Nuair a chéadchaoch an ‘Súil Eile’ ...

Seán Tadhg Ó Gairbhí
Nuair a chéadchaoch an ‘Súil Eile’ ...

Foilsítear anseo sleachta as ‘Súil Eile’, leabhar nua faoi stair TG4

Is i seomra leapa in Óstán na Páirce i nDún Garbhán i dtús na bliana 1995 a chéadchaoch ‘Súil Eile’ le Pádhraic Ó Ciardha. Bhí lá fada tugtha ag Ceannasaí Forbartha agus Faisnéise eilifís na Gaeilge agus a chomhghleacaithe ag babhtáil tuairimí agus smaointe faoin leagan amach a bheadh ar an stáisiún nua. Bhí Euryn Ogwen Williams, léiritheoir teilifíse aitheanta ón mBreatain Bheag, tagtha i measc na nGael chomh maith chun comhairle a leasa a chur orthu.

Bhí meitheal bheag na teilifíse an-bhuíoch as a chomhairle stuama, ach thuigeadar go rímhaith, a deir Ó Ciardha, go mbeadh orthu seifteanna nua a ghabháil chucu féin chomh maith.

Saghas guru a bhí in Euryn Ogwen Williams, pleanálaí straitéise den scoth ba ea é agus fear spreagúil. Ba go fial a roinn ár gcairde in S4C a gcomhairle linn ach thuigeamar ag an am céanna gur cur amú ama a bhí ann a bheith ag déanamh an iomarca comparáide idir S4C agus muid féin. Bhí na giúirí iomlán éagsúil. Bhí, agus tá, i bhfad Éireann níos mó airgid agus acmhainní acu siúd.

Tagann Cathal Goan leis an méid sin.

Bhí deich n-oiread acusan is a bhí againne, ábhar misnigh dúinn ba ea an tacaíocht, ach ag an am céanna thuigeamar nach raibh aon chiall ann sinn féin a chur i gcomparáid leo mar bhí ‘Rolls Royce’ acu sin agus ní raibh againne ach ‘Mini’.

In Ostán na Páirce i nDún Garbhán bhíothas fós ag iarraidh tuiscint cheart a fháil ar rialacha an bhóthair. Cinneadh sos beag a thógáil ón obair chun deis a thabhairt do dhaoine anáil a tharraingt.

Ar feadh tamaill roimhe sin, bhí cur agus cúiteamh ann faoin scáthmhana a bheadh ag Teilifís na Gaeilge ach cás gan fuascailt a bhí ann i gcónaí. ‘Fág fúmsa é,’ a dúirt Ó Ciardha. Luigh sé siar ar a leaba dó féin agus roithleán ina cheann aige ag an seisiún fada ransaithe smaointe. Bhí dul chun cinn áirithe á dhéanamh ó mhaidin. Ba léir anois, mar shampla, go dtógfadh Teilifís na Gaeilge ‘a mhúnla ar iasacht go hiomlán ó S4C’, mar a deir Ó Ciardha féin. Eagras neamhspleách a bheadh ann agus é ag brath den chuid is mó ar sholáthar reachtúil clár ón gcraoltóir náisiúnta agus ar an earnáil neamhspleách. I bhfocail eile – Foilsitheoir-Craoltóir ar chuma S4C.

Thairis an méid sin, ba mhó an tuiscint a bhí ag foireann na teilifíse ar cad é nár theastaigh uathu. Cad a bheadh ann? B’fhurasta go fóill á rá cad é nach mbeadh ann. ‘Ní leagan Gaeilge de RTÉ a bhí uainn, ná ní leagan teilifíse de Raidió na Gaeltachta a bhí uainn,’ a deir Ó Ciardha. Thabharfadh Teilifís na Gaeilge léargas eile ar an saol comhaimseartha agus chuige sin bheadh orthu dul i bhfeidhm ar phobal a bhí, ar a laghad ar bith, ‘neodrach’ faoin nGaeilge. Ach conas a d’fhéadfaí breith ar an méid sin i gcúpla focal? Conas a dhéanfaí achoimre ar an gcaint theibí ar fad a bhí déanta thíos staighre san óstán acu?

Íomhá friseáilte. Samhail nua. Léargas difriúil. Seirbhís a bheadh neamhchosúil le RTÉ. Seirbhís a bheadh neamhchosúil le RnaG. Seirbhís a bhain leis an bhfreacnairc. Seirbhís a bheadh á cur ar fáil ag foireann óg fhuinniúil. Bealach úr le féachaint ar an saol agus ar an nGaeilge. Rud éigin a bhainfeadh an brach de na súile acu siúd a bhí neodrach nó naimhdeach. Éagsúil. Difriúil. Nua. Úr. Eile.

Síos staighre arís le Pádhraic Ó Ciardha, mar a raibh meitheal na teilifíse Gaeilge ag bualadh le chéile an athuair.

‘Tá sé agam,’ a dúirt sé. ‘Súil Eile’.

………………………………………

Samhain na bliana 1989 a bhí ann.

Bhí Micheál Ó Meallaigh agus seisear nó seachtar eile bailithe isteach i seomra beag i gceannáras Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara. Bhíodar ag fanacht le tús an chéad chúrsa teilifíse riamh ag Údarás na Gaeltachta. ‘An Braon Anuas’ a bhí tugtha acu ar an seomra ina raibh an chéad rang le bheith ann an mhaidin sin toisc go raibh an díon ag ligean tríd. ‘Samhail de thodhchaí na teilifíse Gaeilge, is dócha!’ a deir Micheál Ó Meallaigh anois de gháire.

Thiar in 1989 ba dheacair ag éinne Teilifís na Gaeilge a shamhlú, gan trácht ar thionscal teilifíse Gaeltachta.

Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh aon easpa samhlaíochta ar Ruán Ó Bric, Pádraig Ó hAoláin nó roinnt daoine eile a bhí ag obair in Údarás na Gaeltachta. Ag tráth ar bhain coincheap na teilifíse Gaeilge le réimse na reitrice amháin, rug lucht an Údaráis tur te ar an aisling agus chuadar i mbun gnímh. Shocraigh an eagraíocht fiontraíochta airgead mór a infheistiú i dtógáil tionscal closamhairc sa Ghaeltacht. Athrú cúrsa iomlán a bhí ann don Údarás arbh é a ról ón uair a bunaíodh é ná tionscail sa chiall thraidisiúnta a mhealladh chun na Gaeltachta.

D’éirigh leo breis maoinithe a fháil ón Aontas Eorpach agus faoi dheireadh na bliana 1989 bhí an tÚdarás réidh chun oiliúint a chur ar dhaoine i scileanna teilifíse.

Bhí an chéad chúrsa ar tí tosú agus Micheál Ó Meallaigh agus a chomhfhoghlaimeoirí ag fanacht sa ‘Braon Anuas’ agus gan fios acu cad a bhí i ndán dóibh. Thángadar ó chúlraí éagsúla — ag obair ó thuaidh i dtionscal na n-óstán a bhí Michéal Ó Meallaigh nuair a chas Fionnbarra Ó Muirí agus Bríd Ní Shírín ón Údarás air agus iad lán cainte faoin gcúrsa nua a d’oirfeadh do thionscal nárbh ann dó fós.

D’oscail an doras go tobann sa ‘Braon Anuas’. Isteach le hEoghan Harris, duine de na léiritheoirí teilifíse agus na tráchtairí ba mhó aithne sa tír. ‘What time is it?’ a d’fhiafraigh sé den rang agus bhailigh leis amach arís sula raibh deis ag éinne freagra a thabhairt air. Bhí Micheál Ó Meallaigh agus a chomrádaithe fós ag féachaint ar a chéile agus mearbhall orthu nuair a tháinig Harris an doras isteach chucu arís. ‘What time is it?’ a d’fhiafraigh sé arís agus gach aon gheáitse an uair seo aige. Rug sé greim ar chiseán a bhí ar an urlár, leag ar an mbord é agus amach leis arís.

Thuig lucht an ranga gur dúléim an daill a bhí i gceist nuair a chláraíodar leis an gcúrsa ach bhíodar ag éirí buartha i gceart anois. Chas Micheál Ó Meallaigh leis an té a bhí in aice leis agus dúirt: ‘Cén t-am atá i gceist aige? Londain? Baile Átha Cliath? Nua-Eabhrac? Tokyo?’

‘N’fheadar an bhfuil sé ag teacht ar ais in aon chor?’ a dúirt duine eile. Mar a bheadh nod sa cheist dó, tháinig Harris ina láthair arís agus cuma an-suaite anois air. ‘What time is it?’, a bhéic sé, leag sé an ciseán den bhord le teann feirge agus d’imigh sé den tríú huair agus fuadar faoi. ‘Íosa Chríost na bhflaitheas. Tá mo dhuine as a mheabhair,’ a dúirt duine éigin.

Stop an gáire nuair a nocht Harris sa doras arís. Isteach leis. ‘The first time was realism, the second time was melodrama, the third time was ... television!’

Tús spleodrach a bhí ann leis an gcéad chúrsa teilifíse ag Údarás na Gaeltachta.

‘Bhí Harris iontach. Bhí sé tharr barr ó thaobh insint scéil de agus dúirt sé linn go gcaithfí an scéal a insint fiú dá ruaigfí as an gceantar dá bharr tú,’ a deir Michéal Ó Meallaigh. (2014)

Ba mhó an tuiscint a bhí ag foireann na teilifíse ar cad é nár theastaigh uathu

Níor éirigh leis an léiritheoir teilifíse a lucht féachana ar fad a thabhairt leis an lá sin, áfach. Ar dhuine de na daoine a bhí sa rang aige an mhaidin áirithe sin, bhí Donncha Ó hÉallaithe. Bhí Ó hÉallaithe míshásta gur Bhéarla a bhí á labhairt ag Harris le linn chúrsa teilifíse i gceartlár na Gaeltachta. Sheas an feachtasóir agus chuir sé an méid sin in iúl go neamhbhalbh dá raibh i láthair. D’imigh sé an doras amach agus níor fhill sé arís. Bhí scéal faoin eachtra sna meáin agus bhí lucht an Údaráis buartha go dtarraingeodh an chonspóid droch-cháil ar an obair.

Faoin am ar chríochnaigh an chéad chúrsa bhí an chuma fós ar an scéal gur chaisleán óir an plean do thionscal teilifíse Gaeltachta agus bhí daolbhrat an amhrais fós anuas ar aisling na teilifíse Gaeilge nuair a thug Cathal Goan cuairt ar rannpháirtithe an chúrsa i Márta 1990. Dar le Micheál Ó Meallaigh, bhí an teachtaireacht a bhí ag fear RTÉ duairc go maith.

‘Dúirt Cathal Goan linn: “Níl dea-scéal agam daoibh, níl aon chaint dáiríre faoi Theilifís na Gaeilge agus níl aon obair in RTÉ. Má tá obair eile agaibh, tóg é.” Bhí sé macánta faoi.’

D’éirigh go maith, áfach, le fiontar nua an Údaráis, agus ina measc siúd a d’fhreastail ar an gcéad chúrsa sin bhí Niall Mac Eachmharcaigh, duine de na daoine a chruthaigh CU Burn ina dhiaidh sin, agus Aodh Ó Coileáin, duine de na chéad eagarthóirí ar Nuacht TnaG agus fear a bhfuil roinnt clár faisnéise den scoth déanta don stáisiún aige.

Idir 1989 agus 1996 chuir Údarás na Gaeltachta cúrsaí dá leithéid ar bun gach aon bhliain agus faoin am ar luíodar isteach ar bhunú an stáisiúin níl aon amhras ach go raibh lucht na teilifíse buíoch as saothar fadradharcach na heagraíochta fiontraíochta. ‘Bail ó Dhia ar Ruán Ó Bric agus Pádraig Ó hAoláin, sin an méid a déarfaidh mé,’ a deir Pádhraic Ó Ciardha.

I dtús na bliana 1995 bhí gach aon chabhair eile a bhí ar fáil ag teastáil ó mheitheal na teilifíse agus iad faoi choimirce an tsí gaoithe. Ag spaisteoireacht dó i nDomhnach Broc ag an am, is cuimhin le Micheál Ó Meallaigh stopadh cois abhann chun féachaint ar lacha á bhí ag streachailt léi san uisce, í á scuabadh chun siúil ag an sruth. Agus an t-eagarthóir coimisiúnaithe nuacheaptha ag déanamh a shlí ar ais go dtí ‘ceannáras’ nua Theilifís na Gaeilge ag 4 Cearnóg Earra Ghaidheal, ní fhéadfadh sé íomhá na lachan a chur as a cheann.

‘B’in muide?’ a d’fhiafraigh sé de féin.

— Tá ‘Súil Eile’ le Seán Tadhg Ó Gairbhí foilsithe ag Cois Life agus beidh sé á sheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie