Máire Mhac an tSaoi, An Moinsíneoir Pádraig de Brún agus Tigh na Cille

Deirdre Nic Mhathúna
Máire Mhac an tSaoi, An Moinsíneoir Pádraig de Brún agus Tigh na Cille

Tumadh Máire Mhac an tSaoi i dteanga agus i gcultúr Dhún Chaoin, áit a d’fhág rian follasach ar a cuid saothair, a deir Deirdre Nic Mhathúna

Sa bhrollach a chuir sí le An Paróiste Míorúilteach: Rogha Dánta / The Miraculous Parish: Selected Poems, cnuasach dátheangach dá cuid filíochta, leag Máire Mhac an tSaoi béim ar an gcomaoin a chuir Gaeilge Chorca Dhuibhne uirthi. Thagair sí di mar ‘the wonderful medium I was privileged as a child to absorb’. Bhí máistreacht eisceachtúil ag Máire Mhac an tSaoi ar an nGaeilge agus ar chanúint Dhún Chaoin go háirithe agus bhí tuiscint ghléineach aici ar shaíocht agus ar thraidisiúin na teanga. Dá huncail, an Moinsíneoir Pádraig de Brún a tiomnaíodh an cnuasach céanna seo – léiriú, ní foláir, ar an meas agus ar an ngean a bhí ag Máire Mhac an tSaoi air. Comhartha is ea é, leis, ar a lárnaí is a bhí an Brúnach sa deis a cuireadh ar fáil di a bheith lonnaithe i bparóiste Dhún Chaoin le linn tréimhsí substaintiúla dá hóige. Tumadh í i dteanga agus i gcultúr an cheantair Ghaeltachta seo agus is gné dá taithí saoil é a d’fhág rian follasach ar a cuid saothair.

Ina dírbheathaisnéis, The Same Age As The State, míníonn Máire Mhac an tSaoi go raibh a tuismitheoirí go láidir ar son chur chun cinn na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar theanga bheo. Bhí Gaeilge líofa ag a máthair, Margaret Browne roimh phósadh di, ach níorbh amhlaidh dá hathair, Séan MacEntee. Bhain Margaret Browne, arbh as Gráinseach Mhóicléir, Co. Thiobraid Árann, di bunchéim sa Ghaeilge agus i Nuatheangacha amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bronnadh máistreacht uirthi ina dhiaidh sin agus thugadh sí léachtaí ar na Dánta Grá i gColáiste na hOllscoile (Cruise O’Brien 2003).

Deartháir do Margaret ab ea Pádraig de Brún (1889-1960). Tar éis dó a bheith ar an meánscoil i gColáiste Charn Tobair, Co. Thiobraid Árann, thosaigh sé ar chúrsa sagartóireachta i gColáiste Chluain Life i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1906. Bhronn an Ollscoil Ríoga céim BA sa Mhatamaitic agus san Fhisic Mhatamaiticiúil air sa bhliain 1909. Chaith sé tréimhse i mbun staidéir in Ollscoil Pháras agus i gColáiste na nGael sa chathair chéanna agus bronnadh céim dhochtúra air sa bhliain 1913. Oirníodh ina shagart é an bhliain chéanna agus chaith sé bliain in Ollscoil Göttingen sa Ghearmáin (Nic Mhathúna 2021). Dar le Máire Mhac an tSaoi, chuir an rian a d’fhág an taithí seo thar lear air le tarraingteacht a phearsantachta (Cruise O’Brien 2003). D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914, tráth ar ceapadh ina Ollamh le Matamaitic agus Fisic Mhatamaiticiúil é i gColáiste Phádraig, Má Nuad. Lean sé air sa phost sin go dtí gur ceapadh é ina Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, sa bhliain 1945. Cailleadh é i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1960.

Cé gur le cúraimí troma acadúla eile seachas an Ghaeilge a bhí an Brúnach gafa ina chuid fostaíochta, dhein sé obair éachtach i réimse na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil chomh maith. Chum sé filíocht ar ardchaighdeán a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal. I measc na ndánta is cáiliúla dá chuid, tá ‘Sráideanna Naomhtha Áth Cliath’ agus ‘Valparaiso’, aistriúchán ar ‘The Ship’ le Oliver St. John Gogarty. Tá cáil ar leith bainte amach ag an mBrúnach as na mórshaothair iomadúla a d’aistrigh sé go Gaeilge ó theangacha Eorpacha eile – ina measc, tá drámaí le Sofaicléas, Racine agus Corneille. Thuill na haistriúcháin oilte seo ardmholadh ó léirmheastóirí comhaimseartha agus cuireadh ar stáitse iad. Ba ar iarratas a d’aistrigh sé an chéad dráma agus is léir go raibh an spreagadh seo agus tógáil a thí i nDún Chaoin sa bhliain 1925 araon lárnach i bhforbairt agus i bhfíorú na físe a bhí aige don Ghaeilge:

Insa mbliain sin, do bhunuíos tigh dom féin i nGaedhealtacht Chorca Dhuibhne, agus insa mbliain chéadna, d’iarr Máthair Eucharia ní Riain orm Antigoné Shophocles a chur i nGaedhilge, d’fhonn go léireochadh na mná óga a bhí fé n-a cúram ar stáitse Halla Loreto é (de Brún 1945).

Léiriú amháin ar a fhuinte is a bhí saothar an Bhrúnaigh ná go raibh Beatha Íosa Críost (a scríobh sé i bpáirt leis an Athair Pádraig Ó Baoighealláin) mar ábhar léitheoireachta ag Lady Gregory agus í ar leaba a báis agus gur iarr sí ar WB Yeats a chur in iúl do Phádraig de Brún go raibh an saothar i ndiaidh sólás as cuimse a thabhairt di (luaite in Breathnach & Ní Mhurchú).

Bhí tábhacht leis an ról a bhí ag an mBrúnach sa dioscúrsa poiblí faoin nGaeilge chomh maith. Bhí sé féin agus Domhnall Ó Corcora páirteach in iomarbhá cháiliúil faoi chúrsaí litríochta san iris Humanitas, iris a foilsíodh i 1930-1931. Léirítear tiomantas an Bhrúnaigh don Ghaeilge agus leithne a chuid machnaimh faoi staid na teanga, go háirithe i leith teangacha Eorpacha eile, i léacht a thug sé ag an Oireachtas i 1955 faoi ‘Iolscolaíocht trí Ghaeilge’. Is léir go raibh an-mheas air as feabhas a chuid scoláireachta agus as géire a intleachta. Nuair a bunaíodh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1940, ceapadh é ina Chathaoirleach ar Chomhairle na hInstitiúide. Ceapadh é mar bhall den chéad Chomhairle Ealaíon (1951-1956) agus mar stiúrthóir sa bhliain 1959. Bhí sé le bheith ina Uachtarán ar an Oireachtas sa bhliain 1960 ach cailleadh roimhe sin é.

Mar is léir ón tagairt aige féin thuas dá theach i nDún Chaoin, bhí tábhacht an-mhór ag baint le Gaeltacht Chorca Dhuibhne i saol Phádraig de Brún. Agus é faoi mhéala bróin tar éis bhás a charad Seán Mac Diarmada i 1916, thaistil sé an bealach ar fad ó Bhaile Átha Cliath siar ó dheas go Corca Dhuibhne ar a rothar. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin a thóg sé an teach ar a dtabharfaí ‘Tigh na Cille’. Dearadh suaithinseach de chuid an ailtire Tom Cullen a bhí ann, é tógtha as adhmad. Dar le Máire Mhac an tSaoi, is ar mhaithe le go bhféadfaí í féin agus a cuid siblíní a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht a tógadh é (Cruise O’Brien 2003).

Le linn a hóige, b’aire rialtais é athair Mháire Mhac an tSaoi agus ba mhinic é as baile. Tá ráite aici go raibh Pádraig de Brún faoi mar a bheadh an dara hathair aici. Go deimhin, mhínigh sí go raibh Gaeilge aici ó dhúchas mar ‘gurb iad mo mháthair agus m’uncail Pádraig a thóg mé agus nár labhradar liom ach Gaolainn’ (Kehoe 2015). Chaitheadh siad tréimhse i nDún Chaoin gach bliain, faoi mar a mhínigh sí sa scannán faisnéise Deargdhúil, áit ar thagair sí go geanúil dá huncail:

Chaitheamar ar a laghad séasúr, ceathrú bliana i nDún Chaoin gach bliain i dtigh m’uncail Pádraig. Is dócha … b’é sin an rud a dtugtar sa Bhéarla an ‘father figure’ inár saol, sinn go léir. Bhí sé fial agus daonna agus lán de ghreann, an-chuileachta (Kehoe 2015).

Tá cur síos déanta ag Máire Mhac an tSaoi ina saothar filíochta agus próis araon ar an gcomhluadar a bhailíodh le chéile i dTigh na Cille. Duine de na daoine ba lárnaí sa chomhluadar sin ab ea Pádraig Ó Conchúir - an té dár chum an Brúnach an dán coscrach ‘Connor 1881-1944’ (de Brún 1944). Ní hamháin go léiríonn an dán cumha an fhile ar bhás a charad, ach leagtar an-bhéim ar an gcomaoin a chuir an Conchúrach air maidir leis an nGaeilge. Insítear sa dán gur nós leis an mbeirt fhear agus le buíon de na comharsana eile na haistriúcháin a bhíodh idir lámha ag an mBrúnach a phlé:

Léighinn duit ó am go ham na haistrithe do rinneas

Ó dhrámaí stáitse an chlú ón bhFrainc ’s ón seana-Ghréig.

Thaithníodh a gcúrsaí leat, is chuirteá feabhas is cruinneas

Ar mo lag-iarrachtaí le bréithre an bhreithimh réidh. (de Brún, 1944)

I litir a scríobh Pádraig de Brún chuig An Gúm sa bhliain 1934, déanann sé cur síos ar an modh oibre céanna seo. Bhí aistriúchán ar Beathaí Phlútairc idir lámha aige ag an am: ‘Fuaras caoi ar na trí beathaí déanacha soin a dheisiú, ghá léigheamh dom do dhaoine i nDún Chaoin le linn na Nodlag, agus ba mhaith liom an dálta céadna a dhéanamh le beatha Chaesair agus le beatha Alastair’ (de Brún 1934). Is léir gur chuir sé tábhacht leis an scagadh a dhéanfaí ar a chuid oibre i dTigh na Cille.

Tá an cur síos seo i litir an Bhrúnaigh agus an méid atá sa rann filíochta thuas ag teacht leis an gcuimhne atá ag Máire Mhac an tSaoi ar an bplé a bhíodh ar bun i dTigh na Cille. I dteannta roinnt fear a ainmníonn sí, luann sí Bríde Ní Chíobháin a bhí mar bhean tí ag an mBrúnach. Deir Máire Mhac an tSaoi gur sháraigh Bríde Ní Chíobháin ‘orthu go léir le gaois agus le léann’ (Mhac an tSaoi 1993: 149), ach is léir ón dán ‘Leagan ar sheanará’ gur mheas sí nach bhfuair sí an t-aitheantas a bhí tuillte aici. Mínítear sa dán seo go raibh leagan áirithe de nath cainte coitianta sa cheantar ‘Ach bhí fios a mhalairt agatsa agus dúraís é: / D’éistíodar gan trasnaíl leat, ach níor athraigh a dtuairim, / Agus bhreac an scoláire síos uathusan é, agus ní uaitse ...’ (Mhac an tSaoi 2011).

Tugann an dán ‘I leaba an dearúid, an tarcaisne’ le fios gur éirigh an caidreamh a bhí ag Máire Mhac an tSaoi le pobal Dhún Chaoin casta le himeacht aimsire. Tá pearsa an dáin maslaithe ag ‘fear na féasóige’ a áitíonn nach bhfuil fágtha de chuimhne ar Phádraig de Brún i nDún Chaoin ach ‘mar dhuine des na boic mhóra, / Mar dhuine den lucht rachmais’ (Mhac an tSaoi 2011: 200). Sa dán seo, leis, tagraítear do na comharsana a bhíodh ag triall ar Thigh na Cille:

An slua ’bhailíodh gach oíche chughat ar an gCill:

Comharsana meabhracha ba mhaith i mbád is ar ghort,

Nár dheoranta iad do shaíocht na cruinne,

Ach a mhúin duit conas

An tsaíocht sin a ghléasadh i gculaithirt na Gaelainne…

Nasc domhain eile a bhí ag Máire Mhac an tSaoi le Dún Chaoin agus Corca Dhuibhne ab ea an spéis leanúnach a bhí aici i laoch mór an cheantair, Piaras Feiritéar. File agus ceannaire míleata a mhair sa chéad leath den seachtú haois déag ab ea Piaras Feiritéar. Anseo, leis, feicimid tionchar an Bhrúnaigh. Nuair a thug an tAthair Pádraig Ua Duinnín camchuairt ar Chorca Dhuibhne ag bailiú scéalta béaloidis faoin bhFeiritéarach dá eagrán nua dá chuid filíochta, is é an Moinsíneoir a thug timpeall ina charr é. Ní foláir nó chuir sé na daoine is mó a mbeadh scéalta faoin bhFeiritéarach acu in aithne don Duinníneach chomh maith. Ar chuireadh ón Athair Ua Duinnín, scríobh an Brúnach réamhrá leis an eagrán de dhánta an Fheiritéaraigh a foilsíodh sa bhliain 1934. In The Same Age As The State, míníonn Máire Mhac an tSaoi go raibh Piaras Feiritéar mar laoch aici óna hóige agus gur chuaigh cuairt an Duinnínigh fad is a bhí an leabhar á réiteach aige i bhfeidhm go mór uirthi. Lean an spéis sin i gcaitheamh a saoil. Ba ar dhánta Phiarais Feiritéar a scríobh sí a tráchtas máistreachta agus is é a shaol agus a shaothar is ábhar do dhá leabhar dá cuid, A bhean óg ón... (2001) agus Cérbh í Meg Russell? (2008).

Tá cuma dhearóil ar fhothrach Thigh na Cille i nDún Chaoin sa lá atá inniu ann ach i saothar filíochta agus próis Phádraig de Brún agus Mháire Mhac an tSaoi araon maireann taifead tábhachtach ar an bplé a deintí ann ar dhiamhaireachtaí na Gaeilge. D’fhág an comhluadar léannta suairc a bhailíodh le chéile ann rian láidir ar bheirt de mhórphearsana litríocht na Gaeilge. D’fhág an tairbhe a bhain Máire Mhac an tSaoi as a bheith lonnaithe i gCorca Dhuibhne le linn a hóige go raibh máistreacht aici ar an nGaeilge agus ar Ghaeilge Dhún Chaoin go háirithe. Agus í ag scríobh faoin gcomaoin a chuir a chomharsana i nDún Chaoin ar a huncail, dúirt Máire Mhac an tSaoi:

Ar feadh fiche éigin bliain thaithíodar cistin na Cille agus in aeráid na n-oícheanta súáilceacha san áirneáin, bhláthaigh cumas Gaeilge an Bhrúnaigh, i dtreo, i ndiaidh na príntíseachta san, gur thaibhsigh an teanga, agus í á hionramháil aige, ina huirlis chanta, chomhaimsireach, i leith is nár ghabh riamh fé bhráca an anróigh agus na héagóra (Mhac an tSaoi 1993).

Mar thoradh ar a buanna raidhsiúla féin a nasc a cumas sa Ghaeilge lena hintleacht ghéar agus lena cruthaitheacht, is cinnte ‘gur thaibhsigh an teanga ... ina huirlis chanta’ i lámha Mháire Mhac an tSaoi féin chomh maith.

Tagairtí

Breathnach, Diarmuid & Ní Mhurchú, Máire, ‘de Brún, Pádraig (1889-1960)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge [faighte ar an 27 Lúnasa 2021].

Cruise O’Brien, Máire (2003), The Same Age As The State. Dublin: The O’Brien Press.

de Brún, Pádraig (1934), Litir go dtí An Gúm, 25 Eanáir 1934. In: An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 2.

de Brún, P. (1944) ‘Connor 1881-1944’. In: Comhar 3 (11): 6.

de Brún, Pádraig [1945], ‘An obair atá foillsithe i nGaedhilge agam’. In: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

de Brún, P. (1955) ‘Iolscolaíocht trí Ghaeilge’.
In: Feasta 8 (9): 3–4, 34–36.

Kehoe, Paula (stiúrthóir) (2015) Deargdhúil: Dánta Mháire Mhac an tSaoi. Camus Uachtair, Conamara: Saoi Media. [scannán]

Mhac an tSaoi, Máire (1993), ‘Pádraig de Brún agus an Ghaeilge: saol agus saothar in aisce?’. In: Léachtaí Cholm Cille 23. 140–160.

Mhac an tSaoi, Máire [de Paor, Louis (eag.)] (2011), An Paróiste Míorúilteach: Rogha Dánta / The Miraculous Parish: Selected Poems.
The O’Brien Press / Cló Iar-Chonnacht.

Nic Mhathúna, Deirdre (2021), ‘Filíocht agus Smaointeoireacht an Mhoinsíneora Pádraig de Brún.’ In: Markus, Radvan et al (eagí), Ar an Imeall i Lár an Domhain: Ag Trasnú Tairseacha Staire, Teanga, Litríochta agus Cultúir. Leabhar Breac. 190-203.

Deirdre Nic Mhathúna

Is léachtóir í Deirdre Nic Mhathúna in DCU