Samhradh machnaimh

Breandán Delap
Samhradh machnaimh

Agus an Dáil ag dul ar shos an tsamhraidh, amharcann Breandán Delap ar staid na bpáirtithe agus mar atá ag éirí lena gcuid ceannairí

An t-am seo anuraidh bhí Fianna Fáil in umar na haimléise. Ní dhearna siad an dul chun cinn a raibh siad ag súil leis san olltoghchán agus iad ar a nglúine ag impí ar a seanchéile comhraic an leaba a roinnt leo. Tubaiste a bhí sa chéad cúpla mí don pháirtí i mbun rialtais agus beirt airí talmhaíochta caillte acu in achar gairid ama. Cinneadh dalba ab ea é na haireachtaí is mó freagracht agus is leochailí a shantú nuair a bhí an chreach á roinnt idir na trí pháirtí rialtais ach ní raibh siad ábalta a ngealltanais a chur i gcrích. Bhí easpa taithí roinnt dá gcuid airí follasach do chách agus meancóga go leor déanta ag leithéidí Stephen Donnelly, Darragh O’Brien agus Norma Foley. Tá an páirtí i riocht i bhfad níos láidre anois agus cuma an státaire ar a gceannaire ar deireadh thiar thall tar éis bliain achrannach i mbun oifige. Cé go raibh ráta sástachta Fhianna Fáil iontach íseal sna pobalbhreitheanna (chomh híseal le 11% go náisiúnta agus 6% san ardchathair) tá borradh de bheagán tagtha orthu le tamall gairid anuas a bhuíochas don rath atá ar an chlár vacsaínithe. Beidh sé ina bhuntáiste ag an pháirtí gur le linn tréimhse Leo Varadkar mar Thaoiseach a dhéanfar na ciorruithe ar chaiteachais phoiblí a bheas de dhíth chun íoc as na pacáistí tarrthála flaithiúla a bronnadh le linn na paindéime.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.