Ag breacadh leis… 

Seán Mac Risteaird
Ag breacadh leis… 

Is léir ó dhá leabhar nua gur cheart Pádraic Breathnach a áireamh mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, a deir Seán Mac Risteaird

Breac le Breathnach:

Prós Paiteanta:

Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach agus

Ag Útamáil Liom

Seán Mac Risteaird, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Bliain an Chadhnaigh agus na paindéime a bhí in 2020; bliain nach ligfear i ndearmad go brách na breithe. Cé gur múchadh cuid mhór de ghnéithe shochaí na tíre seo trí chéile, ba in 2020 a rinneadh ceiliúradh freisin ar scríbhneoir eile Gaeilge Pádraic Breathnach. D’fhág an Cadhnach a lorg ar Bhreathnach agus aithnítear é mar dhuine de mhórscríbhneoirí ár linne sa Ghaeilge. Scríbhneoir é a chleachtann a cheird go cumasach ealaíonta agus a thugann aghaidh ar théamaí agus ar ábhair íogaire ina chuid próis. Tá ar an bpeann go gairmiúil ó 1974 agus tá bua na scéalaíochta aige le moladh go háirithe. Téann stíl Bhreathnaigh i gcion ar a chuid léitheoirí agus déanann sé mionscagadh ar charachtair éagsúla ina chuid próis. Stíl údarásach a bhíonn aige i ngach saothar a thagann óna pheann. Tá naoi saothar déag curtha i gcló ag Breathnach; cnuasaigh ghearrscéalaíochta, ceithre úrscéal, saothar staire, saothair chritice, agus saothair bhéaloidis ina measc. Tá dánaíocht ar leith le feiceáil i saothar an Bhreathnaigh agus dhírigh sé ar théamaí conspóideacha ó thús (féach cáineadh Uí Chonaire 1979). Is ag dul i gcoinne coinbhinsiúin éagsúla shóisialta atá sé dar le Brian Ó Conchubhair a chuireann an Breathnach san áireamh ar liosta na mbuachaillí dána a chleachtann ‘counter-narratives’ i litríocht na Gaeilge. Is cinnte go bhfeictear éagsúlacht ina chuid téamaí nuair a dhéantar aicmiú tréimhsiúil agus téamach ar a chuid scríbhneoireachta. Bíodh sin mar atá, ba léir go raibh dhá bhearna mhóra fhollasacha ann i dtaca le saothair an Bhreathnaigh: mórshaothar ceart critice a dhíríonn go hiomlán ar théacsanna an scríbhneora agus cuimhní cinn le go gcaithfí solas ar shaol an scríbhneora.

Foilsíodh dhá shaothar thábhachtacha anuraidh a líonann na bearnaí suntasacha thuas: Prós Paiteanta: Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach (Ní Cheallaigh, Nic Dhonncha, Ó Cróinín 2020) agus Ag Útamáil Liom: Cuimhní Cinn (Breathnach 2020). Déanfar plé thíos ar an dá shaothar seo a thugann léargas dúinn ar shaol agus ar shaothar an údair. Tá baol ann le foilsiú na leabhar seo go gceapfaí go bhfuil a rás rite aige, ach faoi mar a deir Laoise Ní Cheallaigh, ‘Níl sé críochnaithe go fóill ach oiread!’

Prós paiteanta agus critic Phaiteanta

Faoi mar a sheas cúrsaí, ní raibh mórshaothar ar bith ann ina raibh anailís nó scagadh ar shaothair liteartha an Bhreathnaigh go dtí gur foilsíodh an cnuasach aistí anuraidh. Reáchtáladh comhdháil in ómós don scríbhneoir i mí na Bealtaine 2018 i gColáiste Mhuire gan Smál agus aon duine a d’fhreastail ar an ócáid ba léir dóibh buanna an scríbhneora agus buanna na gcriticeoirí. Ba as imeachtaí na comhdhála úd a d’eascair Prós Paiteanta: Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach, leabhar a chuireann lena cháil mar scríbhneoir agus tuiscint an léitheora ar a shaothar. Deich n-aiste atá sa chnuasach seo, foilsithe ag Coiséim, a bhfuil sé mar aidhm aige saothar an scríbhneora seo a phlé i gcomhthéacsanna éagsúla critice agus anailíse. Déanann deichniúr criticeoirí aitheanta plé fairsing ar shaothar an Bhreathnaigh, agus tuigtear, i ndiaidh duit an leabhar a léamh, na slite éagsúla a bhféadfaí saothair an scríbhneora a cheistiú agus a shuíomh.

Sa chéad aiste sa chnuasach, tá staidéar suimiúil déanta ag Sorcha de Brún ar úrscéalta Phádraic Bhreathnaigh, go príomha Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012). Deir de Brún ‘[go] n-éiríonn leis an mBreathnach gnéithe d’úrscéal na coitiantachta agus den úrscéal liteartha a thabhairt le chéile’. Cardáil na heitice is ea príomhaidhm aiste Phádraig de Paor ina ndéantar an eitic a úsáid mar uirlis léirmheastóireachta, mar bhrainse den fhealsúnacht, agus gearrscéalta an Bhreathnaigh faoi chaibidil aige. Éiríonn le Gearóid Denvir scagadh fairsing a dhéanamh ar ghearrscéalta an Bhreathnaigh agus déanann a aiste siúd ionramháil ar charachtair ghearrscéalta an údair. Maíonn Denvir gur ‘Daoine uaigneacha, faiteacha cloíte ar easpa féinmhuiníne, aonaráin scoite, deoraithe cráite i saol coimhthíoch is ea bunáite na gcarachtar i ngearrscéalta Phádraic Bhreathnaigh’. Is minic le Breathnach plé oscailte neamhbhalbh a dhéanamh ar chúrsaí gnéasachta ina chuid próis, rud a thugann Denvir faoi deara nuair a dhéanann sé iniúchadh ar ‘Seiftiúil’ ón gcnuasach Pádraic Breathnach: Rogha Scéalta (2014) agus an gearrscéal ‘Avec Marcell’ ón gcnuasach Ar na Tamhnacha (1987).

Scríbhneoir mór Mhaigh Cuilinn é Pádraic Breathnach, ceantar atá aitheanta mar cheantar ‘Breac-Ghaelachta’, ceantar a bhí agus atá ‘[…] á leathnú amach i dtreo an bhaile’, mar a deir Laoise Ní Cheallaigh. Agus seo á chur san áireamh ag Ní Cheallaigh, déanann sí scagadh ar an gcros-síolracht i ngearrscéalta an údair. Cuirtear síos ar an mBreathnach mar ‘Scríbhneoir idirchultúrtha […] a fhoilsíonn gnéithe iomadúla den tsochaí ina maireann sé ó Éirinn a óige… go dtí Éire ilchultúrtha chomhaimseartha’. Éiríonn leis an scríbhneoir gearrscéalta an Bhreathnaigh a shuíomh go sintéiseach agus go snoite i gcaitheamh na haiste seo.

Díol spéise is ea an t-iniúchadh a dhéanann Aingeal Ní Chualáin ar shaothair an Bhreatnaigh ina haiste ‘Beirt Scríbhneoirí Mhaigh Cuilinn: Pádraig Breathnach mar Oidhre are Thomás Bairéad’. Déantar oidhreacht liteartha an cheantair a ionramháil le linn na haiste seo, agus déantar mionscagadh ar scata gearrscéalta ó pheann an údair. Déantar plé cúramach ar na scéalta agus cuirtear tuiscintí spéisiúla i leith inscne agus na gnéasachta chun cinn. Tá glór an scríbhneora againn ina dhiaidh seo agus agallamh thar a bheith spéisiúil ag Máire Ní Neachtain leis an údar. Cé go ndéantar tuilleadh gnéithe dá shaol a phlé in Ag Útamáil Liom: Cuimhní Cinn (2020), faightear léargas san agallamh ar chur chuige an údair i dtaca leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Feictear spreagadh ealaín an údair agus tuairimí á nochtadh aige faoina mhodh eagarthóireachta agus faoi na sainspéiseanna liteartha atá aige sa Ghaeilge. Déantar tuilleadh iniúchta ar Deargadaoil i mBád fó Thoinn in aiste Phádraig Uí Chíobháin agus ceistítear an úrscéal campais é lena linn. Déantar an cheist chéanna a chíoradh san aiste seo, aiste ina ndéantar grinnphlé ar an úrscéal úd. Tagann ceist eile sna sála air sin san aiste le Brian Ó Conchubhair; ‘Pádraic Breathnach: Mr. Gearrscéal nó Mr. Úrscéal?’. Cé go bhfuil gradam agus údarás ag Breathnach mar ghearrscéalaí, tá ceithre úrscéal curtha i gcló aige. Déantar tagairt do léirmheas le Liam Mac Cóil ina bhfuair sé locht ar iarracht an scríbhneora in Gróga Cloch plé leis an sruth comhfheasa. Arís eile, aithnítear an ghnéasacht mar théama láidir i saothair Bhreathnaigh, agus déantar seo a phlé go mion i gcaitheamh na haiste. Déanann Breandán Ó Cróinín anailís ar an úrscéal is deireanaí ón mBreathnach, Dialann Mo Mháthar (2018), ina aiste, ‘Dialann Mo Mháthar: Buaicshaothar Úrscéalaíochta Phádraig Bhreathnaigh’. Molann Ó Cróinín, mar thús, go bhfuil géarghá le leagan nua de An tÚrscéal Gaeilge (1991) le Alan Titley i bhfianaise na bhforbairtí atá déanta sa seánra ó scríobhadh é. Leagann Ó Cróinín amach fiúntas na reacaireachta neamhghnáthaí a dhéantar san úrscéal seo agus tagraítear do shaothair eile Bhreathnaigh. Tá an t-ardán ag Titley féin i ndiaidh aiste Uí Chróinín agus tráchtann sé ar chumas an Bhreathnaigh mar aistritheoir. Tugtar aghaidh ar Luaithreach Angela (2011), a aistriúchán ar Angela’s Ashes le Frank McCourt (1996), aistriúchán atá ‘[…] máistriúil… fileata agus glan agus ceardúil’, dar le Titley.

Deir Titley áit eile faoin gcnuasach aistí seo go bhfuil ‘[…] aistí ann ó údair éagsúla a dhéanann plé cuimsitheach ar na gnéithe is suaithinsí dá shaothar, agus ar eochair anois iad d’aon duine ar mian leis dul siar agus blaiseadh de na scéalta agus de na húrscéalta den scoth atá scríte aige le breis agus leathchéad bliain.’ Agus an eochair sin anois againn, is féidir linn doras nua feasa a oscailt. Tá éacht déanta ag na n-eagarthóirí agus dua cáithe leis an obair seo acu. Is cinnte go mbeidh a leabhar seo ina áis dóibh siúd atá ag plé le critic nó le litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Ag Útamáil Liom: Cuimhní Cinn

Sé mhíle Ghaelacha, nó ocht míle Ghallda, a deirtí sráidbhaile Mhaigh Cuilinn a bheith ó Fhaiche Mhór na Gaillimhe. Mar a scríobh mé níos túisce is ar chorbhóthar atá an sráidbhaile suite. Toisc gur ann a thionóltaí na haontaí fadó ba é an Garraí Gamhain a thugtaí mar ainm air. I dtráth nuair a aistríodh an t-aonach soir go dtí cuibhreann garraí chuaigh an t-ainm soir leis agus baisteadh Maigh Cuileann ar an sráidbhaile arbh ainm é sin a bhí ar bhaile fearainn cáiliúil thuaidh idir an dá loch mhóra.

Is é seo an chaoi a gcuireann Breathnach síos ar Mhaigh Cuilinn agus tobar gach eolais aige faoina cheantar dúchais; tá an saothar is deireanaí uaidh breac leis an eolas céanna. Bhí cúis eile cheiliúrtha ag Breathnach anuraidh le foilsiú Ag Útamáil Liom: Cuimhní Cinn (2020), leabhar a chuir Cló Iar-Chonnacht i gcló agus tá dearadh agus leagan amach an leabhair le moladh go mór. Mar is dual don scríbhneoir, tá an prós deas inléite agus déantar cur síos ar eachtraí a shaoil anseo in Éirinn agus thar sáile. Blúirí saoil atá anseo ina ndéantar cur síos ealaíonta ar chúlra an Bhreathnaigh agus ina bpléitear ábhair agus téamaí éagsúla a shaoil. Moltar an Breathnach go minic as a stíl uathúil aitheanta, stíl a chuireann ‘Submerged populations’ Frank O’Connor chun tosaigh. Sa leabhar breá seo, is minic a fheictear an stíl chéanna á cleachtadh aige. Cé go ndéanann an scríbhneoir scagadh ar a shaol go cróineolaíoch, is féidir an saothar seo a phiocadh suas agus sásamh a bhaint as aon chaibidil ann gan an ceann roimhe a léamh, faoi mar a dúirt an blagadóir Aonghus Ó hAlmhain.

Tugann a chuid ealaíne spléachadh dúinn ar a shaol; blúirí agus cuimhní cinn a phéinteáltar dúinn faoina luathshaol ag fás aníos i Maigh Cuilinn, a chuid scolaíochta, na tréimhsí a chaith sé thar sáile, agus neart eile. Is go faoistiniúil a scríobhann an Breathnach i gcaitheamh an leabhair seo, agus níl aon chúinne dorcha dá shaol nach gcaitear solas air.

Is go luath sa téacs a fheictear lámh láidir na hEaglaise agus an teannas nach beag a lean. Feictear cumhacht na sagart agus a seasamh i sochaí na tíre seo sna caogaidí go mion is go minic. Déantar cur síos freisin ar an eitinn, ar ‘threibheachas’ Mhaigh Cuilinn (feiniméan atá i ngach paróiste, dar leis an scríbhneoir seo), polaitíocht an cheantair, obair chrua na feirmeoireachta agus na talún, bás a athar, agus teacht in inmhe collaíoch an scríbhneora. Chuir an leabhar seo ag gáire mé go minic toisc gur cosúil go dtiteadh Breathnach i ngrá le beagnach gach bean a gcasadh sé uirthi agus é ina ógfhear, téama a fheictear in ‘Gealt Ghnéis?’ ón gcnuasach Bean Aonair agus Scéalta Eile (1974). Léirítear seo go minic sa téacs agus is spéisiúil an t-ionracas agus an léiriú a dhéantar ar an ngrá. Chuirfeadh a chur síos ar bhean Jimí Uí Chadhain éinne ag gáire agus códmheascadh an cheantair chun tosaigh ann: ‘Bean uasal, í dóighiúil i gcolainn is i modhanna, agus bhí crush againn uirthi!’. Déantar cur síos cuimsitheach ina dhiaidh sin ar shealanna a chaith an Breathnach ar an Ollscoil agus thar lear, rud a chuireann go mór lenár dtuiscint ar a shaothar trí chéile. Cé nach ngéillim gur gá eolas beathaisnéise chun saothar liteartha a mheas, díol spéise is ea an téacs dóibh siúd atá ag iarraidh saothar an Bhreathnaigh a chur i gcomhthéacs níos leithne agus níos soiléire nó atá ag iarraidh próiseas cruthaitheach an scríbhneora a chur sa mheá.

Agus bliain thar a bheith dúshlánach curtha dínn againn ar fad, is gá dúinn, dar liomsa, éachtaí móra na healaíne sa Ghaeilge a cheiliúradh agus a mheabhrú dúinn féin. Bhí muid ar fad sa bhaile ach níorbh ionann é sin is a rá gur tháinig deireadh le cumadh na healaíne, le foilsiú na litríochta, nó le spiorad agus le meanma na Gaeilge. Cheapfaí, b’fhéidir, nuair a scríobhtar a leithéid de chuimhní cinn go bhfuil deireadh ráite beagnach ag an scríbhneoir. Déarfainn nach fíor sin ar chor ar bith agus is maith sin. Is ceart an Breathnach a áireamh mar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla agus is cumasaí dá bhfuil ann i ngort liteartha na Gaeilge. Beimid ag súil le saothar eile óna pheann go luath.

Seán Mac Risteaird

Is Ollamh Cúnta é Seán Mac Risteaird atá ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath