Léargas nua ar an sean-nós

Lillis Ó Laoire
Léargas nua ar an sean-nós

Déanann Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire cur síos ar a gcnuasach nua aistí ar chúrsaí amhránaíochta

Is é atá sa leabhar nua Dhá Leagan Déag: Léargais nua ar an sean-nós

cnuasach aistí ar chúrsaí amhránaíochta, toradh ar chomhdháil a ritheadh sa bhliain 2015 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le tacaíocht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ó Chló Iar-Chonnacht. Ní miste cuimhneamh ar Sheumas Watson, fear de rannpháirtithe na comhdhála, a bhásaigh sa bhliain 2018 agus nach bhfaca a shaothar sa leabhar seo i gcló. Chaith Seumas formhór a shaoil i gCeap Breatainn, ag bailiú agus ag caomhnú an dúchais Ghaelaigh sa bhall sin. Cuireann a alt sa chnuasach seo cloch ar a charnán. D’imigh laoch eile de chuid na n-amhrán, agus rannpháirtí de chuid na comhdhála, Josie Sheáin Jeaic, uainn chomh maith ó shin agus airímid go géar an bhearna a d’fhág sé. Agus duine de laochra móra na n-amhrán, Liam Mac Con Iomaire, imithe uainn sa bhliain 2019, tiomnaímid an cnuasach seo dó mar mhéaróg ar a leacht. Sa bheatha a chaith seisean, bhí na hamhráin agus a ngabháil i gcomhluadar gnaíúil i gcroílár a shaoil. Thug sé cead isteach d’aon duine ar mhaith leo a bheith rannpháirteach sa saol diamhair, míorúilteach a bhaineann le comhluadar geanúil ina mbíonn amhráin á rá le croí agus le paisean. Ba mhaith linne inár mbealach féin, trí na haistí seo, an cead sin a thabhairt do phobal eile.

Ní miste taithí Éireannach nach bhfuil an Ghaeilge lárnach dóibh, ach atá sáite i gcultúr ceoil, ar amhráin na Gaeilge, a chur san áireamh agus muid ag machnamh ar ionad na n-amhrán. Chuige sin tugann duine d’eagarthóirí an leabhair pictiúr dúinn dá óige féin agus dá thaithí ar an gceol Gaelach:

Bhí an ceol gach pioc chomh tábhachtach leis an iománaíocht i m’áit dúchais is mé ag fás aníos i gContae an Chláir i gceathrú dheiridh an fichiú haois: camáin nó uirlisí i nglaca na ndaoine óga ag brath ar an oíche a bhí ann. Ó thaobh sheinm an cheoil de, bhí an dá rud ann – ríleanna, poirt agus pé rud eile a bhain leis an rince, agus ansin na foinn mhalla amach leo féin. Bhí an-tóir againn mar fhoghlaimeoirí ar an bhfonn ‘Ar Éirinn ní neosfainn cé hí’, agus sin a tugadh air: fonn. Níor smaoiníomar air mar amhrán. Maidir liom féin, níor thuig mé an teideal, fiú amháin, agus bhí blianta fada ann go dtí gur rith sé liom faoi dheireadh gur amhrán a bhí ann, agus go raibh focail ag gabháil leis. I mo shaol féin, mar sin, agus mé óg, mhair rian an tsean-nóis i réimse na n-uirlisí amháin. Cé go rabhamar ‘báite i dtraidisiún an cheoil’ sa Chlár, mar a chloisfeá sa reitric, bhí an pobal inár gcearn féin fós scartha amach ó fhoirmeacha áirithe den traidisiún ar bhealach, nó d’fhéadfá a rá go raibh snáitheanna ar leith den traidisiún á n-iompar acu seachas snáitheanna eile; an bhéim ar na huirlisí, seachas ar na hamhráin ina lánfhoirm – gné thairseachúil ag rith trínár bplé leis an gceol.

Ní hé go raibh aon rud in easnamh sa fhráma tagartha a bhí againn, inár n-aigne féin, maidir leis an gceol: ba rud cruthanta é an fráma sin, ba Chláirínigh muid, agus ba é an Clár lárionad na cruinne, dar linn: ba muidne lucht an cheoil. Ach is cuma cén áit nó cén pobal a bhíonn ann: seas san áit cheart, an t-ionad féachana oiriúnach bainte amach agat, agus is féidir breathnú ar an gcultúr sin mar chultúr tairseachúil.

Is léiriú maith é an cur síos thuas ar ghnéithe áirithe den scéal maidir leis an amhránaíocht ar an sean-nós go náisiúnta agus ar stáitse an domhain; ceangal nó nasc éigin ag na mílte daoine ar fud na cruinne leis, agus fós bearna ann, nó díog. Bíonn go leor rudaí i gceist leis an mbearna sin, ach gan dabht tá ceist na teanga i measc na bpointí is tábhachtaí. Ní gá a rá nach ionann scéal na Gaeilge agus scéal cheol na hÉireann thar thréimhse trí chéad bliain. Ar an leibhéal is simplí a bhféadfaí cur síos a dhéanamh air, sna mílte cásanna, d’imigh an Ghaeilge as saol an duine, nach mór, agus tháinig an Béarla isteach ina háit. Mar sin féin, níor éag an ceol ar an mbealach céanna. Mhair cuid mhaith den eilimint sin ar ais nó ar éigean, i nglórtha na ndaoine sin agus i nglórtha a sleachta, agus ar a n-uirlisí ceoil. Nuair a bhreathnaítear ar an nGaeilge agus ar an gceol, mar dhá ghné den chóras comharthaíochta a bhíonn ag daoine, feictear gur ghlac an dá ghné seo bóithre glandifriúla lena chéile le himeacht ama sna cásanna atá pléite thuas. Ní foláir nó gur tháinig athruithe móra ar na luachanna éagsúla a ghabh leis na comharthaí sin in aigne na ndaoine, agus nárbh ionann na hathruithe sin sa dá chás.

Blaiseadh eile ó Chontae an Chláir:

I gcomhthéacs na tairseachúlachta seo, bhíodh amhráin as cairteacha na n-ochtóidí ar an raidió ar bharr ár ngob againn – ach uaireanta de réir ‘stíl an tsean-nóis’ mar a shamhlaíomar dúinn féin í. D’oibríodh mo dheartháir in oifig an phoist i Sionainn, tráth. Thagadh comhghleacaí leis isteach san oifig ar maidin, fear as Inis Díomáin, agus leagan ‘sean-nós’ d’amhrán le Eurythmics lá amháin aige, an lá eile Pete Wiley. Ba í an tsabaitéireacht chultúrtha agus an íoróin bun agus barr an ghrinn seo, ar ndóigh, ach is fiú súil thapa a chaitheamh arís ar an bpointe teagmhála imeallach seo idir comharthaí sóirt an tsean-nóis agus iad siúd a bhaineann le cultúr domhanda na ré seo.

Ba i dtéarmaí na dtraidisiún sin amháin a bhí an greann le fáil, magadh faoi chultúr an domhain mhóir – an Gesellschaft más maith linn – trí leas a bhaint as tréithe an tsean-nóis mar chomhartha sóirt den Gemeinschaft Gaelach chun ár leaganacha féin de ‘Sweet dreams are made of this’ agus ‘Sinful’ a fhí (na hochtóidí a bhí ann, mar a dúradh); ní

leanfadh sé go dtuigfeadh duine as tír eile, cuir i gcás, céard a bhí i gceist. Bheadh tuiscintí ar leith ag teastáil, cur amach ar ghnéithe de thraidisiúin chultúrtha na hÉireann, sula mbeadh craic le baint as a leithéid de scige.

Rian de thraidisiún an tsean-nóis, mar sin, ag feidhmiú mar nasc tuisceana idir daoine nár Ghaeilgeoirí iad, ach a raibh ceangal cultúrtha acu fós leis an amhránaíocht sin; eilimintí as cultúr an domhain mhóir á bpróiseáil acu, á láimhseáil acu, agus leas á mbaint acu as scáth an tsean-nóis chun teacht ar an bpróiseáil sin.

Ní mó ná sásta a bheadh roinnt daoine lena leithéid d’úsáid is d’athshaothrú ar stíl an tsean-nóis, fiú amháin más i spás tairseachúil an Chláir a tharla sé, seachas sa Ghaeltacht (ní mó ná sásta a bheadh díograiseoirí áirithe de lucht leanúna Eurythmics ach oiread is dócha); ina dhiaidh sin féin is iomaí rud a chuirfeadh isteach ar dhaoine i bpróiseas athshamhlaithe ar bith ar ghnéithe de thraidisiún. Ní raibh i gceist anseo, áfach, ach réimse an ghrinn, agus é sin taobh amuigh de na foirmeacha traidisiúnta, leis; cad faoi athshaothrú i bhfeidhmeanna níos íogaire den amhránaíocht seo, i gcomhthéacs na bhfoirmeacha a mbíonn gradam agus dlisteanacht ag gabháil leo sa traidisiún féin?

Má sheasann duine san áit cheart, mar a luadh cheana, is féidir breathnú ar chultúr ar bith mar chultúr tairseachúil.

Leanann sé, pé áit a seasann tú, go mbíonn tú ar thairseach, fiú amháin más ‘croílár’ traidisiúin atá i gceist. Is ealaín í an amhránaíocht ar an sean-nós a bhfuil ionad tábhachtach aici i gcultúr comhaimseartha ceoil agus teanga na Gaeilge. Faoi láthair tá béim faoi leith ar an gcomórtas mar ionad láithrithe di, cé go bhfaigheann sí ardán chomh maith ag mórán féilte nach mbíonn comórtais i gceist iontu. Craoltar an sean-nós ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 le linn Fhéile an Oireachtais go háirithe. Tá bunachar luachmhar curtha le chéile ag TG4 ar féidir teacht ar stór mór de na hamhráin á ngabháil agus tá sé sin ar fáil don phobal. Tá brí agus beatha san amhránaíocht, ach fiú amháin i ‘gcroílár’ sin thraidisiún an tsean-nóis, tá coimhlintí is ceisteanna ann; streachailt chun fód ar leith a sheasamh, streachailt an tseanmhínithe, ceisteanna faoin mbarántúlacht, faoin íonghlaineacht, faoin gcaomhnú, faoin nuálaíocht.

Níor tugadh go dtí seo aon fhóram poiblí do lucht leanúna an tsean-nóis chun teacht le chéile agus chun plé a dhéanamh ar na ceisteanna a bhaineann leis an ealaín seo. Ba é aidhm na comhdhála seo a leithéid d’fhóram a chur ar fáil. Tháinig grúpa daoine le chéile le tacaíocht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn i mí an Mheithimh 2015 ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ar feadh dhá lá, rinne siad a gcuid measúnaithe, a gcuid tuairimí is a gcuid moltaí a roinnt agus a phlé maidir leis an amhránaíocht dhúchasach mar a bhí agus mar atá anois. Cíoradh a bhfuil i ndán di amach anseo, agus na slite inar féidir dul i ngleic le dúshláin éagsúla na ré nua-aimseartha. Cuireadh béim faoi leith ar nuáil smaointe faoin sean-nós ó thaobh na staire agus na comhaimsire san aonú haois is fiche, agus ar an gcomhthéacs seachas ar théacsanna na n-amhrán féin. Bhí cainteoirí ann as Éirinn, as Albain, as Alba Nuadh go California, idir amhránaithe, fhilí is scoláirí, chraoltóirí agus stiúrthóirí féilte. Rogha de na páipéir a tugadh ag an gcomhdháil atá sa leabhar seo, agus aiste nó dhó eile a fuarthas ó shin.

Ó thaobh na bpíosaí sa leabhar, tá ann idir mhachnamh ar fhréamhacha stairiúla an tsean-nóis sa chomhthéacs nua- aimseartha agus anailís ghéar ar a stádas ar na haerthonnta; ó chíoradh ar cheisteanna féiniúlachta is feiniméaneolaíochta a ghabhann leis go measúnú ar thionchar na gcomórtas foirmiúil. Faightear chomh maith forbhreathnú ar léiriú na hamhránaíochta i litríocht na Gaeilge agus cuntas aistir phearsanta ar bhóthar an tsean-nóis. Ní bhíonn na húdair seo ar aon intinn i gcónaí; ní léamh amháin ar an scéal atá sa chnuasach seo, mar sin, ach plé ar na tuairimí éagsúla a ghabhann leis, mar is gá dó bheith.

- Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh ‘Dhá Leagan Déag: Léargais nua ar an sean-nós’ atá curtha in eagar ag Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire

Lillis Ó Laoire

Is amhránaí agus scoláire é Lillis Ó Laoire