Forbairt agus conspóid i gCois Fharraige 

Forbairt agus conspóid i gCois Fharraige 

Coiste an OIreachtais 1974 - Comharchumann

Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar an mbealach ar bunaíodh Comharchumann Chois Fharraige 50 bliain ó shin, ar an mbriseadh leis an mbunaitheoir Pól Ó Foighil agus an bealach ar éiríodh as trádáil ag an deireadh

Leathchéad bhliain ó shin ní raibh aon chóras uisce ag freastal ar an gcuid is mó de cheantar Chois Fharraige. Bhí córas i sráidbhaile An Spidéil ach ní raibh sna bailte taobh thoir ná taobh thiar. Easpa uisce reatha an gearán is mó a bhí ag muintir an cheantair. Bhí an chuid is mó de na daoine ag brath ar bhuicéid ón tobar áitiúil agus ar bhairillí uisce ón díon. Is deacair a shamhlú anois na deacrachtaí agus an cruatan a d’eascair as an easpa córas uisce, go speisialta le linn an tsamhraidh nuair a bhíodh scoláirí Gaeilge sa gceantar agus nuair a bhíodh uisce le coinneáil le beithígh agus le trátaí sna tithe gloine a bhí fairsing sa gceantar. Chomh maith leis sin bhí an áit bánaithe ag an imirce, ceal deiseanna fostaíochta.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe