Tobar an dúchais

Kevin Hickey

Léiríonn Foclóir Uí Chadhain gurb í an Ghaeltacht réalt an eolais i gcónaí d’aon duine atá ar thóir na Gaeilge, a scríobhann Kevin Hickey

Sa léirmheas a scríobh Máirtín Ó Cadhain ar aiste chonspóideach Niall Uí Dhónaill, ‘Forbairt na Gaeilge’, i 1951, d’aontaigh sé leis an Dálach gur ‘cóir eagar éigin a chur ar an ainriocht’ a bhain le scríobh na teanga ag an am agus ‘fuascailt éigin’ a fháil ar an gceist, óir ‘is doiligh a rá go slánófar í...d’uireasa ionannas’ scríofa a bheith inti. Ní léir gur thuig an Cadhnach impleachtaí aiste sin Uí Dhónaill, nó níor thúisce caighdeán socraithe ná thosaigh díospóireacht theasaí idir é féin agus Muiris Ó Droighneáin ina thaobh. Bhí Ó Droighneáin ar dhuine díobh siúd ar ghlac Ó Dónaill buíochas leo sa chéad eagrán dá mhórfhoclóir. Duine é a d’fhoghlaim Gaeilge na Mumhan go leibhéal an chainteora dúchais i dtús a shaoil. Thug a thóir ar obair ó thuaidh é, áfach, áit ar bheartaigh sé máistreacht a fháil ar chanúint Chúige Uladh i dtreo is go bhféadfadh a chuid scoláirí é a thuiscint. Dála Uí Dhónaill, níor dheacair do Ó Droighneáin deighilt a dhéanamh idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa, dá mhéad é a mheas ar chanúintí. Theastaigh uaidh go mbeadh teanga scríofa ‘aontaithe’ ann a bhféadfadh Éireannaigh thuaidh agus theas a bheith ar aon fhocal fúithi agus dílseacht a thabhairt di, d’fhonn is go bhféadfaidís féin a bheith ‘aontaithe’, fearacht an náisiúin, mar dhea.

Bhí a leithéid de dhearcadh ag teacht le ‘togra’ na náisiúnaithe ag an am, áit ar féachadh le difríochtaí réigiúnda agus aicme a bhrú go leataobh nó a cheilt d’fhonn ‘an náisiún aontaithe’ a chur chun cinn, mar atá ráite ag Declan Kiberd. Faoi mar a léirigh an tOllamh Fionntán de Brún, bhí a oiread den fhealsúnacht i gceist leis an díospóireacht úd agus a bhí aon seasamh a bhain le gnéithe den teanga scríofa per se. Lárnach sa díospóireacht bhí an tuiscint a bhí ag an mbeirt, ina nduine is ina nduine, ar an rud is ‘pobal’ ann. Nuair a mhaígh Ó Cadhain gur mhó de shuim a bhí ag Ó Droighneáin sa teanga ná sa phobal imirceoirí a labhair í mar theanga dhúchais, dúirt Ó Droighneáin mar fhreagra leis gurb é an bád bán a bheadh i ndán do stócaigh Bhéal Feirste mura n-éireodh leo sna scrúduithe stáit, agus gur mhithid rialacha soiléire a bheith leagtha síos i dtaobh scríobh na Gaeilge chun a chinntiú go n-éireodh, sa tslí is gurbh fhearr an deis a bheadh acu post a fháil sa bhaile.

Ba é an t-údar imní is mó a bhí ag an gCadhnach, áfach, ná go bhféadfadh ísliú stádais na gcanúintí impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige do chinneadh duine leanúint air ag labhairt a theanga féin, go háirithe i gcás teanga a bhfuil coimpléasc uirísleachta ag goilliúint ar chuid dá cainteoirí de bharr chréachtaí na staire. Chuir sé fainic ar Ó Droighneáin dá réir: ‘Ó Cadhain warns of the dangers of discarding Gaeltacht dialects, which he says would encourage people in the Gaeltacht to abandon the Irish language and to regard it henceforth as merely the responsibility of schools. If this were to happen, Ó Cadhain continues, the Irish language would be dead and any standard would be entirely irrelevant’.

Ar éigean a d’aontaigh Ó Cadhain leis an idéalú a bhí á dhéanamh ar phobal na tuaithe ag an am – idéalú a d’fhág fós dealbh iad in ainneoin na reitrice – ach murar aontaigh féin, b’fhéidir talamh slán a dhéanamh de go dtiocfadh sé leis an té a déarfadh ‘gur bhain leanúnachas, oidhreacht chultúrtha agus dúchas traidisiúnta an phobail agus an náisiúin’ stairiúil leis na ceantair Ghaeltachta. Pobal níos bisiúla a fuair sé roimhe i gcontae na Gaillimhe seachas mar a fuair Brian Ó Cuív roimhesean i gCorcaigh, ach ar shlí, ba chuma sin; bhí ‘an fuílleach’ le bailiú i ngach áit ‘chun nach rachadh aon ní amú’, de réir mar a d’ordaigh lucht bunaithe Choimisiún Béaloideasa Éireann dá bhfostaithe i dtús na haimsire. Más i mbaol a mhúchta féin a bhí ‘tinfeadh na héigse’, mar a deir Gearóid Denvir, ní dhearna an méid sin ach cur le práinne agus le sollúntacht an chaomhnaithe.

Ba ‘mar dhuine de mheitheal foclóirithe a chuaigh i mbun focail Ghaeilge a bhailiú óna gceantar Gaeltachta féin’ a iarradh ar Mháirtín Ó Cadhain liosta focal a chur i dtoll a chéile, socrú a rinneadh leis an Roinn Oideachais i dtreo is go bhféadfaí an t-ábhar a chur san áireamh i bhFoclóir Uí Dhónaill i 1977 (Foclóir Uí Chadhain).

Ní inniu ná inné a thosaigh Institiúid ArdLéinn Bhaile Átha Cliath agus Acadamh Ríoga na hÉireann ar chaomhnú agus ar shaothrú na Gaeilge, agus is faoi chomaoin a gcuid scoláirí atá pobal na teanga le fada an lá. Ceann de mhórthionscadail an Acadaimh is ea Foclóir Stairiúil na Gaeilge 1600 – 2000 a thiomsú agus a chur in eagar. Faoi mar a dúirt príomheagarthóir an tionscadail sin, Charles Dillon, agus Foclóir Uí Chadhain á sheoladh aige, croíchuid de chúram na foclóireachta is ea ‘tuairisc a chur ar fáil ar chanúintí na tíre agus ar na slite a chuir pobal na hÉireann an teanga i bhfeidhm, mar léiriú ar mheon, ar nósanna agus ar dhearcadh na bpobal sin anuas go dtí ár lá féin’. Fág gur tréimhse ar leith atá i gceist le Foclóir Uí Chadhain (1937 – 1946), d’fhéadfaí an cuspóir ceannann céanna a lua leis, maille le múineadh agus craobhscaoileadh na teanga féin, ar ndóigh.

Trí cinn d’eagráin an Fhoclóra atá curtha ar fáil don phobal, de réir an eolais atá ar shuíomh an Acadaimh. Tá idir bhuntéacs, bhunlitriú agus nualitriú i gceist leis an méid sin. ‘Tras-scríbhinn dhílis’ ar láimh Uí Chadhain atá i gceist leis an mbuntéacs; eagrán ‘atá ar aon litriú leis an mbuntéacs ach a bhfuil struchtúr nua curtha ar na ceannfhocail ann’ atá i gceist leis an mbunlitriú; agus, ar deireadh, eagrán ina bhfuil litriú na linne seo buailte anuas air. Is é an teagrán sin ‘is túisce a fheicfidh an tús-áideoir’, ach dea-scéala is ea é gur féidir ‘babhtáil idir é agus an leagan sa bhunlitriú ar leibhéal an cheannfhocail’. 750 ceannfhocal atá sa chéad chuid den fhoclóir seo, agus breis is 16,000 abairt shamplach ag gabháil leis na ceannfhocail sin, léiriú ar an ‘dua dochreidte’ a chaith an túdar leis
an gcúram.

Is in oifigí an Ghúim – brainse Gaeilge na Roinne Oideachais tráth – atá bun-lámhscríbhinn Fhoclóir Uí Chadhain, agus ceadaíodh an lámhscríbhinn sin sa bhliain 2018. Níor nós leis an gCadhnach na ceannfhocail a chur in ord aibítre, faoi mar a rinne cuid d’fhoireann an Ghúim ina dhiaidh. D’fhág an tatheagar sin gur cuireadh leanúnachas an téacs as a riocht ó thaobh ábhair de, ach mar atá ráite thuas, tá iarracht déanta ar an méid sin a chur ina cheart anois, sa tslí is go bhfuil ‘ord na mbileog’ leasaithe ‘san áit ar dual sin do leanúnachas an téacs’ (Foclóir Uí Chadhain).

Faoin iontráil ‘Abair le’ tá an nath ‘Bhí an páiste ag teacht suas mar adéarfaí leis é – ag méadú go mear’. Thíos faoi sin tá ‘Bhí sé ag rith mar a bheadh Dia dhá rá leis – sna feire glinnte, sna seala babhtaí’. Leagan é ‘sna feire glinnte’ a tharraing Máire Feiritéar anuas ar cheann de chláir Focal Faire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus an bhrí ‘ar luas lasrach’ á lua aici leis, nath a chloistear rómhinic. Ní hannamh, mar sin, saibhriú agus ceacht teanga ann féin sa mhíniú a thugann an Cadhnach ar fhocal ar leith. Lena chois sin, soláthraíonn sé nóta faoin gceantar lena mbaineann focal nó leagan áirithe, sa tslí is gur ‘áis iontach an foclóir le haghaidh staidéir ar na fochanúintí laistigh de Ghaeltacht na Gaillimhe’, mar a deir Charlie Dillon.

Mholfainn do dhaoine féachaint ar an trasscríbhinn atá déanta ar bhunláimh Uí Chadhain, áit a dtugtar spléachadh ar fhuaimniú na bhfocal aige trí bhíthin an litrithe mhalartaigh. I measc na samplaí a fheictear ann, tá ‘Beidh dhá dhéanamh air anois: do dhéanamh-sa agus an duine chaithfeas a dhul air i do dhiaidh’. Is é a bheadh sásta leis an ‘dá dhéanamh’ atá anois air, ní áirím an déanamh trí chéile.

Ainneoin teannas áirithe a bheith eatarthu i gcónaí, más ea, dhealródh go bhfuil an ceart ag Fionntán de Brún nuair a deir sé go bhfuil idir chanúint agus chaighdeán ag teastáil uainn, agus is údar ceiliúrtha é go bhfuil aitheantas tugtha don dá rud san fhoclóir uilechuimsitheach seo, áit, ní hamháin a bhfuil an chanúint ar comhchéim leis an gcaighdeán, ach áit a dtugtar tús áite di de réir mar is gá, a bhuíochas sin do chur chuige fhoireann Acadamh Ríoga na hÉireann. Údar ceiliúrtha, leis, é gur cainteoir dúchais Gaeltachta an príomheagarthóir, Colm Ó Cuaig, as Iorras Aithneach i gConamara, fear a chuala go leor faoi Mháirtín Ó Cadhain ag fás aníos dó, agus a fuair ‘an Ghaeilge chraicneach’ chéanna ar an teallach s’aige féin.

Ar chríochnú a chuid cainte dó tráth seolta an Fhoclóra, dúirt Charlie Dillon gur ‘Saothar é seo do phobal na tíre agus na cruinne uilig go léir, ach is saothar é atá préamhaithe go daingean i nGaeltacht na hÉireann’, an pobal dár tiomnaíodh é. Dhearbhaigh sé, leis, gur ‘cruthúnas’ a bhí ann ‘gurb í an Ghaeltacht tobar an dúchais agus réalt an eolais ag an uile dhuine a bheadh ar thóir na Gaeilge’, guí a gcuirfeadh Ó Cadhain agus Ó Droighneáin araon ‘Áiméan’ léi.

Leabharliosta

Briody, M. (2018) The Irish Folklore Commission 19351970: History, Ideology, Methodology. Finish Literature Society: Helsinki.

de Brún, F. (2015) ‘The Nation or the ‘local organic community’: Ó Cadhain versus Ó Droighneáin. Ar fáil ag https://www.máirtínócadhain.ie/the-nation-or-the-local-organic-community-o-cadhain-versus-o-droighneain/

Denvir, G. (2005) Litríocht agus Pobal. Cló Iar-Chonnacht: Co. na Gaillimhe.

Foclóir Uí Chadhain (2021) https://focloiruichadhain.ria.ie/

Kiberd, D. (1996) ‘The Periphery and the Centre’, in Inventing Ireland: The Literature of a Modern Nation. Vintage Books: London.

Ó Cadhain, M. (1951) (Athchló 1995) ‘Léirmheas ar ‘Forbairt na Gaeilge’’, in Caint, Canúint agus Caighdeán. Foilsiú Feirste: Béal Feirste.

Ó Cuív, B. (1993) ‘Irish: A Living Language’, in Irish Dialects and Irish-Speaking Districts. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath: Baile Átha Cliath.

Ó Cuív, B. (1973) The Linguistic Training of the Irish Poet. Institiúid ArdLéinn Bhaile Átha Cliath: Baile Átha Cliath.

Ó Dónaill, N. (1951) (Athchló 1995) ‘Forbairt na Gaeilge’, in Caint, Canúint agus Caighdeán. Foilsiú Feirste: Béal Feirste.

Ó Torna, C. (2005) Cruthú na Gaeltachta 18931922. Cois Life: Baile Átha Cliath.

Wagner, H. (1981) Linguistic atlas and survey of Irish dialects – Vol. I. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath: Baile Átha Cliath.

Kevin Hickey

Teagascóir, tráchtaire agus aistritheoir é Kevin Hickey