Neamhpholasaí agus neamhghníomh

Conchúr Ó Giollagáin

Is léir gur beag fonn atá ar lucht an stáit drannadh le ceisteanna casta faoi inmharthanacht na Gaeltachta, a deir Conchúr Ó Giollagáin

Faoi réir cúinsí reatha, mairfidh na maorlathais teanga in Éirinn agus in Albain níos faide ná an pobal Gaelach Gaeltachta sa dá chríoch. Is í an mhísheasmhacht shóisialta a shainíonn na Gaeltachtaí atá ar marthain ar dhá thaobh Shruth na Maoile. Léirítear sa staidéar sochtheangeolaíochta is cuimsithí a foilsíodh riamh ar staid an phobail urlabhra Ghaelaigh in Albain, The Gaelic Crisis in the Vernacular Community (GCVC), go bhfuil an t-aistriú teanga go Béarla i limistéir na bpobal Gaelach ag tarlú go tréan. Cé is moite de líonraí scáinte seanGhael i gcorrcheantar eile in Albain, tá bonn tíreolaíochta na bpobal Gaelach teoranta d’Innse Gall (na h-Eileanan Siar), do Thirodh agus do thuaisceart an Oileáin Sgitheanaigh, ar chósta thiar na hAlban. Díol suntais líon na dtráchtairí a mhaígh go raibh an tátal seo ar eolas acu cheana féin gan aon taighde inchomparáide leis a bheith curtha i gcrích acu féin.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Conchúr Ó Giollagáin

Ollamh agus stiúrthóir ar Soillse, Sabhal Mòr Ostaig é Conchúir Ó Giollagáin