Gráid ríofa an Rialtais…

Breandán Delap
Gráid ríofa an Rialtais…

www.markwickham.org

Tá tréimhse chorrach caite ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas i mbun oifige. Bronnann Breandán Delap gráid ríofa ar bhaill an Rialtais as a gcuid saothair go n-uige seo... 

Tháinig sé i réim ag am mífhabhrach agus stiúradh na tíre tiomnaithe a bheag nó a mhór chuig NPHET aige. Tá a chinnireacht ar Fhianna Fáil á ceistiú ag cuid mhaith dá chúlbhinseoirí agus an páirtí ag streachailt ag 11% nó faoina bhun sna pobalbhreitheanna. Bíonn an-drogall air dul i bhfiontar agus theip go tubaisteach ar a chur chuige i leith srianta a mhaolú roimh an tríú ráig den ghalar. Beidh sé ciaptha ag a thairngreacht i leith ‘Nollaig fhiúntach’ a bheith ag an phobal. Tá cuma chiotach, stadach agus neamhchinnte ar a chur i láthair ó shin a leith. Os a choinne sin, caithfear creidiúint go leor a thabhairt dó as scoileanna na tíre a athoscailt faoi dhó. Chaith sé go trócaireach leis an Tánaiste sa chonspóid faoi sceitheadh eolais agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil caidreamh níos fearr ag an bheirt acu ná mar a bhí i dtús ama. Drochsheans go mbeidh sé ina cheannaire ar Fhianna Fáil ins an chéad olltoghchán eile. (C)

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.