Ná tugadh muid cead don síorbhrú muid a chur faoi gheasa arís

Máirín Ní Ghadhra 
Ná tugadh muid cead don síorbhrú muid a chur faoi gheasa arís

Mark Wickham

Ba léir ó ghnúis agus iompar an Taoisigh nuair a tháinig sé anuas na céimeanna ag Blair House in Washington D.C ar an 12 Márta dhá bhliain ó shin go raibh rud éigin tromchúiseach ag tarlú. Bhí na tuairiscí cloiste againn ó thús na bliana faoin ngalar nua a bhí ag scaipeadh go tréan sa tSín agus anois san Iodáil. Is dona a chreid go leor againn, mé féin ina measc, go gciallódh an ‘fliú’ nua seo go mbeadh an domhan ar fad faoi léigear ar feadh dhá bhliain.

Bhí muid fós – sinne ar suim leo na cúrsaí seo - ag dul i dtaithí ar thoradh an olltoghcháin i dtús mhí Feabhra agus ar na hathruithe a chaithfeadh tarlú ionas go mbunófaí rialtas agus go seachnófaí olltoghchán eile. Ní raibh an dara toghchán curtha as an áireamh mar nár thuig muid fós céard a bhí i ndán dúinn.

Imní agus faitíos an rud is mó is cuimhin liom ó na laethanta seo. Ní raibh aon eolas ag aon duine faoin ngalar. Bhí na pictiúir theilifíse scanrúil. Ar chúis éigin is cuimhin liom na scéalta faoi na longa pléisiúir a bhí á dtabhairt le céibh agus daoine a raibh a gcuid saoire scriosta á dtabhairt chun bealaigh ar bhusanna.

Fuair muid ar fad ceacht tíreolais faoi chathair sa tSín nach raibh aon trácht cloiste riamh cheana uirthi agus a raibh os cionn dhá mhilliún déag duine inti. Os cionn dhá oiread daonra na hÉireann. Ar bhealach éigin chuir cás Wuhan méid agus réimse na héigeandála inár láthair go soiléir.

D’fhoghlaim muid ar fad freisin faoi na nithe is ansa linn. Ár gclann, ár bpáistí, ár dtuismitheoirí, iad siúd inár measc atá lag. Bhí muid sásta íobairtí go leor a dhéanamh lena gcosaint. Tá go fóill tar éis an dá bhliain ach go bhfuil beagán soiniciúlachta orainn gur minic nach leanann lucht na cumhachta na rialacha a theastaíonn uathu a leanfadh muidne.

Tá go leor foghlamtha againn ó shin faoi Covid-19 féin. Tá go leor foghlamtha againn faoin gceannaireacht ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Thar aon ní eile tá go leor foghlamtha againn faoinár mbealach maireachtála. Tuigeann muid anois nach gá an saol ar fad a thabhairt ar lámh don oifig. Tuigeann muid gur tábhachtaí dúinn iad siúd a bhfuil cion againn orthu a bheith folláin agus slán ná a bheith amuigh chuile oíche den tseachtain. Tuigeann muid go bhfuil déagóirí agus daoine óga foighdeach agus sásta íobairtí móra a dhéanamh ar mhaithe le leas a muintire. Tuigeann muid freisin go bhfuil gá le leasuithe móra in earnálacha amhail earnálacha na sláinte agus an oideachais agus go gcaithfear síorbhrú a chur ar lucht ár rialaithe leis na nithe sin a chur ina gceart.

Caithfear aire a thabhairt do leanaí na tíre agus dóibh siúd atá aosta agus córas cúraim níos fearr a chur ar fáil d’easláin.

An imní is mó atá orm ag an tráth seo ná go scaoilfidh muid na ceachtanna a d’fhoghlaim muid le sruth agus go bhfillfidh muid ar fad ar na drochnósanna arís. Bíodh muid foighdeach agus tuisceanach le daoine eile.

Baineadh muid sult as an lá breá le chéile. Agus as an mbéile lenár dteaghlach.

Agus ná tugadh muid cead do shíorbhrú na hoibre agus an ‘dul chun cinn’ muid a chur faoi gheasa arís.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).