Macghníomhartha

Pól Ó Cainín


Ná déan amadán de bhean riamh,
arsa an Cú agus é ar a ghlúine ar an trá,
a scáth ar chorp a mhic,
an ga bolga fuilteach ina ghlac.

Ná hinis bréag do bhean riamh,
arsa an Cú agus é ina luí ar an trá,
macalla an fhocail ‘popa’ ina chluas.
Chuir sé a shíol agus bhain sé an fómhar.

Ná caith go holc le bean riamh,
arsa an Cú ag amharc ar a aghaidh féin i bhfuil a mhic.
Stánann a shúile ar ais, ach ní fheiceann sé iad.
A dheora ag titim i linn na fola.
Ní ghlanfaidh na deora beaga smál chomh mór,
ní ghlanfaidh siad a mhacghníomhartha.
Pól Ó Cainín