LÉIRMHEAS

LÉIRMHEAS

An Bhrachlainn Mhór

le Tomás Ó Flaithearta

Éamon Ó Ciosáin (eag)

LÉIRMHEAS: Luke Callinan

Cruthú dearfa atá sa mbailiúchán scríbhinní seo le Tomás Ó Flaithearta go raibh éirim na scríbhneoireachta Gaeilge ann chomh maith céanna is a bhí ina dheartháir Liam.

Murab ionann agus Liam, faraor, níorbh é an fad saoil dán Thomáis agus bhí sé faoi chré na cille in aois an dá scór is sé bliana. Ina dhiaidh sin féin, b’fhear é Tomás nár chodail go headra go minic lena bheo. Ba é an t-aon duine a rugadh dá mháthair, dar leis, ‘a bhí in ann cion fir a dhéanamh ar thalamh agus ar thrá, i ngort is i ngarraí’. Ghlac sé ról lárnach i mbunú an pháirtí chumannaigh i Meiriceá agus sheas sé go diongbháilte le cosmhuintir na tíre sin sa ngleic ar mhaithe le cúinsí oibre agus pá níos fearr a ghnóthú. In éineacht le Seán Beaumont a bhunaigh sé an chéad nuachtán seachtainiúil sa nGaeltacht sna 1930idí - An tÉireannach - foilseachán sóisialach ar a raibh sé seal ina eagarthóir.

Tuairisc bhríomhar fhuinniúil ar shaol mhuintir Árann le linn fin de siècle an naoú céad déag atá sna gearrscéalta le Tomás atá i gcló anseo. Ní haon ionadh gurbh í An Bhrachlainn Mhór rogha an eagarthóra mar theideal don fhoilseachán seo ós ar an mbrachlainn mhór agus ar iompú na taoide a bhí chuid mhaith de shaol Árann ag brath le linn óige Thomáis agus tá a rian sin ar na scéalta.

Cumannach agus ceardchumannach ab ea Tomás nár chuir fiacail ariamh ann ach is furasta fréamhacha an Weltanschauung áirithe úd a aithneachtáil sna gearrscéalta óir ba ghéarchúiseach stuama an tuiscint a bhí ag tuismitheoirí na bhFlaithearteach ar an saol mór, Micheál agus Maggie.

Sa ngearrscéal An Capall Bán deirtear linn gurbh fhear é athair Thomáis ‘nach raibh mórán muiníne aige as an gcine daonna agus go raibh sé i gcónaí ar a aireachas’. Fear macánta gearrchainteach a bhí ann a sheasfadh an fód i gcónaí ar son chúis an té a bhí faoi leatrom. Gean an-mhór a bhí ag Tomás ar a mháthair agus is cosúil gur bean ghrádiaúil dhéirceach a bhí inti ariamh a ‘thabharfadh... an fata deireanach a bheadh aici do dhuine bocht a measfadh sí ocras a bheith air’.

Is ann go deimhin do théama na déirce sna gearrscéalta trí chéile. I ‘Mallacht na Baintrí’ deir an reacaire go bhfuil daoine ann ‘a chuireann luach mór ar a dtugann siad uathu agus luach ríbheag ar a bhfaigheann siad’.

Thar aon ní eile tá léirthuiscint ag an scríbhneoir ar a phobal féin agus ar gach uile ní beo sa bpobal sin. Ní ann a thuilleadh don tuiscint ghléineach ar an saol fisiciúil atá thart timpeall orainn. Sa scéal ‘Bás an Ghainéid’, deir an scríbhneoir linn ‘(a)ch an oiread liomsa, ba duine ceanúil ar bheithígh agus ar éanacha é Séamus… nuair a thigeadh sé (An Gainéad) isteach ar maidin ón bhfarraige mhóir ag soláthar a chuid bídh, feictear dom go gcaochadh sé a leathshúil orm nuair a bhínn ag iascach ar an Ulán Buí faoi Aill an Áir’. Ón bpréachán mór oilbhéasach, an broigheall, an seabhac agus an faoileán go dtí an ronnach, an capall bán agus an bhó atá sáinnithe i scailp, is iomaí ainmhí a gcuireann muid eolas ar a gcuid tréithe sainiúla sna scéalta taitneamhacha seo. Más olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt, ní haon áibhéil a rá gur glóraí i bhfad é an bhícearnach atá le cloisteáil ag an té a bhíonn ag coisíocht ar na saolta seo agus aimsir na dianghlasála buailte linn. Is cinnte freisin gur mó broc, sionnach is giorria fánach a d’fheicfeá anois ar bhóithríní tuaithe ná ariamh agus muid ag cur aithne arís de bheagán orthu sin a chuireann fúthu in aon pharóiste linn.

Thar aon ní eile tá léirthuiscint ag an scríbhneoir ar a phobal féin agus ar gach uile ní beo sa bpobal sin

Scríobh Feargal Ó Béarra san iris seo roinnt blianta ó shin go ndearna Máirtín Ó Cadhain ‘sainiú ar chumhacht an fhocail agus ar údarás na cainte mar earra lena bhféadfaí nádúr an duine a chur i gcéilí agus i bhfírinne’. Ba é ba dhual don Chadhnach: tuiscint ghéar ar an saol mór; meas ar an duine daonna; agus féith na scríbhneoireachta go smior. An mianach chéanna a bhí sna Flaitheartaigh ar go leor bealaí.

Is mór gur suim liom na míreanna as úrscéal easnamhach le Tomás a cuireadh ar fáil sa leabhar seo, Pádraic, agus is ann a fhaigheann muid léargas grinn ar dhearcadh an scríbhneora i leith cúrsaí polaitíochta, sóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann le linn bhlianta luatha an tSaorstáit. Laistigh de dhá dhréacht-chaibidil agus leathanach amháin as caibidil eile, éiríonn le Tomás ceisteanna a shní isteach ann maidir le cearta na n-iascairí beaga, seilbh na maoine (‘Tá an dream céanna i gceannas saibhreas na tíre a bhí ariamh.’), cúrsaí sóisialta agus polaitíocht Mheiriceá (‘Ní raibh an tír sin chomh maith ariamh is a bhí cáil uirthi.’). Ba é Séamus Ó Conghaile a dúirt i 1908 gur tógadh dealbh na saoirse i gCuan Nua-Eabhrac le hamharc amháin deiridh a thabhairt d’imircigh ar an tsaoirse sula leagfaidís cois ar thalamh Mheiriceá. Anailís mar í a bhí ag an bhFlaitheartach ar ‘shaoirse Mheiriceá’ leis. Ní hin le rá gur tháinig sé leis an dream a cheap gur bhreá an mhaise bheith beo bocht an fhad is nach mblaisfeá aon chuid de chultúr an domhain mhóir. Is go neamhbhalbh a nocht sé a chuid tuairimí agus é ag scríobh faoin ainm cleite Mícheál Riabhach in An tÉireannach: ‘Séard a deirimse leo go bhfuil sé in am muintir Árann uile a mhilleadh, más milleadh a ndóthain le n-ithe a thabhairt dóibh agus beagán de shó agus de shult an tsaoil seo a thaispeáint dóibh.’

Fear é Tomás Ó Flaithearta a bhí in ann an saol mórthimpeall air a aithneachtáil agus a thuiscint. Ba ríléir dó gur loiceadh ar iarrachtaí na streachailte le saoirse pholaitiúil, eacnamaíochta agus shóisialta a bhaint amach in Éirinn. Ach an oiread le Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Peadar O’Donnell, fáisceadh a chreideamh polaitiúil sóisialach as gnóthaí an tsaoil i bpobal tuaithe gona chruatan, thónáiste, spionnadh, chineáltas is áilleacht. Is fearr ag an gCadhnach é: ‘Níor leag mé peann ar an bpáipéar ariamh nach raibh sibh i m’intinn. Nach raibh sibh ag dul idir mé is an páipéar, ag dul ar an bpáipéar...mar sin a bhí is a bhéas, mar sin is dual. Mar is sibh mo mhuintir, mo mhuintir fhéin. Ach is gaire deoch ná scéal.’