Sleachta as Comhar

Agus Comhar 80 bliain ar an bhfód i mbliana tugann Donncha Ó hÉallaithe blaiseadh dúinn sa tsraith speisialta seo ar ábhar a foilsíodh san iris le ceithre scór bliain. An mhí seo tá roinnt míreanna as eagráin Dheireadh Fómhair a bhaineann le Máire Mhac an tSaoi

Dhá chéad bliain ó shoin sa mhí seo anois againn, cailleadh Jonathan Swift i gcathair Bhleá Cliath. Ba dhíomhaoin an obair dósa [domsa] í, túirt [tabhairt] fé aon athinsint ar uafás nó ar thruaimhéil an bháis sin, nuair a thuit an oíche ar cheann dosna híntleachtaí ba léire agus ba chóchtaí [chumhachtaí] dár tháinig fós, gur threisigh anró anama le piana dothoilichte an choirp. Tá sgéal na cinniúna san ar sgéalta truaighe an domhain. Ach cad fá bheatha an té fuair an bás san, fána chúrsa roimis an gcrích dhólásaigh sin? Ins na laethanta so ’na móraimid iad siúd a d’fhág sprid na saoirse le huacht againn, níor mhiste dhúinn machnamh ar intinn agus ar shaothar Jonathan Swift.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe