Buaile, creig is garraí

Máire Uí Dhufaigh

I rang a sé sa mbunscoil a bhí mé. ‘An bhuaile sin agaibhse, a Mháire,’ a deir an Máistir, ‘taobh amuigh den Tuar... an áit a bhfuil an bhó ag d’athair faoi láthair. Céard a thugann sibhse ar an mbuaile sin?’

Sheas mé. ‘A...an...An bhuaile... ’

‘Ná bac le do chuid ‘A’annaí anois, tá a fhios agat go rímhaith é...’

Bí cinnte go raibh a fhios agam é. Nach raibh tráthnóna fada caite againn ann ag cuartú neadracha agus gan dá bharr ach cosa scríobtha agus cúpla sceartán! Ach ag dhá bhliain déag, b’fhearr leat go slogfadh an talamh thú ná an máistir a bheith do do cheistiú os comhair an ranga. Go háirithe dá mbeadh níos mó ná ‘Tá’ nó ‘Níl’ uaidh.

Ag caint ar logainmneacha a bhí an máistir an lá áirithe seo.

‘Foghlaimeoidh tú Gaeilge agus foghlaimeoidh tú stair do mhuintire uathu,’ a dúirt sé linn. Ach anois bhí sé ag fanacht le mo fhreagra-sa, é leath-iompaithe ón gclár dubh agus an chailc réitithe ina ghlac aige.

‘Creig ubh...Creig e ...’ a deirimse go stadach.

‘Abair arís é.’ Bhí ‘Creig’ ar an gclár dubh anois aige.

Go sábhála! An raibh an rud contráilte ráite agam? Bhíodh dhá chineál freagra ann...an ceann ceart agus an ceann contráilte.

‘Creig uibh... creig i ...’Bhí a raibh sa seomra ag cur na súl thríom faoin am seo agus shíl mé gur airigh mé sciotaíl taobh thiar díom.

‘Breathnaigh a Mháire...,’ arsa an Máistir, é ag tabhairt drochshúil ar na suíocháin a bhí díreach taobh thiar díom... ní ag samhlú na sciotaíola a bhí mé. ‘Nuair a ghabhfas tú abhaile fiafróidh tú de d’athair cén t-ainm atá aige ar an mbuaile...nó an chreig sin. Agus scríobhfaidh tú síos é. Is cuma anois faoin litriú ach é a scríobh díreach mar a déarfas sé é. An dtuigeann tú?’

‘Tuigim.’

‘Maith an bhean.’

Níor thóg sé aon achar orm na cleachtaí baile a dhéanamh, cé nach raibh mé cinnte ar chor a bith faoin dabhach mór sa leabhar uimhríochta a bhí le líonadh leis an oiread seo de ghalúin uisce. Ach bheadh an freagra ag duine éicint dom ar maidin. Bhí mé ag déanamh ar an doras nuair a chuimhnigh mé air. ‘Log ainmneacha,’ a dúirt mo mháthair agus í ag cur suime sa bhfocal nua seo. ‘Ach caithfidh tú fanacht go dtiocfaidh d’athair abhaile.’

Cá raibh an plean breá a bhí agam don chuid eile den tráthnóna... ‘Dhá mba faoin mBaile Thuas a bhí sé ag fiafraí..,’ arsa mo mháthair. Níl ach míle, má tá sé sin féin ann, idir an baile ar tógadh mo mháthair ann agus an baile s’againne, An Baile Thiar, ach le ceist mar seo bheadh duine níos cinnte i gcónaí faoina bhaile féin.

‘Ach tuige a bhfuil an oiread sin suime aige sa gceann áirithe sin?’ a d’fhiafraigh m’athair díom nuair a bhí an dinnéar ite agus mo scéal cloiste aige. ‘Nach bhfuil ainm ar chuile chreig agus garraí agus buaile san oileán seo? Gan trácht ar na róidíní agus na toibreacha. Agus ar ndóigh an duirling agus na cladaí.’

Ba mhó imní a bhí an litriú ag déanamh do mo mháthair. ‘Cén chaoi a bhfuil tú ceaptha focal a litriú mura bhfaca tú scríofa in aon áit é?’

‘Níor dhúirt sé tada faoi aon bhuaile eile,’ a deirim féin, an dá cheist á bhfreagairt agam in aon iarracht amháin. ‘...agus dúirt sé gur cuma faoin litriú ach é a scríobh mar atá sé ráite agat.’ Má bhí mé cineál mífhoighneach is amhlaidh gurbh fhada liom go bhfaighinn amach céard a bhí le tarlú sa leabhar a bhí i ngar a bheith críochnaithe agam.

‘A leithéide de scéal,’ a dúirt mo mháthair. ‘Máistir scoile ag rá gur cuma faoin litriú!’

Ar aon chaoi, tar éis cuid mhaith cainte agus beagán easaontais ‘Creig u Bhroic,’ a bhí scríofa agam. Agus b’in sin chomh fada is a bhain sé liomsa.

Chuaigh na blianta thart. Bhí mé tagtha ar ais go hInis Oírr, mé tar éis jab a fháil ag múineadh sa mbunscoil a raibh mé féin i mo scoláire inti tráth. Ba dheas a bheith ar ais ar m’fhód dúchais agus ba dheacair d’aon duine locht a fháil ar an suíomh, ar thalamh mo mhuintire, ar shocraigh mé teach a thógáil ann. D’aon duine cé is moite d’fheidhmeannaigh agus d’oifigigh na Comhairle Contae, ba léir.

‘Tá an suíomh sin róbheag,’ a dúradh liom san oifig ar Chnoc na Radharc, mé tagtha isteach Gaillimh ar bhád na maidine tar éis lá a thógáil saor ón scoil ar mo chostas féin. Ach bhí tuilleadh le rá ag an bhfear seo, a bhí ar nós chuma liom faoin rud, suite go compordach taobh thiar dá fhuinneog pheirspéacs. ‘Agus taobh amuigh de sin uilig tá sé róghar don dabhach séarachas atá ag gabháil leis an teach seo anseo.’ Leag sé a mhéar ar an mapa agus sháigh amach thíos faoin bhfuinneog agam é. Thit an drioll ar an dreall orm.

Ar ais ag baile níor léir aon réiteach a bheith ar an scéal. Bhí tithe tógtha cheana féin ag cuid eile den teaghlach ar aon phíosa talún a bhí níos cóngaraí don bhaile agus do na seirbhísí ar fad a theastódh. Níor éirigh, ach an oiread, le m’iarracht suíomh a cheannach ó dhuine de na comharsain.

‘Tuigeann tú féin an chaoi bhfuil sé,’ a dúirt sé go leithscéalach. ‘Site breá mar é ar Chreig an Teampaill, ag breathnú amach ar an mbá ...chuile sheans go mbeidh sé ó dhuine eicint againn féin, lá fada nó gearr.’

Bhí, ceart go leor, cúpla buaile dheas ag mo mhuintir amuigh ar na ‘craga’ - an chuid sin den oileán nach bhfuil aon chónaí ann. Bhí ceann ar an Trian agus ceann in Áit an Chuain. Bhí ceann ar an taobh thiar den oileán sa gCró Buí, ag breathnú siar ar an Sunda Salach atá idir muid féin agus Inis Meáin. Ach níl aon uisce reatha, leictreachas ná cábla fóin ag teacht i ngar ná i ngaobhar do na háiteacha seo, gan trácht ar cheangal idirlín. An ceann acu ba chóngaraí don bhaile, a mbeadh seans eicint air, bhí sé, ar an drochuair, taobh istigh de limistéar caomhnaithe! Ní cheadófaí aon tógáil ann ná fiú an t-athrú ba lú féin ar chlaí ná ar sconsa. Ach ní raibh tada le cailleadh. Scríobhadh litreacha a bhí ag impí agus ag agairt, seoladh teistiméireachtaí a thug ardmholadh, bhí cosán dearg déanta go dtí oifig na Comhairle Contae, tugadh polaiteoir nó dhó ar bord (tá a fhios agam, ach scaití déanfaidh tú rud ar bith). Agus ar deireadh thiar thall...bhí liom!

Taobh istigh de bhliain bhí mo theach tógtha i ...sea ... i gCreig an Bhroic. Bhí rún agam i gcónaí ainm na creige a úsáid mar ainm tí. Ach Creig an Bhroic? Is anois a thuig mé tuige a raibh an oiread suime ag an Máistir san ainm áirithe sin.

‘Cén chaoi a mairfeadh broc ann?’ a dúirt m’athair. ‘Ní raibh san áit a bhfuil do theachsa tógtha anois, nuair a fuair mise an talamh, ach clocha agus leaca. Nó gur chlúdaigh mé, de réir a chéile é, le fód agus aoileach, feamainn agus gaineamh na trá. Agus tuí ...nuair a bhain muid an ceann den seanteach ceann tuí, an dtuigeann tú, scaip muid amuigh anseo é. Tá mé ag rá leat nach raibh aon bhroc san áit seo riamh.’ Ní fhéadfá easaontú leis sin.

Is minic a insíonn logainm dúinn faoin gcineál úsáide a bhaintí as an talamh san am a chuaigh thart: Púirín na nUan, Buaile na Meala, Garraí na nÚll. Agus dar ndóigh tá brí eile leis an bhfocal seo ‘broc’: salach. An raibh ionad dramhaíola tráth taobh amuigh den Bhaile Thiar, san áit a bhfuil mo theachsa anois? B’fhéidir é. Ach má bhí, níl sé i gcuimhne na ndaoine níos mó.

‘Mórchuid cloch is gannchuid cré,’ a dúirt an file Máirtín Ó Direáin faoi na hoileán seo againne agus an ceart ar fad aige. Ní fios cén t-anró a bhain le feabhas a chur ar thalamh suarach mar é. Cén t-iontas mar sin ainm baiste nó sloinne an té a chuaigh i mbun sclábhaíochta a bheith tugtha ar áit ina dhiaidh? Nach bhfuil Buaile Éamoinn againn, Creig a’ Staic, Creig Wallace, Gort Uí Ruagáin? Tharlaíodh sé freisin go dtugtaí, scaití, píosa beag talún do chréatúr ó thír isteach, duine a bhfanadh a ainm ar an áit ina dhiaidh. Seo daoine a d’éalaigh chugainn ó chruatan an tsaoil tráth nach raibh an saol baileach chomh dona ar na hoileáin. Meas tú an sloinne Muimhneach atá anseo agamsa? ‘Creig Uí Bhric’ b’fhéidir? Más ea, níor mhair an sloinne áirithe sin.

Rith sé liom freisin go bhféadfadh gurb é an focal Béarla ‘wreck’ atá againn - Creig an Wreck. Mar gheall go mbíodh gardaí cósta lonnaithe anseo, agus túr faire agus teach solais ann bhí méid áirithe Béarla san oileán ag dul i bhfad siar. Is i mBéarla a thagraíodh, agus a thagraíonn i gcónaí, muintir na háite don dream seo ó shaol an Bhéarla agus do na cúrsaí sin a bhain leo. Na coastguards, an lighthouse, an station, an boathouse. Is cinnte go ndeachaigh, nó gur cuireadh, soithí agus báid go tóin poill sna farraigí thart anseo agus go dtagadh adhmad agus rudaí eile astu i dtír ar chladaí an oileáin. Bhíodh smugláil ar siúl freisin agus cheiltí ar na coastguards an t-ábhar sin, chomh maith le haon ‘raic’ a raibh tairbhe ann. Tá Garraí na bPacaí agus Poll Tobac againn mar theistiméireacht air seo. Ach má tá scéal éigin ann a bhaineann go díreach leis an áit seo agamsa níor airigh mé fós é.

Ní móide go n-éireoidh liom a fháil amach go brách cén bunús atá le hainm na creige a bhfuil cónaí orm ann. Ach ar a laghad tá logainmneacha an oileáin cláraithe faoin tráth seo agus cuid mhaith de na scéalta agus an seanchas a bhain leo bailithe. Ach an bhfuil aon tábhacht leo don chéad ghlúin eile, dream a mbeidh ceirdeanna agus slí mhaireachtála acu nach n-aithneodh ár sinsear? Bí cinnte go bhfuil. Má bhíonn tuiscint agus meas againn ar stair, ar theanga agus ar sheanchas na háite as ar shíolraigh muid ní theastóidh uainn ár n-oidhreacht a chur i mbaol ar mhaithe leis an gcúpla punt sa mbanc. ‘Foghlaimeoidh tú Gaeilge agus foghlaimeoidh tú stair do mhuintire as na logainmneacha,’ a dúirt an Máistir linn fadó. Cuir ‘meas’ agus ‘mórtas cine’ leis sin.

Máire Uí Dhufaigh

Scríbhneoir í Máire Uí Dhufaigh