Scrúdú coinsiasa Fhianna Fáil

Máirín Ní Ghadhra 
Scrúdú coinsiasa Fhianna Fáil
Tá Fianna Fáil i mbun scrúdú coinsiasa faoi láthair lena bhfuil i ndán dóibh a mheas. Thug an tAire Stáit Seán Fleming le fios le gairid go bhfuil an t-athbhreithniú a rinne sé ar mar a d’éirigh leis an bpáirtí san olltoghchán anuraidh ullmhaithe aige agus tugtha ar láimh don Taoiseach. Chuir sé an-bhéim ina chuid cainte ar an tuarascáil a bheith cuimsitheach agus uileghabhálach. Níl sé taobh le tuairimí an choiste a bhfuil seisean i bhfeighil air ná tuairimí bhaill tofa an pháirtí. Labhraíodh leis na baill ar fad le tuairimí a fháil faoin riocht ina bhfuil an páirtí - bhí 3,000 duine ar fad páirteach sa phróiseas. Beidh an cháipéis mar ábhar léitheoireachta ag Micheál Martin má fhaigheann sé deis dul ar saoire go Cúirt Mhic Shéafraidh i mbliana. Tá moltaí sa tuarascáil freisin a deir Fleming agus pléifear iad ag cruinniú den pháirtí parlaiminte agus d’Ard-Chomhairle an pháirtí go luath. An mbeidh dóthain ann leis an bpáirtí a neartú agus téarnamh a spreagadh? Sin í an cheist!

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).