Deasún Fennell (1929 - 2021) Guth ag glaoch san fhásach

Deasún Fennell 

(1929 - 2021)

Guth ag glaoch san fhásach

Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar an tionchar a bhí ag an smaointeoir ildánach Desmond Fennell ar an nGaeltacht, ar Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ar Gluaiseacht na hAthbheochana 

Guth ag glaoch san fhásach
ar an dtaobh eile den tSionainn!
Guth dúchais é, guth a thuigim,
ach cé ghéillfidh dó?


‘Do Dheasún’ Pádraig Ó Fiannachta (1969)

‘An Ghaeilge in éadan an Bhéarla, sin cath caillte,’ a dúirt Deasún Fennell in alt fada fealsúnachta leis a d’fhoilsigh Comhar, mí na Nollag 1965.

Ní léir gur tugadh mórán airde ar an alt áirithe sin ach tharraing alt leis a foilsíodh san Irish Times ar an 21 Eanáir 1969 neart cainte. San alt sin, chuir sé i leith dhíograiseoirí na Gaeilge gur úsáid siad an Ghaeltacht go príomha mar áit le Gaeilge a fhoghlaim, nó le saoire samhraidh a chaitheamh ach nach raibh siad sásta cur fúthu sa nGaeltacht. ‘Love of the language was a fine thing but it must not mean sacrificing big-city life, a well-pensioned job, a substantial income or the corridors of power and status.’

Gan fiacail a chur ann, dúirt sé go raibh sé thar am do lucht na Gaeilge ceachtar de dhá rud a dhéanamh: tabhairt i gceart faoin nGaeilge a athbheochan nó é a chaitheamh in aer ar fad.

‘As for the ‘Galltacht’ not a single street, not a single pub or shop or café in Galway, not to mention Dublin or any other city, has become even predominantly Irish-speaking during the past 50 years...’ B’in í an abairt is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa, mé scór bliain d’aois ag an am agus sáite i saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Ina chónaí i Maínis in aice Charna, in éindí lena bhean Mary Troy a bhí Deasún nuair a bhain sé creathadh as Gluaiseacht na Gaeilge lena anailís fhuarchúiseach ar staid na hathbheochana. Thug sé dúshlán do na díograiseoirí teanga ‘aistriú siar’ go Conamara mar a rinne sé féin is a bhean chéile, a gcuid scileanna a thabhairt leo agus saol nua-aimseartha trí Ghaeilge a chruthú in Iarchonnachta. Chonaic sé an staid bocht ina raibh an Ghaeltacht thart timpeall air: an Ghaeilge an láidir ach an staid eacnamaíochta lag. Thuig sé nach díograiseoirí teanga gnáthmhuintir na Gaeltachta. ‘Like most people, they just happen to speak a language (in this case Irish) because they grew up speaking it.’

Rud a chuir olc ar go leor ag an am, níor cheil sé a easpa muiníne as cumas Gaeilge na gcainteoirí dúchais. ‘These native speakers’ a scríobh sé, ‘have lost their linguistic creativity: when they encounter challenge, they take the easier course and use English.’

Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Bhí sé suntasach nuair a d’eisigh an tUachtarán Michael D. Higgins ráiteas in ómós do Dheasún Fennell nuair a bhásaigh sé le gairid gur luaigh sé an bhaint a bhí ag Deasún Fennell le bunú Raidió na Gaeltachta. Bhí an t-aitheantas sin ag dul dhó. Ba é a tháinig aníos leis an smaoineamh, a spreag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Saor-Raidió Chonamara a chur ar an aer le linn seachtain na Cásca 1970, gníomh as ar eascair Raidió na Gaeltachta. As na hocht n-aidhm a bhí ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta bhí tionchar smaointe Dheasúin ar cheithre cinn acu:

· Údarás Áitiúil Pleanála agus Forbartha d’Iarchonnachta – Gaeltacht Chonamara – ar a mbeidh baill tofa as gach ceantar.

· Aistriú cheanncheathrú na n-eagras Gaeilge go dtí an Ghaeltacht.

·‘Iosrael in Iar-Chonnachta’ – mionscrúdú a dhéanamh ar an bplean seo.

·Stáisiún raidió do Ghaeilgeoirí na tíre ar fad sa Ghaeltacht.

An aidhm ba réabhlóidí ar fad – Údarás Áitiúil Pleanála d’Iarchonnachta - níor baineadh amach é. Baisteadh Údarás na Gaeltachta ar an eagraíocht forbartha Gaeltarra Éireann i 1980 ach níor tugadh aon chumhachtaí breise don eagraíocht. Seachas an ghné dhaonlathach a bhain leis an Údarás, ní raibh aon chosúlacht idir leagan amach Údarás na Gaeltachta agus an cineál údarás áitiúil a bhí ar intinn ag Deasún Fennell don Ghaeltacht. Bhí an coincheap d’údarás áitiúil a mbeadh ceannas aige ar mhórán gach rud sa Ghaeltacht, ó oideachas go cúrsaí sláinte, i bhfad róréabhlóideach don státchóras coimeádach, a bhí glan in aghaidh aon dílárú ar chumhachtaí. Tá pobal na Gaeltachta fós faoi údaráis phleanála nach dtuigeann riachtanais forbartha na Gaeltachta.

Iar-Chonnachta 1985

Ba é 'Iosrael in Iarchonnacht’ an smaoineamh mór a bhí ag Deasún leis an Ghaeilge a shlánú. Mar go raibh teipthe, dar leis, ar Gluaiseacht na Gaeilge aon dul chun cinn a dhéanamh sna cathracha, mhol sé do dhíograiseoirí teanga imeacht as Baile Átha Cliath agus a gcuid scileanna a thabhairt leo le saol nua-aimseartha trí Ghaeilge a chruthú i nGaeltacht Chonamara, mar a rinne na Giúdaigh théis an dara cogadh domhanda. Bunaíodh eagraíocht ar ar tugadh ‘Iar-Chonnachta 1985’ ar a raibh Seosamh Ó Cuaig ina Rúnaí, an t-aon duine Gaeltachta, go bhfios dom, a thug tacaíocht phoiblí don fhís uaillmhianach a bhí ag Deasún Fennell. Eisíodh ráiteas inar dúradh gurb é an cuspóir ‘Iarchonnachta 1985’ ‘pobal agus saol ar thús cadhnaíochta na haimsire seo a thógáil in Iarchonnachta trí chomhoibriú idir muintir an réigiúin agus cainteoirí Gaeilge a chuirfidh fúthu ann’.

Dúradh gur chiallaigh sin bailte nua a thógáil le ‘údarás áitiúil don réigiún, nuachtán náisiúnta Gaeilge ann, stáisiún raidió, aerfort’ chomh maith le ‘pictiúrlanna agus scannáin i nGaeilge, ospidéal ceantair, gruagairí ban, búistéirí, clódóirí, tithe níocháin, táilliúirí, caiféanna srl.’

Ghlac roinnt daoine leis gur ag maslú mhuintir na Gaeltachta a bhí Deasún Fennell nuair a thug sé le fios go raibh pobal Chonamara tinn agus gur theastaigh díograiseoirí Gaeilge ó lasmuigh a mhealladh isteach le borradh a chur faoin gceantar. Níor thaitin sé le lucht na Gaeilge go raibh Deasún ag cur ina leith nár thuig siad ‘na dlíthe fáis agus beatha agus báis a bhaineann le teanga’ agus dá dtuigfeadh go mbeadh an troid ar son na teanga á déanamh go príomha san áit ina bhfuil ‘an teanga sin á labhairt i gcónaí mar mháthair-theanga’. Ní raibh sé éasca síol a theagaisc a chur ag fás i measc pobal a bhraith go raibh sé á maslú.

Mar sin féin tháinig grúpa maith daoine le chéile deireadh seachtaine thús an Mheithimh 1969 i gCill Chiaráin, le heagar a chur ar an ngluaiseacht nua. Faoi dheireadh na bliana 1970 bhí cinneadh déanta ag an ngrúpa éirí as ceal tacaíochta. Ní bhfuair sé aon tacaíocht arbh fhiú trácht air ó Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Eagraíodh cruinniú de chuid na Gluaiseachta i Halla na Tulaí i gCois Fharraige le plé a dhéanamh ar an bplean ‘Iar-Chonnachta 1985’. Tháinig cuid de lucht tacaíochta na gCearta Sibhialta anuas ó Bhaile Átha Cliath leis an gcruinniú a chur in aer, rud a chuir lagmhisneach ar Dheasún. Ní fhéadfaí a rá go raibh pobal na Gaeltachta i bhfabhar coilíniú ar Chonamara Theas le díograiseoirí Gaeilge ó Bhaile Átha Cliath, mar a bhí á mholadh ag ‘Iar-Chonnachta 1985’.

Mar sin féin chothaigh a chuid smaointeoireachta plé i measc lucht na cúise. Chuaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar dhornán beag daoine san ardchathair, mé féin ina measc. Deasún Fennell a thug an inspioráid dom mo sheolta a chrochadh ar chríochnú mo chéime agus post a fháil thiar a ligfeadh dom cur fúm sa nGaeltacht agus a bheith páirteach sna feachtais éagsúla a bhí tosaithe ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Chuaigh an léiritheoir scannán Bob Quinn siar chomh maith, ag tabhairt leis a chuid scileanna agus á gcur ar fáil go fial don phobal i gConamara. Anois tá earnáil láidir scannán agus fís-amhairc in Iar-Chonnachta agus cuid mhaith daoine ón nGaeltacht fostaithe ann, a bhuíochas dhó.

Oidhreacht Fennell

Seans nach raibh ann ach comhtharlú gur shocraigh Gaeltarra Éireann an phríomhoifig a aistriú ó Bhaile Átha Cliath siar go dtí Na Forbacha sa bhliain 1969, an bhliain chéanna ar cuireadh Iarchonnacht ‘85 ar bun. Lean Roinn na Gaeltachta Gaeltarra siar. Forbraíodh Calafort Ros an Mhíl agus Aerfort na Minna. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus TnaG. Tá cuid mhaith den ‘ modern milieu’ le fáil anois in Iarchonnachta. Anseo i gCois Fharraige, tá amharclann bhreá agus pictiúrlann, Ionad Cúram Leanaí, monarchana, áiseanna spóirt, aerfort, stáisiún teilifíse, gruagairí agus caiféanna. Go leor leor nach raibh ann i 1969.

Ach níl aitheantas ag an gceantar ach mar cheantar tuaithe nár cheart daoine a bheith ag tógáil tithe ann, mura bhfuil baint acu leis an bhfeilméaracht! Tá cuid den seandearcadh ar an nGaeltacht i réim i gcónaí. Níor baineadh amach an cineál Údarás Áitiúil Gaeltachta a bhí i gceist ag Deasún Fennell. Cuireadh ainm nua ar Ghaeltarra Éireann agus níl fiú amháin an ghné dhaonlathach ag baint leis ó 2012. Údarás a bheadh tofa go daonlathach agus in ann déileáil le réimse leathan gnaithí sa Ghaeltacht an fhís a bhí ag Deasún Fennell. Tá sí fós le fíorú.

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe