An saol a bhíonn ag síorathrú...

Aodh Ó Coileáin
An saol a bhíonn ag síorathrú...

Is mó saighead ar bhogha TG4 agus ceathrú céid curtha dóibh acu agus beidh gá leo ar fad, a deir Aodh Ó Coileáin

Is go seiftiúil a bhailigh TG4 lucht féachana chuige féin le cúig bliana fichead. Is mó cor a bhí i scéal na teilifíse ó d’oibrigh mé féin mar Eagarthóir Cláir Nuachta sa stáisiún nuair nach raibh ann ach crann cumarsáide ar chiumhais an chriathraigh i mBaile na hAbhann.

Bhíodh comhráite an uair úd, 1996 – 2003, faoi shlata tomhais AC Neilson, an comhlacht taighde margaíochta domhanda a bhfuil a cheanncheathrú trasna na farraige ó Chonamara i Nua-Eabhrac aige.

Níl an tábhacht chéanna leis an gcrann cumarsáide úd a thuilleadh, in ainneoin a ndúradh i nDáil Éireann faoin aeróg UHF a bhí le feistiú in airde chun an stáisiún nua a thabhairt anuas an simléar. Is mó slí atá ag meáin ó shin chun a gcuid ábhair a bhrú anuas orainn. D’fhás cloigeann eile ar an mbeithíoch, a bhí ceal féaraigh ó Thithe an Oireachtais go mór mór sna blianta tosaigh, le forbairt TG4.ie agus le cúnamh na teicneolaíochta digití. Tugann úsáideoirí meán sa Ghaeltacht, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, cuairt ar bhranda TG4 a mhaítear a bheith ar fáil ‘Aon Am, Aon Áit’. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an stáisiún ó thaobh na scannán de le blianta beaga anuas ach beidh dúshlán i gceist chun réimse na nuachta agus na gcúrsaí reatha a fhás agus a fhorbairt ionas go mbeidh sé in araíocht don ré dhigiteach.

Ach na scannáin ar dtús. Roghnaigh Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann an scannán Foscadh a scríobh agus a stiúir Seán Breathnach ó Leitir Mealláin chun a bheith san iomaíocht thar ceann na hÉireann le haghaidh na nGradam Oscar i gcatagóir an Scannáin Idirnáisiúnta is Fearr in 2022. Cé go bhfuil rath ar an scéim Cine4 a cuireadh ar bun in 2017, is ó dhíorma an-bheag aisteoirí a thagann na rannpháirtithe. Feictear na haghaidheanna céanna, dá fheabhas cuid acu, rómhinic. Is ón amharclann a tháinig cuid mhaith d’aisteoirí na linne, ní gá ach féachaint ar an scannán Foscadh, a bhfacthas an chliar iomlán ar stáitse na Taibhdheirce sna blianta a caitheadh.

Tuigeann Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, é seo agus is fiú na léiriúcháin a cuireadh ar an stáitse in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ar bheagán acmhainní a liostú anseo mar nach féidir, i mo thuairimse an stáitse agus an scáileán Gaelach a dhealú óna chéile. Bhí an t-aisteoir cumasach ó Foscadh Dónall Ó Héalaí sa dráma Jude le Mícheál Ó Conghaile a stiúir Seán Ó Tarpaigh sa Taibhdhearc in 2007.

B’ iontach mar a dhein Fionnuala Flaherty as Árainn páirt an Gharda Clíona in Fiach le Philip Doherty a léirigh Fíbín/an Taibhdhearc in 2020 ar leac dhoras an halla ina mbíodh Johnny Chóil Mhaidhc ag léiriú a chuid drámaí ó na 1950idí go dtí na 1990idí! Bhí fear Luimnigh Cillian Ó Gairbhí sa léiriú Maum in 2015 a scríobh Síghle Ní Chonaill. Is é Diarmuid de Faoite a bhí i bpáirt an taibhse, an táilliúir, i ndráma Vincent Woods, Amhrán an Bhonnáin Bhuí. Thug Tara Breathnach taispeántas cumhachtach uaithi i bpáirt Bess sa dráma céanna in 2020 agus ghlac Eoin Geoghegan páirt sa léiriú sin freisin. Dhein Máire Ní Mháille ceann de na príomhpháirteanna in Dún na mBan Trí Thine le hEilís Ní Dhuibhne in 2017. Is deacair dearmad a dhéanamh ar an ról a bhí ag Macdara Ó Fátharta ina chóiriú féin ar úrscéal Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille san earrach in 2002. Is é Brendan J. Conroy a bhí i bpáirt an Dr. Thomas Stockmann i gcomhléiriú Moonfish/an Taibhdhearc de dhráma Ibsen Namhaid don Phobal sa bhliain 2009. Rinne Máirtín Jaimsie páirt Árannaigh cháiliúil eile Liam Ó Flaithearta in 1988 sa dráma An Spailpín Fánach a scríobh Criostóir Ó Floinn nuair a bhí an Taibhdhearc trí fichead bliain slán.

Nuair a théann an gabhar don teampall, ní stadann sé go dtéann sé ar an altóir agus tar éis bliain go leith ar an mbord, toghadh mise i mo chathaoirleach ar bhord na Taibhdheirce in 2018. Ba é Alan Esslemont ba thúisce a ghlaoigh orm ag tairiscint tacaíochta. Phléamar roinnt bealaí praiticiúla lena bhféadfaí comhoibriú idir an dá eagraíocht a chothú. Mar thús, ba chabhair shuntasach na míreanna fógraíochta a craoladh ar TG4 faoi léiriúcháin na Taibhdheirce.

Ar scáth a chéile a mhairimid faoi mar a dúirt Michael D. Higgins i Londain le Banríon Shasana in 2014. (Fothain nó foscadh nó scáth faoi mar a thug Raiftearaí air i Seanchas na Sceiche – ‘…ar bhord Áth Cinn is é go mór ag báistigh, dhruid mé i leataobh agus ní gan ábhar, go bhfaighinn tom nó claí a dhéanfadh scáth dom.’)

Chonacthas dom go raibh cosúlachtaí idir TG4 agus An Taibhdhearc, ar shlí, micreacosma ceann ar an gceann eile: maoiniú €40.7m agus €320,000 in aghaidh na bliana faoi seach. Cúraimí leagtha orthu araon ábhar a sholáthar don phobal, margaíocht a dhéanamh air, foireann a fhostú agus a dtithe a chothabháil ach cóta péinte a chur orthu go rialta agus mar sin de.

Dúshlán riamh anall sa Taibhdhearc ba ea cainteoirí maithe a chur ar an stáitse: deirtí nach mbíodh muintir an bhaile mhóir tógtha le Gaeilge dhúchasach ón stáitse agus nach mbíodh muintir na Gaeltachta sásta glúin a fheacadh ag altóir na teanga a chodail amuigh. Caitear freastal ar an dá aicme agus fearacht TG4 bíonn fortheidil ar fáil don lucht féachana sa Taibhdhearc.

Mhaígh Ard-Stiúrthóir TG4 go raibh a mhacasamhail i gceist le lucht féachana na teilifíse: croílucht féachana, an pobal sin a bhfuil an Ghaeilge ina gnáth-theanga labhartha acu, agus go bhfuil mórphobal féachana na tíre ann chomh maith.

Tagann taighde a cuireadh i gcrích i mbliana: Nuacht, Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge, a raibh páirt agam féin ann, leis an tuairimíocht seo. Dúirt roinnt rannpháirtithe ón nGaeltacht a ghlac páirt sa chuid cháilíochtúil den tionscnamh go mb’fhearr leo éisteacht le hanailís faoi scéalta nuachta i mBéarla ná a bheith ag éisteacht le saineolaí ag iarraidh a bhó a chur thar abhainn i nGaeilge bhriste.

Leis an maoiniú beag a chuirtear ar fáil don Taibhdhearc agus an dúshlán a bhaineann le lucht féachana a mhealladh, bíonn aird ar an gceist seo i gcónaí agus ábhar á roghnú don stáitse. Níl dabht ormsa ach go bhfuil an scáileán ag brath ar an stáitse chun oiliúint a chur ar aisteoirí agus tá deiseanna iontacha comhpháirtíochta idir TG4 agus an Taibhdhearc ann faoi láthair agus an compántas láidir amharclainne, Fíbín i seilbh na háite go ceann trí bliana.

Tá obair le déanamh i gcothú aisteoirí nua, bíodh is go bhfuil fuinneamh curtha ag TG4 sna healaíona Gaeilge trí chéile: an léiritheoireacht, an aisteoireacht, an stiúrthóireacht, an ceol, an rince, dearadh seit agus mar sin ar aghaidh. Rinneadh forbairt mhór ar an fhaisnéis mar sheánra ar leith ó 1996, taispeánfar The Queen v Patrick O’Donnell a choimisiúnaigh TG4 ón gcomhlacht Gaeltachta ROSG ag trí cinn déag d’fhéilte idirnáisiúnta scannán ar a laghad. Tá earnáil chumasach léiriúcháin ag fás in Iarthar na hÉireann de thairbhe infheistíocht TG4 le cúig bliana fichead.

Agus an earnáil ag athrú agus á tiomáint ar nós giorria Márta ag an teicneolaíocht, ceann de na dúshláin mhóra atá roimh TG4 ná straitéis chuimsitheach do ré dhigiteach a leagan amach don stáisiún. Is sa réimse nuachta agus cúrsaí reatha is mó a theastaíonn an straitéis seo.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge i mí Iúil, dúirt ceannasaí an stáisiúin go bhfáilteofaí roimh chinneadh polaitiúil a chuirfeadh deireadh leis an soláthar uair an chloig d’ábhar sa ló a chuireann RTÉ ar fáil do TG4. Bheadh sé seo ag brath ar a dhóthain acmhainní a bheith ar fáil chun seirbhís cheart nuachta atá ‘always on digital’ agus a bheadh ag feidhmiú ag an leibhéal céanna is a bheifí ag súil leis óna mhacasamhail i mBéarla.

Ar ndóigh bheadh a leithéid de sheirbhís ‘nua’ ag teacht go paiteanta leis na prionsabail a bhaineann le héagsúlacht, iolracht agus ionchuimsiú a bhíonn scríofa go láidir in aon reachtaíocht a eisítear ón mBruiséil nó ó Shráid Chill Dara. Dúradh nach raibh sé praiticiúil seirbhís nuachta a thógaint lasmuigh de RTÉ i 1996 ach tá an t-am ceart anois ann tabhairt faoi phlean eile. Níltear ag brath a thuilleadh ar chrainn chumarsáide ná ar tharchuradóirí ná ar ghréasáin atá imithe i léig ó bhí Hiúdaí agus a chairde ag fógairt ón mbosca úd a bhíodh sa chúinne.

Feictear dom, arís ón taighde Nuacht, Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge (Samhradh 2021) go bhfuil obair mhór le déanamh ar an soláthar nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mar a dúirt fear os cionn 55 bliain d’aois ó Chúige Mumhan a ghlac páirt i gceann de na grúpaí fócais: ‘Ba mhaith liom go mbeadh clúdach níos fearr i nGaeilge ar nuacht idirnáisiúnta, tá sé riachtanach go mbeimis ag faire amach ar chúrsaí an tsaoil mhóir agus gan a bheith ar ár n-imleacáin féin i gcónaí’. Ar ndóigh beidh súile lucht meán agus an phobail araon ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus go speisialta aon soláthar a mholfaí d’earnáil na Gaeilge.

Is mó saighead ar bhogha TG4 agus ceathrú céid curtha dóibh acu agus beidh orthu na saigheada a chaitheamh go straitéiseach agus an earnáil de shíor á hathchruthú féin. Tá dúshláin ag baint le seirbhísí meán a sholáthar do phobal teanga atá scaipthe sna ceithre hairde, scáinte in áiteanna ach ceangailte le chéile trí ghréasáin idirlín. Mar bhuille scoir, i bhfad ón www.com, bhíodh Alan Esslemont sa lucht féachana le haghaidh na seónna sa Taibhdhearc agus mar a deirimid i gCiarraí, ní beag san!

Aodh Ó Coileáin