholasaí an stáit i leith na Gaeilge. Uirlis chuige sin í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Nach mithid dúinn í a úsáid? Tá 25 tír Eorpach tar éis an Chairt a shíniú is a dhaingniú. An bhfuil sé iomarcach a bheith ag súil go mbeidh Éire ar an 26ú tír a dhéanfaidh an beart?

Dónall Ó Riagáin, Cill Dara

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie