1942 - 2022

1942 - 2022

1942

Foilsíodh an dán seo le Máire Mhac an tSaoi ar an gcéad leathanach d’eagrán na Nollag den iris. Ní raibh d’ainm leis an dán ach M. Is minic a chloistear é á chanadh mar charúl Nollag anois aimsir na Nollag.

Oidhche Nollag

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,

Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc,

Adaigh an teine ‘gus téir chun na leapthan,

Luighfidh Mac Dé ins an dtigh seo anocht.

Fágaídh an dorus ar leathadh ‘na coinne,

An Mhaighdean a thiocfaidh ‘s a naoidhe ar a hucht,

Deónaigh do shuaimhneas do ghlacadh, a Mhuire,

Luighfidh Mac Dé ins an dtigh seo anocht.

Bhí soillse ar lasadh sa tigh sin na haoidheachta,

Cóiriú gan caoile, biaidh ‘gus deoch,

Do cheannuidhthe ola, do cheannuidhthe síoda -

Ach luighfidh Mac Dé ins an dtigh seo anocht.

M.

1949

Bhris cogadh amach idir UCD agus lucht díolta Comhar sa gcoláiste: chuir An tOllamh Michael Tierney (1894 - 1975), Uachtarán An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath cosc ar dhíol eagrán Dheireadh Fómhair 1949 den iris sa gcoláiste. I 1945 d’éirigh An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, as a bheith ag cur páipéir scrúdaithe ar fáil i nGaeilge le haghaidh Scoláireachtaí Iontrála do dhaltaí i scoileanna a bhí ag déanamh a gcuid ábhar i nGaeilge. Bhí sé de nós ag na coláistí ollscoile eile, Coláiste na Tríonóide san áireamh, leaganacha Gaeilge de na páipéir scrúdaithe do na scoláireachtaí iontrála a chur ar fáil i nGaeilge. D’iarr meánscoil i mBaile Átha Cliath, seans maith Coláiste Mhuire, ar UCD leagan Gaeilge de na páipéir a chur ar fáil do dhaltaí a bhí ag fáil a gcuid oideachais meánscoile trí Ghaeilge, le nach mbeadh siad faoi mhíbhuntáiste. Dúradh leo go mbeadh cead ag na daltaí na scrúduithe don scoláireacht iontrála a dhéanamh i nGaeilge ach ní bheadh an coláiste ag cur leaganacha Gaeilge de na scrúduithe ar fáil! Mar go raibh sé de dhánaíocht ag COMHAR é seo a cheistiú agus tacú le héileamh na meánscoile lán-Ghaeilge chuir Uachtarán UCD cosc ar COMHAR a bheith á dhíol sa gcoláiste.

Chas toscaireacht le Tierney ag iarraidh air an cosc ar dhíol na hirise a ardú ach tugadh an chluas bhodhar dóibh.

Ach ní raibh lucht Chomhar cloíte ná baol air. Foilsíodh eagrán na Nollag den iris le pictiúr ar an gclúdach de phríomhfhoirgneamh UCD in Ardán Phort an Iarla agus scríofa trasna air bhí ‘NÍ CHEADAÍTEAR AN IRIS SEO A DHÍOL SAN CHOLÁISTE OLLSCOILE SEO’. Ní hamháin sin ach foilsíodh tuairisc chuimsitheach ar an gcruinniú a bhí idir an triúr a chas leis an Ollamh ar an 31 Deireadh Fómhair 1949. An chéad bhliain eile, 1950, ghéill An Coláiste Ollscoile faoi cheist na scrúduithe a chur ar fáil i nGaeilge agus cuireadh páipéir ar fáil trí Ghaeilge mí Iúil 1950. Mar sin féin, lean an cosc ar dhíol COMHAR i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ar feadh cúpla mí eile.

Bhí Michael Tierney pósta le Eibhlín Mac Néill, iníon le Eoin Mac Néill, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge agus Óglaigh na hÉireann. Bhí baint aige leis na Blueshirts agus le Fine Gael ina dhiaidh sin. Ollamh le Gréigis a bhí ann agus bhí sé ina Uachtarán ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ó 1947 go 1964.

TUAIRIMÍ AN UACHTARÁIN

Bhí an coinne le hUachtarán an Choláiste socraithe againn don dó dhéag. Bhí na mic léinn ag bailiú san bPríomh-Halla idir dhá léacht nuair a bhíomar ag dul isteach, iad gan aon eolas ar an iarracht a bhí idir lámhaibh chun a gceart chun saoirse tuairimíochta a chosaint.

Bheannaíomar don Doctúir Ó Tighearnaigh i nGaeilge ach chasamar ar an mBéarla ansan mar gur iarr sé san nuair a shocruigh sé ar ghlacadh le toscaireacht ó Chomhar. Chuir sé ar ár gcompord sinn agus thairg toitíní dúinn. Dhearg sé féin ceann.

Thángamar chuige féachaint an dtarraingeodh sé siar an cosc a bhí curtha aige ar CHOMHAR a dhíol sa Choláiste. Iris eadar-Ollscoile í agus mheas an Coiste go raibh sé de cheart aici a bheith ar fáil gan chosc ins gach Ollscoil agus Coláiste Ollscoile sa tír.

Ba leor san mar oscailt chun seans a thabhairt don Uachtarán a thaobh féin den scéal a nochtadh...

‘You have had a series of stupid and unintelligent editorials on questions of College policy which I could not stand for.’

...Tá COMHAR faoi thionchar lucht Choláiste na Tríonóide agus níl san iris ach ardán acusan chun tabhairt fén Choláiste Ollscoile. ...Threisigh ar chaint an Uachtaráin. Níl sé i gcoinnibh na Gaeilge ach a mhalairt ar fad. Chaith sé cuid mhaith dá shaol, dúirt sé, ag obair ar son na teangan. An fhaid agus a bheidh sé i mbun an Choláiste cuideoidh sé leis an nGaeilge ar gach bealach, taobh amuigh d’eisceacht thábhachtach amháin - ní thabharfaidh sé aon chuidiú don ghluaiseacht seo atá ar bun ag COMHAR múineadh tré Ghaeilge a chur chun cinn ins na hOllscoileanna. An fhad is a leanann COMHAR ar an ‘stupidity’ san ní dhíolfar COMHAR sa Choláiste...

‘Ní féidir ábhair ardléinn a mhúineadh tré Ghaeilge agus sin a bhfuil ann...’

‘...Tá na Bráithre Críostúla inár ndiaidh anois ag lorg aistriúcháin ar na páipéirí don scrúdú scoláireachtaí iontrála. Seo sampla eile den ‘stupidity’ nach ngéillimid dó...’

‘...Anyway if you give in to them on this point the next thing will be that they will be asking for lectures through Irish for those of their pupils who win the Scholarships.’

...Níl ach scata beag ‘cranks’ a chreideann san aithbheochaint agus taobh istigh de chúig bliana déag tiocfaidh rialtas i bhfeidhm a ruaigfidh an Ghaeilge as na scoileanna...’When that day comes, a day for which I do not wish, University College, Dublin, will be an island where Irish can still be studied by those interested in it.’

D’fhágamar slán ag an Dochtúr Ó Tighearnaigh ag ceathrú tar éis a haon.

1955

Ag dul trí na seanchóipeanna de Chomhar thug mé suntas d’eagrán na Nollag 1955: ar an gclúdach bhí pictiúr a d’aithníos - An tSiúr ag déanamh a bealach faoin ‘Convent Bridge’ ar Bhóthar Dhún Garbháin in aice leis an mBaile Gaelach ar imeall thiar an bhaile, gar don áit inar tógadh mé. Taobh istigh den eagrán bhí alt faoi mo bhaile dúchais.

Chaith an t-údar, Seán Mac Réamoinn (1921-2007), tréimhse ar scoil leis na Bráithre Críostaí i gCluain Meala. Bhí sé ina eagarthóir ar Chomhar sna blianta 1946 agus 1947 agus ba mhinic é ag scríobh don iris sna blianta ina dhiaidh sin.

Luann sé san alt an dúil a bhí agus atá fós ag muintir Chluain Meala sna caiple is i gcúrsáil na gcon. Ach thug mé suntas faoi leith don tagairt a bhí aige don ghéarchoimhlint pholaitíochta ar an mbaile. Ba mhinic le mo linn féin Fine Gael agus Fianna Fáil a bheith in árach a chéile le linn toghchán. Ba dheacair a shamhlú an uair sin go bhféadfadh an dá pháirtí céanna a bheith i rialtas le chéile agus iad ag malartú eatarthu ról an Taoisigh!

CLUAIN MEALA

Cois na Siúire

SEÁN Mac RÉAMOINN

...Cé gurb é Cluain Meala ceart-bhaile príomha Thiobraid Árann ní foláir a mheabhrú go bhfuil sé suite i bhfíordheisceart an Chontae, díreach ar theorainn Phort Láirge. Agus, de réir dinnseanchais, is le Déisibh é. Cuimhnítear mar sin ar an méid seo, mar ba ró-éasca a ligint i ndearmad, gurb é an dúchas Gaelach is dúshraith do Chluain Meala.

Ach má tá dúchas sa dúshraith ní hé atá ins na ballaí. Tógadh iadsan chun urraí dílse an Rí a chosaint ar an dúchas céanna. Go fóill féin seasann an Geata Thiar idir an Baile Gaelach amuigh agus an ceart-bhaile istigh...

Ba i lár an tseachtú céad déag a tháinig an t-athrú saoil ar an gceartbhaile ciúin síochánta. Nuair a d’éirigh idir an Rí agus an Pharlaimint sheas muintir Chluain Meala leis an Rí, ar ndóigh, agus chuireadar cóiriú catha is cosanta orthu féin. Nuair a thosaigh Cromwell ar a sciuird fhíochmhar fá dheisceart Éireann bhí míle go leith de Ghaeil Uladh faoi cheannas Aoidh Dhuibh [Uí Néill] ag fanacht leis i gCluain Meala. Mhair an léigear breis agus mí, agus tá le maíomh ag muintir Chluain Meala gur sheas a sinsir i gcoinne na nIronsides go calma dílis. Níor géilleadh nó go raibh gach dóchas spíonta, d’éirigh leis na hUltaigh éalú ón mbaile, agus fuarthas téarmaí réasúnta ó Cromwell...

Nuair a chuas féin go Cluain Meala sa bhliain 1931 ba bheag tionscal a bhí ann ach cuimhne na glóire do thréig. Agus ansin, tháinig athrú rialtais in Éirinn agus cor nua ar chúrsaí déantúsaíochta na tíre. De réir a chéile, thosaigh na monarchana nua ag saothrú an rathúnais. Tionscail úra agus seantráchtáil - tráchtáil chianaosta na n-aontaí is na margaí - táid araon i bhfeidhm go láidir i gCluain Meala anois, agus a rian le haireachtáil go soiléir ar an áit...

Bhí ina chogadh eacnamaíochta idir Éire agus Sasana, agus ainneoin na monarchan nua, bhí rian an choimheascair ar an mbaile mór. Bhí cuid mhaith d’fheirmeoirí Dheisceart Thiobraid Árann gan a bheith buíoch d’Fhianna Fáil agus nuair a sheinn Ó Dubhthaigh [Eoin Duffy] an Dord Féinne bhí na léinte gorma á gcaitheamh go flúirseach......

Is cuimhin liom toghchán áitiúil amháin ann, fiche éigin bliain ó shin, a bhí ina chath chomh fíochmhar san is go gceapfá nach ballraíocht Bhardais a bhí i gceist ach cinniúint náisiúin. B’fhéidir gurb ea ar ndóigh!

1956

Eagrán speisialta de Chomhar a foilsíodh mí na Nollag, 1956, eagrán a bhí tiomnaithe do Phádraic Ó Conaire, ‘i gcuimhne a mhórshaothair agus a dhílse don Ghaeilge’. Bhí sé aiste faoi Shean-Phádraic ó dhaoine a raibh aithne acu ar an scríbhneoir, ina measc alt macnamhach scríofa ag Seán Mac Giollarnáth, iarGhiúistis sa gCúirt Dúiche i gConamara.

Pádraic Ó Conaire

SEÁN MAC GIOLLARNÁTH

Fáisceadh Pádraic Ó Conaire as an saol ar nós-cuma-liom a bhí coitianta in Éirinn tar éis bháis Pharnell. San am úd bhí leathbhróg Ghaelach agus leathbhróg Ghallda dá gcaitheamh ag muintir na Gaillimhe, agus ba chuma leo cé acu teanga a labhróidís, Béarla nó Gaeilge, agus bhí an Ghaeilge ar fheabhas an domhain ag go leor acu, ag siopadóirí, ag lucht dlí, ag dochtúirí agus ag an lucht oibre ar fad...

D’athraigh an ghaoth de réir a chéile agus shéid an ghaoth anoir i seolta an Bhéarla gur fhág sí againn an Ghaillimh atá anois ann. Níor athraigh Pádraic Ó Conaire le gaoth an Bhéarla ach is amhlaidh a chloígh sé leis an teanga eile a raibh an slua dhá tréigsint. Bhí an slua ar nós-cuma-liom, agus cé go raibh Pádraic ar an mbealach céanna i mórán nithe feadh a shaoil ní dhearna sé faillí san nGaeilge ón am ar fhág sé coláiste...

Casadh Pádraic liom den chéad uair i Londain in áras Chonradh na Gaeilge nuair a bhí Mícheál Breathnach i mbun oifige an Chonartha. B’as Condae na Gaillimhe an triúr againn agus thigeadh muid i gceann a chéile laethanta áithride ag teach bídh in Adelphi Terrace, gar d’oifig Mhícheáil. Bhíomar ár dtriúr an-óg ach níor choinnigh an óige ó phlé mhórcheisteanna muid...

Thréig sé Londain agus a phost seasta i 1914. Ní hé go raibh baol ar bith go sacfaí san arm é san éigeandáil, mar bhí sé ró-íseal d’arm ar bith, ach bhí an saol thall chomh naimhdiúil sin nár fhéad sé é a fhulaingt. Níor mhaith an t-athrú dó é. Ní raibh an toradh chomh maith leis an tairngire. Ní raibh post seasta dó feasta...Ní dhearna Éire go maith dó... Bhí sé bocht i gcónaí...Ba mhinic an póca sciúrtha ag Ó Conaire agus é ar seachrán sa gcathair, agus cárbh ionadh dá ngabhadh uamhan uafásach an ocrais sealbh ar a chroí in uair a dhearóile...

Pé ar bith seachrán a bhain do Phádraic Ó Conaire, níor chuir sé dá threoir é i gcúrsaí litríochta. Níor sháraigh sé seanchóras a chine. D’fhan sé dílis ina scéalta don tseansibhialtacht inar tógadh é. Má ba chruálach é a oidhe, ba mhór é a mhisneach.

1959

Ba mhinic Breandán Ó hEithir ina cholún ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ (faoin ainm cleite ‘Conchubhair’) ag cur síos ar eachtraí a tharla dhó féin thart ar Ghaillimh agus ag tapú deis ag an am céanna sonc nó dhó a thabhairt do dhream éicint a dteastódh sonc uathu.

Sa mhír seo cuireann sé síos ar chás cúirte i dTeach na Cúirte i nGaillimh, cúirt a mbíodh Seán Mac Giollarnáth i bhfeighil uirthi gur éirigh sé as i 1950 agus cúirt dúiche a reachtáltaí trí Ghaeilge de ghnáth suas go deireadh na 1970idí. Bhí Gaeilge mhaith ag Breitheamh, Gardaí, dlíodóirí agus Cléireach na Cúirte, mar a thugann ‘Conchubhair’ le fios.

An Chaint sa tSráidbhaile

CONCHUBHAR

‘An Curadh Connachtach’


Feicim go dtug Inniu fogha faoin Connaught Tribune i ngeall ar an bpolasaí atá acu gan aon tuairisc a fhoilsiú i nGaeilge. Luaigh Inniu gur i nGaeilge a dhéantar formhór oibre na Cúirte Dúiche [i nGaillimh] ach gur i mBéarla amháin a dhéantar tuairiscí na cúirte a fhoilsiú. Is dóigh go n-abródh lucht stiúrtha an Tribune gurb é a ngnó dílis féin an páipéar a fhoilsiú, gur comhlacht príobháideach iad agus gur fúthu atá rogha a dhéanamh idir thuairisc Bhéarla agus tuairisc Ghaeilge.

Más í seo an intinn atá acu tá sé thar am acu bheith ionraic agus éirí as bheith ag foilsiú eagráin leibideacha ag iarraidh ar an rialtas aitheantas mar phríomhchathair na Gaeltachta a thabhairt do Ghaillimh. Ní féidir leo é bheith ina ghruth agus mheadhg acu.

Aisteach go leor bhíos féin buíoch go maith dá bpolasaí áiféiseach na blianta ó shin nuair a tharla os comhair na cúirte thiar mé ar choir faoin Acht Tráchta Bóthair. I nGaeilge a bhí mo ráiteas, i nGaeilge a thug na gardaí fianaise, i nGaeilge a thug mise fianaise agus ba i nGaeilge a rinneadh croscheistiú agus cosaint orm. I nGaeilge a thug an giúistís a bhreith agus b’shin deireadh an scéil ach amháin an tuairisc a bheadh sa bpáipéar.

Nuair a cheannaigh mé an páipéar ag deireadh na seachtaine ba ar éigean a d’aimsíos an cuntas mar rinneadh praiseach chomh mór de m’ainm nach n-aithneodh mo mháthair féin é - agus níor aithin! B’shin ócáid amháin nár scríobh mé aon litir bhagarthach chuig an eagarthóir.

1999

Nuair a d’éirigh an Breitheamh Seán Delap (1930 - 2001) as a chúraimí ar an mbinse sa gCúirt Dúiche in Áth Cliath, labhair Antain Mac Lochlainn leis faoina shaol. Ba de bhunadh Ghaoth Dobhair é agus thug scoláireacht Ghaeltachta deis dhó freastal ar Ollscoil na Gaillimhe ó 1949 go 1954, áit a ndearna sé staidéar ar an dlí, tráth a raibh a chomhghleacaithe ó Ghaeltacht Dhún na nGall ar an Ollscoil ag iarraidh cáiliú mar mhúinteoirí. San alt seo thíos labhraíonn sé faoin difríocht a bhí idir cásanna cúirte faoin tuath agus i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé ar an mbinse ar feadh 30 bliain.

Bhí gnó dlí aige i nGaeltacht an Iarthuaiscirt, sular ceapadh é ina bhreitheamh i 1968. Bhí spéis faoi leith aige i gcúrsaí peile a chur chun cinn ina pharóiste dúchais. Ba é a chuir an corn ar fáil i 1969 le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta: Corn Sheáin Delap a bhronntar i gcónaí ar bhuaiteoirí chomórtas na sinsear gach Luan Cincíse.

Bhí cáil air sa gcúirt mar geall ar a chuid ráiteas ón mbinse agus é ag iarraidh smacht a chur ar bhligeardaíocht na n-ógánach ag an deireadh seachtaine. Seo ceann de na ráitis is fearr liom uaidh, a tuairiscíodh sna nuachtáin ag an am: ‘The hard men in Skerries on a Saturday night look fairly stupid in the witness box here on Thursday.’

Conallach Cúirte

SEÁN DELAP RULES OK. Teachtaireacht í sin a scríob fear grinn éigin ar dhoras tosaigh Stáisiún na nGardaí i Ráth Fearnáin. Cad é a dhéanfadh Breitheamh ach rialú? Sa chéad doras eile, scríob easaontóir éigin a thuairim féin faoin méid sin - *!~# Sean The Lap. “Ní hí an droch-chaint a chuir as dom, ach an mílitriú,” a deir an fear ar guíodh an mí-ádh air, aoibh an gháire ar a aghaidh...

Ba ar an Fhál Charrach nó ar an Chroisbhealaigh mar a deirtear san áit, a rinne Seán printíseacht trí bliana le comhlacht Mhic Shuibhne sular cháiligh sé féin ina dhlíodóir. ‘Bhí buntáiste mór agam. Bhí Gaeilge agam agus ní raibh Gaeilge ag cuid mhór de na dlíodóirí. Bhíodh lúchair ar mhuintir na háite theacht isteach agus a bheith ag plé leat i nGaeilge...’

An difear is mó idir an dlí a chleachtadh faoin tuaith agus an dlí a chleachtadh sna bailte móra, dar leis, ná cé chomh réidh agus a bhíonn bunadh na tuaithe dul i muinín an dlí. ‘Bheadh siad ag troid, b’fhéidir fá chlaí a bhí ag brú isteach ar thalamh an duine eile. Chaithfeá cás mar sin a thabhairt go dtí an Chúirt Chuarda. B’fhéidir go gcosnódh sé, ag an am sin, trí nó ceathair de chéadtaí punta. Airgead mór, ach níor mhiste leo sin a chaitheamh. Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath gheofá daoine ag troid, b’fhéidir, faoi fhál i ngarraí nó a leithéid sin, ach níor mhiste leo ach cead cainte a bheith acu sa Chúirt. Dá n-iarrfá orthu dul amach agus deoch a bheith acu lena chéile, dhéanfadh siad é sin. Dá mbeadh cás dlí idir daoine faoin tuath bheadh siad ina naimhde ar feadh na gcianta...’

Má scríobhann Delap a bheathaisnéis beidh sí ina seoid ghrinn chomh maith le bheith ina cuntas ar shaol a caitheadh le gairm an dlí. Beidh cur síos ann ar an mbeirt seanfhear as Baile Brigín ar ghnách leo freastal ar na cásanna cúirte mórán mar a théann daoine eile go dtí an amharclann nó go dtí an phictiúrlann. ‘Shuíodh siad ann ag éisteacht go cúramach le hachan uile rud go dtí go mbínn réidh le mo bhreith a thabhairt. Ba ghnách leo a gcloigne a chroitheadh go sollúnta dá sílfeadh siad gur breith cheart a bhí ann ach rachadh siad ag monabar nuair nach mbíodh siad ar aon intinn liom.’ Níl a fhios agam an mbíonn a leithéid de lucht féachana saineolach ag breithiúna eile – ‘Mo Chúirt Achomhairc féin’ a thugann Delap orthu...

Beidh seanchas ar chuid de bhreitheanna Delap chomh maith, nó is duine é a rinne an dlí a chleachtadh le samhlaíocht agus a bhain lántairbhe as an fhairsinge a thug a chéim Bhreithimh dhó. Chuir sé cuirfiú i bhfeidhm, mar shampla, ar dhream ógánach a bhíodh ag tógáil achrainn ar phríomhshráid bhaile Shoird i ndiaidh am dúnta na dtithe tábhairne. Bhí ar na scaibhtéirí a bheith i láthair ag Stáisiún na nGardaí tamall roimh am dúnta oíche Aoine agus oíche Shathairn agus gan iad a bheith ar meisce. Cleas dá chuid féin a bhí ann an dlí seo de chuid an 12ú haois déag (sic) a athbheochan, agus cleas éifeachtach a bhí ann chomh maith...

Maidir leis an masla úd ar dhoras Stáisiún na nGardaí, cúitíodh é nuair a tháinig fear chuige le gairid, chroith lámh leis agus dúirt ‘As a member of the criminal fraternity I’d like to wish you a happy retirement...’