Spás fuar

Pól Ó Cainín
Spás fuar

Mhúscail sé sa dorchadas. Shleamhnaigh sé a lámh trasna na leapa isteach sa spás fuar.

Bhog sé na braillíní, bhí pian ina mhatáin, ach d’éirigh sé.

Ghléas sé: bríste garbh trom; veist agus léine chadáis; geansaí olla a raibh deannach suiminte ann; stocaí agus buataisí uisce.

Sheas sé, d’amharc sé ar a mhac a bhí ina chodladh i leaba eile, agus d’oscail sé an doras le dul síos staighre.

* * *

‘A mham.’

Bhí an chistin geal te.

‘Maidin mhaith, a Dhónaill.’

‘Tá na maidineacha dorcha seo go holc, ní bhíonn sé geal go dtí a deich.’

Shuigh Dónall le tosú ar a bhricfeasta.

‘An bhfuil tú sásta leis an bhríste?’

‘Tá, a mham, ní mhothaím an fhearthainn.’

‘Tá siad uiscedhíonach. Cúig scilling déag i siopa athláimhe. Is bríste póilín é.’

‘Ar smaoinigh tú riamh go bhfeicfeá mé i mbríste póilín?’

‘Ba mhian leat dul go Learpholl le bheith i do phóilín, ach...’

‘...chuaigh mé isteach in eagraíocht eile’.

D’amharc Dónall ar a mháthair.

‘Bhí mé óg. Bhí an áit seo lofa, agus tá fós.’

‘An t-am sin, labhair mé leis na póilíní sa cheantar agus bhí tú ábalta teacht ar ais. An bhfuil cúis imní agam anois?’

‘Níl muinín ag daoine sna póilíní ná san arm. Cé a choinneoidh ord?’

‘Tá mac agat. Níl máthair aige agus ní bheadh ach mise aige dá dtarlódh aon rud duitse. Baintreach atá ionam. Níor smaoinigh mé go mbeinn i mo mháthair agus mé seachtó bliain d’aois.’

‘Cad é mar atá Niall?’

‘Tá sé uaigneach,’ arsa a mháthair, ‘Ní théann sé amach mórán. Ach is buachaill maith é. Glaoim air ag a hocht agus cluinim a chosa ar an urlár láithreach. Maidin inné agus sinn ag éisteacht leis an nuacht ar an raidió d’fhiafraigh sé cén fáth a mbíonn na Caitlicigh sin i gcónaí ag troid?’

‘Sin ceist mhaith.’

‘Sé bliana d’aois atá sé,’ arsa a mháthair, ‘agus ceithre bliana go leith díobh i Sasana.’

‘Bhí ár dteach féin againn.’

‘An bhfuil aiféala ort gur phill sibh?’

‘Níl, i ndiaidh bhás dhaid, shocraigh muid go
bpillfeadh muid.’

‘Níl a fhios ag daoine cad atá rompu,’ arsa a mháthair.

‘Níl, ach bhí an bricfeasta sin blasta.’

‘Coinneoidh sé ag dul thú. Seo do bhosca lóin.’

Sheas Dónall agus chuir sé air a chóta.

‘Chífidh mé anocht thú.’

‘Go breá, tabhair aire duit féin.’

Dhruid Dónall doras an tí, d’amharc sé ar an reilig ar an chnoc agus shiúil sé ar aghaidh.

* * *

I gcúl an veain bhí na málaí suiminte crua faoi thóin Dhónaill.

Bhí ceathrar leis; beirt ag srannfach, duine agus póit mhór air, agus fear óg a bhí ag dordán.

‘Cad é an t-amhrán, a Thomáis?’

Éan corr sa spás le David Bowie, a Dhónaill. Agus sinn inár suí anseo smaoinigh mé ar na línte ‘Seo an áit a bhfuil mé, i mo shuí i gcanna stáin, i bhfad os cionn an domhain. Tá an pláinéad fúm gorm, agus níl a dhath atá mé ábalta a dhéanamh.’’

‘Tá an chuid seo buí, ach tá athrú ag teacht.’

‘Sé mhí ó shin sheas fear ar an ghealach, ach tá cathair Dhoire ag dul siar,’ arsa Tomás. ‘Bhí ceithre stáisiún traenach againn. Tá ceann amháin againn anois. Níl líne dhíreach againn go Baile Átha Cliath. Tá an chumhacht in oirthear na tíre. Pleoid ar aon rud san iarthar.’

‘Gheall Stormont go dtógfadh siad mótarbhealach go Doire ó Bhéal Feirste,’ arsa Dónall, ‘ach beidh daoine ar Mhars roimhe sin. Ní dhéanfaidh mótarbhealach difear dúinn, beidh muid críochnaithe i Latharna.’

‘Seans go dtógfaidh siad rud éigin,’ arsa Tomás.

‘Círéibeach,’ arsa Dónall.

‘Tháinig siad leath bealaigh leis an ollscoil i gCúil Raithin,’ arsa Tomás. ‘Fuair Caoimhín obair mar leictreoir.’

‘Sin díoltas,’ arsa Dónall, ‘beidh orthu airgead contúirte a íoc leis na léachtóirí.’

‘Níl muinín agat i gCaoimhín,’ arsa Tomás.

‘Ní iarrfainn air bolgán nua a chur i dtóirse batairí,’ arsa Dónall.

‘Aon phlean don deireadh seachtaine?’ arsa Tomás.

‘Ag obair mar fhear dorais gach oíche. Agus tú féin?’

‘Ag dul chuig bainis.’

‘Nach bhfuil tú ag súil léi? Béile deas agus seans le damhsa le bean álainn,’ arsa Dónall.

‘Níl. Níl aon rud le rá agam.’

‘Mura bhfuil,’ arsa Dónall, ‘cum scéal.’

‘Bréag a insint?’

‘Chum Íosa scéalta,’ arsa Dónall.

‘Bhí sé ábalta maithiúnas a thabhairt dó féin,’ arsa Tomás.

‘An té atá gan pheaca, caitheadh sé an chéad chloch,’ arsa Dónall, ‘Ar an bhóthar seo, ag Droichead Bhun Tolaide, bhí daoine ann a chreid go raibh siad gan pheaca ag caitheamh cloch.’

‘Níor chuala mé clocha ar maidin,’ arsa Tomás. ‘Cad é mar atá Niall?’

‘Ciúin,’ arsa Dónall.

‘Bheadh a lán daoine sásta le páiste ciúin,’ arsa Tomás.

‘Ach is doiligh teagmháil a dhéanamh leis,’ arsa Dónall. ‘Cúpla mí sula bhfuair Bearnairdín bás, dúirt sé ‘foc obh’ le gasúr agus sceith an gasúr air. Cúpla lá i ndiaidh dó ‘foc obh’ a rá, chuala comharsana faoi agus ar mhaithe leis an chraic, d’fhiafraigh siad cad a dúirt sé?’

‘Agus?’ arsa Tomás.

‘Thosaigh sé ar an rím ‘Bhí uan beag ag Máire’,’ arsa Dónall.

‘Tá seancheann air,’ arsa Tomás.

‘Má tá, is maith sin, seachnóidh sé turas cosúil leis seo agus é mór.’

* * *

Is isteach ón fharraige a bhí an ghaoth ag teacht trí na barraí cruach a bhí thart ar Dhónall. Bhí a lámha préachta agus é ag obair leis na barraí.

‘Dá mbeadh ceamara agam, ghlacfainn grianghraf. Tá tú san áit cheart.’

‘A Pháidí,’ arsa Dónall agus é ag amharc ar mhaor na oibre agus ar fhear óg. ‘tá mé cosúil le Hardy Kruger – An Té a D’éalaigh.’

‘Ní hiontas gur roghnaigh tú eisean, fear a fuair an lámh in uachtar ar Shasanaigh.’

Bhí cuma scanraithe ar an fhear óg.

‘Seo Roibeard,’ arsa Páidí, ‘seo a chéad lá.’

‘Go n-éirí leat,’ arsa Dónall.

‘Go raibh maith agat,’ arsa Roibeard ag stánadh.

‘Beidh Roibeard ag gearradh barraí agus á lúbadh,’ arsa Páidí, ‘coinneoidh sin gnóthach é.’

‘Agus te. D’fheannfadh an ghaoth thú mar a d’fheannfadh búistéir bearach.’

‘Slán,’ arsa Páidí.

‘Slán,’ arsa Dónall agus thóg sé barra.

* * *

Sa bhothán, bhí Dónall ina shuí ar chathaoir chrua agus a lámha thart ar chupán te. D’ól sé bolgam. Ansin las sé toitín agus tharraing sé an toit isteach ina dhá scamhóg.

‘Ciúnas,’ ar seisean ag druidim a shúl.

Nuair a d’oscail sé iad, chonaic sé
triúr fear.

‘Cluinim gur fear crua thú,’ arsa an fear sa lár.

‘Agus?’ arsa Dónall.

‘An mbeifeá ábalta mé a bhualadh?’

‘Cén fáth?’ arsa Dónall.

‘Le cruthú gur fear crua thú,’ arsa an fear ar chlé.

‘Dúirt do chara sin cheana féin,’ arsa Dónall.

Stán an triúr ar Dhónall.

D’ól Dónall bolgam eile tae agus tharraing sé ar an toitín arís. Ansin sheas sé.

‘Troidfidh mé leat.’

‘Go hiontach,’ arsa an fear.

‘Ach ní bheidh aon rialacha ann,’ arsa Dónall, ‘beidh gach rud ceadaithe – ciceanna, plaiceanna, méara sna súile. Má bhuann tú, ní aithneoidh do mháthair thú san ospidéal,’ arsa Dónall.

‘Tá an sos tae beagnach thart,’ arsa an tríú fear, ‘tá pleananna againn don deireadh seachtaine.’

Sméid an bheirt eile agus d’imigh an triúr acu.

Shuigh Dónall arís agus gáire beag ar a bhéal.

* * *

Sa trinse bhí cosa Dhónaill ag éirí an-tuirseach ag siúl tríd an chlábar. Bhí pianta ina dhroim.

Chuir sin Satharn i Sasana i gcuimhne dó. Bhí sé ag súil le tráthnóna ciúin, ach ba mhian le Bearnairdín dul amach tar éis bhreith Néill. Ní raibh fonn airsean, ach chuaigh. Bhí sise sa bhaile le Niall. Saol uaigneach a bhí ann. Agus iad ag siopadóireacht, bhí orthu Niall agus a phram a fhágáil lasmuigh de shiopa. Bhí cosc ar pháistí i bpramanna sa siopa. Ar an bhus abhaile, ba chuimhin leo go raibh Niall sa phram lasmuigh den siopa fós. Fuair siad é ansin agus a aghaidh clúdaithe le seacláid. Corruair ina dhiaidh sin, déarfadh siad go magúil gur thug siad an leanbh mícheart leo, ach aon uair a d’amharc sé ar Niall anois chonaic sé Bearnairdín.

‘Aon scéal?’ arsa Dónall agus é ag amharc ar fhaoileán ina sheasamh ar bharra.

Chac an t-éan agus d’eitil sé leis.

‘An-deisbhéalach’ arsa Dónall.

Bhí Dónall ag cromadh nuair a chuala sé scairt. D’amharc sé timpeall. Bhí Páidí agus fir eile ar imeall na farraige. Dhreap Dónall amach as an trinse.

‘Cad atá ag tarlú?’ ar seisean.

‘Roibeard...shleamhnaigh sé,’ arsa Páidí. ‘Scuab an taoide amach uainn é. Níl snámh agam.’

‘Ná agamsa,’ arsa Dónall. ‘Ní mhairfidh sé i bhfad san fhuacht sin.’

Sa deireadh tháinig long an Gharda Chósta.

‘A fheara,’ arsa Páidí, ‘caithfidh muid ár gcuid a shaothrú.’

Agus iad ag dul ar ais chuala Dónall fear ag rá, ‘Sin duine amháin díobh ag dul abhaile. Anois dá bhféadfadh an chuid eile díobh é a leanúint...’

Smaoinigh Dónall ar thuismitheoirí Roibeaird.

‘Tá tú ar ais,’ arsa Dónall leis an fhaoileán agus é ag siúl isteach sa trinse.

* * *

Bhí an veain ag dul ar ais go Doire. Ina cúl d’amharc Dónall agus Tomás ar an triúr eile ag srannfach.

‘Bhí Roibeard an-chairdiúil,’ arsa Tomás, ‘chaith muid seal ag caint faoi na cairteacha.’

‘Níl aon rud cinnte sa saol seo,’ arsa Dónall.

‘Ar chuala tú an rud gránna a dúirt an fear sin?’ arsa Tomás.

‘Seans gur tharla drochrud don fhear sin nó do bhaill dá theaghlaigh i mBéal Feirste,’ arsa Dónall, ‘tá scéal Dhoire casta ach tá scéal Bhéal Feirste níos casta.’

‘Ach...’ arsa Tomás.

‘Tá daoine míshuaimhneach. Lá amháin tar éis cuairt ar an ospidéal, chuaigh mé féin agus Niall chuig siopa uachtar reoite. Agus muid istigh bhí fir ag fiafraí cárbh as sinn? Agus cén fáth a raibh muid sa cheantar?’

‘Agus cad a dúirt tú?’

‘Luaigh mé Bearnairdín agus ansin ainmneacha daoine i nDoire. Chuir sin suaimhneas orthu,’ arsa Dónall.

‘Mar sin de, síleann tú gur tharla drochrud don fhear sin,’ arsa Tomás.

‘Sin nó is bastard ceart é,’ arsa Dónall.

‘Ach mar a dúirt tú, níl aon duine cinnte faoi cad atá roimhe,’ arsa Tomás.

‘Is fíor sin,’ arsa Dónall agus é ag smaoineamh ar an tráthnóna eile sin san ospidéal. Aon uair a tháinig sé ar cuairt tar éis na hoibre thug na banaltraí cead dó cith a bheith aige agus a chuid éadaí a athrú. An tráthnóna sin, bhí Dónall ag teacht ar ais ón chithfholcadh nuair a chonaic sé banaltra ag caint le cara dó. D’imigh an bhanaltra, thiontaigh a chara agus chonaic Dónall a aghaidh.
‘Ní chaithfidh tú aon rud a rá,’ ar seisean lena chara.

‘Ní chaithfidh...ach an stopfaidh mé den chaint?’ arsa Tomás.

‘Ná stop,’ arsa Dónall, ‘tá an turas fada go leor le Doire agus éist lenár gcairde.’

Bhí srannfach rithimiúil ar siúl.

‘Ar tharla aon rud duitse?’ arsa Tomás.

‘Rugadh agus tógadh anseo mé, nach leor sin?’

‘Ach...’ arsa Tomás.

‘Dá rachfá isteach in Harland and Wolff le hobair,’ arsa Dónall, ‘an dtabharfá bratach na hÉireann leat le crochadh ar
an bhalla?’

‘D’úsáidfeadh siad é chun mé a chrochadh,’ arsa Tomás.

‘Sna caogaidí, bhí mé ag obair ar na boscaí bruscair,’ arsa Dónall, ‘agus bhí Protastúnach ag obair linn, an t-aon Phrotastúnach, agus chroch sé bratach na Breataine suas.’

‘Agus cad a tharla?’

‘Shrac mé anuas é, bhí mé cúig bliana déag d’aois agus ceanndána. Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, fuair mé babhlaer agus sais. Thairg an fear sin cúig phunt dom dá dtabharfainn dó iad.’

‘Níor mhiste liom cúig phunt i mo phóca anocht,’ arsa Tomás. ‘Cén fáth ar thairg sé é?’

‘Bhí sé buartha nach gcaithfinn leo i gceart,’ arsa Dónall.

‘Sin rud beag cosúil leis na pictiúir naofa sna tithe s’againne,’ arsa Tomás, ‘cad a rinne tú?’

‘Ní raibh mé i gcumann an bhabhlaeir agus na saise,’ arsa Dónall, ‘mar sin...’

‘...chuaigh an t-airgead isteach i do phóca,’ arsa Tomás.

‘Agus ansin i sparán mo mháthar,’ arsa Dónall.

‘Bhuel, mar a dúirt tú ar maidin, tá cúrsaí ag athrú,’ arsa Tomás.

‘Tá, ach an bhfuil siad ag éirí níos fearr nó níos measa?’

* * *

Chogain Dónall an práta agus d’alp
sé é.

‘Líon sin poll,’ arsa Dónall ag cur an phláta ar an tábla.

‘Tuilleadh bia?’ arsa a mháthair.

‘Tá mé go breá,’ arsa Dónall ag éirí. Shiúil sé trasna an tseomra chuig
an tolg.

‘A Néill, lig do do dhaid bocht luí síos, tá mé scriosta.’

Lig Dónall air go raibh sé ag spairn le Niall. Thóg sé é, d’iompair sé é trasna an tseomra agus chuir sé Niall ar an chathaoir faoin teilifís.

Luigh Dónall síos ar an tolg. Bhí an seomra breá te.

‘An raibh lá crua agat?’ arsa a mháthair.

‘Bhí,’ arsa Dónall ag amharc ar na pictiúir liatha ar an teilifís. Bhí na pianta ag imeacht. Dhruid sé a shúile.

* * *

Tháinig Dónall isteach sa chistin agus é gléasta.

‘A Néill, am luí. Cuir ort do phitseámaí.’

Bhí na pitseámaí ar Niall go tapa.

‘Maith an buachaill,’ arsa Dónall, ‘anois abair do chuid paidreacha.’

Dúirt Niall iad.

‘Tabhair barróg do do sheanmháthair agus téigh a luí, a mhic.’

Rinne Niall amhlaidh.

‘Bí cúramach anocht,’ arsa a mháthair.

‘Bím i gcónaí,’ arsa Dónall.

Bhí a mháthair ag amharc ar an nuacht ar an teilifís.

‘Níl sé go maith, an bhfuil?’ ar sise.

‘Níl,’ arsa Dónall.

Chuaigh Dónall suas an staighre. Bhí Niall ina luí. Dhoirt Dónall deoir Old Spice ar a bhos, agus chuir sé thart ar a ghiall í.

‘Tá mise ag dul amach, fágfaidh mé an solas ar siúl. Cuir as é nó fág é ar siúl, a mhic. Cibé rud is mian leat.’

‘Maith go leor, a dhaid,’ arsa Niall, ‘tabhair aire duit féin.’

* * *

Bhí Dónall ar bhus a bhí ag taisteal ar bhóthar cúng agus crainn mhóra dhorcha ar an dá thaobh. Bhí an bus lán de dhaoine ag caint agus ag gáire. Bhí siad ag súil le hoíche shiamsaíochta i halla damhsa ar thaobh eile na teorann.

Stop an bus.

Tháinig saighdiúir ar an bhus. Shiúil sé síos an bus ag amharc ar na daoine agus ar gach rud eile. Níor dhúirt muintir an bhus rud ar bith.

Bhí Dónall ag análú go mall.

Shiúil an saighdiúir ar ais go doras an bhus, d’amharc sé siar agus d’imigh sé.

Tharraing Dónall anáil.

‘An chéad stop eile, Inis Eoghain,’
ar seisean.

* * *

Bhí Dónall ina sheasamh taobh amuigh den halla damhsa. Bhí an t-aer úr agus an spéir glan. Bheannaigh roinnt daoine dó agus iad ag dul isteach sa halla. Chonaic Dónall duine de mhuintir na háite ag siúl ina threo. Bhí aithne ag Dónall air.

‘A Shéamais, cá bhfuil ag dul?’

‘Isteach sa halla,’ arsa Séamas. Bhí boladh láidir biotáille ar a anáil.

‘Níl tú,’ arsa Dónall.

‘Cé a stopfaidh mé?’

‘An cuimhin leat cad a tharla duit an uair dheireanach?’ arsa Dónall.

‘An ndearna tusa sin?’ arsa Séamas ag cur cuma troda air féin.

‘Tóg go bog é, ní dhearna. Ach níor mhaith liom go loitfeá piliúir bhána do máthar le fuil.’

Níor bhog Séamas.

‘Téigh abhaile, a Shéamais,’ arsa Dónall, ‘beidh cúpla scilling le caitheamh agat oíche amárach.’

Thiontaigh Séamas agus d’imigh sé.

* * *

Bhuail teas, toit agus gleo Dónall.

‘Purgadóir,’ ar seisean agus é ag dul isteach sa halla.

Bhí daoine ag damhsa go gasta. Bhí an banna ceoil ag seinm. B’fhearr le Dónall druilire ag briseadh trí choincréit a chluinstin ná an ceol seo. Bhí cuisle péine ina bhlaosc. Thosaigh sé ag siúl suas síos sa halla.

Ansin d’éirigh an ceol níos ciúine agus bhí daoine ag bogadh níos moille. Chuala Dónall an t-amhrán ‘An chéad uair riamh a chonaic mé d’aghaidh’.

An mhaidin sin, an uair dheireanach a chuala mé do ghlór, arsa Dónall leis féin, agus é ag smaoineamh ar an chomhrá a bhí aige le Bearnaidín ar an fhón. Gnáthchomhrá a bhí ann; na héadaí leapa a bhí uaithi agus na rudaí a bhí le déanamh aige le Niall. Bhí an saol ag leanúint ar aghaidh tar éis na hobráide. Ansin ghearr an saol an líne. Niúmóine.

Stop an ceol. Thiontaigh Dónall agus bhí fear óg roimhe ag ligean air go raibh sé ina mhoncaí le magadh a dhéanamh faoi Dhónall.

Bhí pian in ailt dhorn Dhónaill agus bhí an fear óg ina luí ar an urlár.

Bhí troid idir cairde an fhir óig agus na fir dhorais agus caitheadh an fear óg agus a chairde amach.

Lean an banna ceoil ag seinm.

* * *

I ndiaidh Amhrán na bhFiann, thosaigh daoine ag dul abhaile.

Chuaigh leathuair an chloig thart agus bhí an halla folamh. Ní raibh fágtha istigh ach an toit.

Bhí Dónall ag caint le fear dorais eile, Máirtín.

‘Ar mhaith leat síob abhaile?’
arsa Máirtín.

‘Tá a lán ólta agat.’

‘Amharc,’ arsa Máirtin, agus é ag siúl i líne dhíreach.

D’amharc Dónall ar an bhus a bhí lán de thoit agus de dhaoine ag canadh agus ag screadach.

‘Rachaidh mé leat,’ arsa Dónall

* * *

Mhúscail Dónall.

‘Na Gardaí,’ arsa Máirtín agus é ag oscailt na fuinn oige.

Chuir Garda óg a aghaidh bhruite isteach.

‘A fheara,’ ar seisean, ‘sílim go bhfuil sibh ólta.’

Sa stáisiún Garda, tháinig an Garda óg isteach sa seomra agus anáileadán leis.

‘Caithfidh tú séideadh isteach sa mhála seo,’ ar seisean le Máirtín.

‘Ní chaithfidh,’ arsa Dónall.

‘Cad é?’ arsa an Garda óg.

‘Bhí tusa ag ól agus ag tiomáint. Séidfidh tusa isteach ar dtús.’

‘Ní shéidfidh mise,’ arsa an Garda óg.

‘Séidfidh,’ arsa Dónall ag éirí.

* * *

Fiche bomaite ina dhiaidh sin, shiúil sáirsint isteach sa seomra.

‘Cad chuige a bhfuil tú anseo?’ ar seisean le Dónall.

‘Deir seisean go raibh mo chara ag ól, ach bhí sé féin ag ól agus ag tiomáint anocht,’ arsa Dónall.

D’amharc an sáirsint ar Dhónall agus ar Mháirtín.

‘An bheirt agaibh. Imígí,’ ar seisean. ‘Tusa, tar anseo.’

Bhog an Garda óg. Bholaigh an sáirsint a anáil.

‘Tá tusa ar fionraí,’ ar seisean.

* * *

Sa charr, labhair Máirtín.

‘Cad a tharla istigh ansin?’

‘Ar an taobh seo den teorainn, níl nóisean ag na Gardaí ná ag aon duine eile ar chúrsaí sna Sé Chontae,’ arsa Dónall, ‘ach cuireann an sáirsint sin cluas air féin.’

‘Chím,’ arsa Máirtín.

‘Tá muid ag dul abhaile,’ arsa Dónall, ‘sin an rud tábhachtach.’

* * *

Agus an teach roimhe, d’amharc Dónall ar an reilig ar an chnoc.
Bhí sí ann mar a bheadh tonn mhór dhubh a bháfadh iad go léir.

‘Oíche mhaith, a Bhearnairdín.’

Thuas staighre bhí an solas
ann fós.

Pól Ó Cainín