‘Cad is bean?’

Katie Whelan
‘Cad is bean?’

Íomhá ón gclár faisnéise Deargdhúil le caoinchead Paula Kehoe

Déanann Katie Whelan plé ar shaothar iriseoireachta Mháire Mhac an tSaoi in Comhar

D’fheidhmigh filíocht Mháire Mhac an tSaoi mar sholas ar eispéireas na mban i ré iar-athbheochana na hÉireann, nuair a bhí guth na mban imeallaithe, ní hamháin sa litríocht agus san iriseoireacht, ach i sochaí na hÉireann trí chéile. Is dán é ‘Cad is bean?’ ó Mhac an tSaoi a foilsíodh in eagrán na Nollag 1955 de Comhar agus is oiriúnach an teideal é do phíosa anailíse ar a saothar iriseoireachta ó thréimhse na hiar-athbheochana nuair a bhí bean nua ag teacht ar an bhfód agus an stát neamhspleách ag teacht in inmhe. Taispeántar i dteideal an dáin, a chuirtear mar cheist ar an léitheoir, éiginnteacht an fhile maidir le ról na mban agus is léiriú é seo ar an tréimhse chorraitheach seo i stair na tíre. Is léir freisin ón teideal nach féidir freagra iomlán ná buan a thabhairt ar an gceist de bharr go gclaochlaíonn ról na mban i gcónaí agus íomhá na mná mar scáthán go minic ar fhís agus ar luachanna a linne. Is mó an clú atá ar Mháire Mhac an tSaoi mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge, in éineacht le Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin, a d’athraigh filíocht na teanga as cuimse sna 1940aí agus 1950idí. Mar is dual do scríbhneoirí na Gaeilge, áfach, b’iomaí ruaim ar a slat aici: bhí bua an iriseora, an léirmheastóra agus an aistritheora inti freisin – buanna a léiríodh go soiléir in ailt éagsúla dá cuid a foilsíodh ar Comhar.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Katie Whelan