Ar UrScáth na hÚcráine Mícheál Ó hAllmhúráin


Cogar, an fíor go raibh sé i ndán duitse, a Úcráin,
Go dtitfeá sa dtuile fé ramharbhuataisí na Rúise,
Och! go mbeadh ort seasamh leat féin
Led chroí a chosaint go cróga
Fad a d’fhanfaimisne go léir,
Ar fud na cruinne, ag féachaint ar an ollslad uafar
A fhulaingíonn do mhuintir i nglasnasc nua ár nduibheagáin?

Casann ár reann mar bhall de ghrianchóras, a Úcráin,
A thaoscann timsholas ’gus teas ar thorthúlacht
Go sealbhódh áitritheoirí saol,
Ar bhonn binn is le fonn fónta,
I gcríocha beo, míntírithe go séimh…
Ach abair liom: cé a shocraíonn teorainneacha eastáit gach stáit?

Conas a oibríonn eagraíocht an airgeadais sa domhan? a Úcráin,
Cé a bhí i gceannas uirthi i rith na réanna ríshuaite
’Gus inniu d’fhonn struchtúr soiléir
A chur le trádáil an tsaoil thomhaiste
Is le beathú a roinnt le hiúl géar
Ionas go mbeadh sonas ag saoradh naofacht na n-uasal…
Is cad tá ag tarlú di in intinní na cruinne is in oifigí na n-uachtarán?

Deimhnigh dom cad as a dtagann ár gcearta chugainn? a Úcráin,
An bhfuil a bhfoinse ar foluain inár ndúile
Nó i bhfirmimint na fírinne go léir,
Lasmuigh dínn, a fhairsingíonn foirm ár bhfeola
Is a dhíríonn ár n-intleacht d’fhonn dea-léas
A chaitheamh ar an gcruinne is ar ár ngluaiseacht
Inti go mbeadh maitheas ár mbeatha in uachtar le lúcháir?

An dtuileann is an dtránn díle na dúchinniúna orainn go léir? a Úcráin.
Seo bailte breátha leat basctha, och! buantugtha chun bruscair
Is seanmhná ag gol i gcuibhreann a lae
Fad a phléascann diúracáin go sceonmhar
Thart fá theifigh ag sodar mar fhíréin
As ifreann iata, ceaptha ag ramhar-útamáil na Rúise…
Is, fé Dhia, cad is féidir liom féin ’dhéanamh duit id dhúluachair? a dhilÚcráin.

Is file é Micheál Ó hAllmhuráin