Súil siar ar 80 bliain de Comhar ...

An Comhchaidreamh a thug Comhar ar an saol ceithre scór bliain ó shin. Le ganntanas páipéir, de dheasca an chogaidh dhomhanda, bhí an iris i mbaol a báis láithreach. Ach fuarthas an cead a bhí riachtanach ón Aire Soláthairtí, Seán Lemass, agus tá Comhar ann ó shin. Agus Comhar 80 bliain ar an bhfód i mbliana tabharfaidh Donncha Ó hÉallaithe blaiseadh sa tsraith seo ar ábhar ón iris, ag tosú leis an gcéad eagrán i 1942 agus le roinnt míreanna as eagráin an Mhárta leis na blianta

An Chéad Eagrán

BEALTAINE 1942
lth 5-7

Ceist seo an Pháipéir

Tá muid a’ teacht ar an saoghal agus tuagh an bháis os a gcionn. Tuagh í atá ag géarú ag an Aire Soláthairtí le cúpla lá anuas, agus a bhuailfeas buille marbhtha ar ár leithéid, an ceathrú lá Bealtaine, an uair a thiocfas an tOrdú Comhachta Práinne (Tréimhseacháin) i bhfeidhm. Ordú é seo a deireas nach mbeidh cead aon tréimhseachán a fhoilsiú feasta nach raibh á chur amach i rith na bliadhna 1940, gan ughdarás ar leith ó’n Aire. Thug Dia dhúinn an chéad uimhir seo a bheith ar fáil roimh dháta seo an áir – ach céard faoi uimhir na míosa seo chugainn? Ceist í sin nach dtig linn aon fhreagra a thabhairt uirthi go fóill......

Na tréimhseacháin is na páipéir atá a’ déanamh leas do’n tír, atá ag iarraidh treoir agus congnamh a thabhairt d’ár muintir le na bliadnta deacra seo a chur tharta, tá muid cinnte nach bhfuil sé ar intinn ag an Aire aon chosg a chur leo...

Ní raibh riachtanas ariamh leo go dtí anois, nuair a chaithfear intinn an phobail a dhíriú ar gach a mbaineann lena dtír is lena n-oighreacht fhéin sa gcaoi ‘s go mbeidh siad réidh dílis le’n iad sin a choisint, má thagann an glaodhach orthu.

MÁRTA 1952

lth 8

Le linn do Roibeard Mac Góráin a bheith ina eagarthóir ar Chomhar d’fhoilsigh sé corrdhán agus alt ó pheann Brendan Behan. Scríobh sé alt faoin gcaidreamh a bhí aige le Behan, a foilsíodh i Comhar, mí na Márta 1984. Seo thíos píosa filíochta leis an mBeachánach a scríobh sé th’éis dhó cuairt a thabhairt ar an bhFrainc, a foilsíodh san iris seachtó bliain ó shin.

L’Existentialisme

(Mac Alla Saint Germaine-de-Pres)

A fhir faire, tá tú ag siúl falla-

foirgneamh falaimh.

Cad is cúrsa na seilge?

cúis reilige.

Turas go hifreann?

Ní foláir, céard fé d’intinn?

Cad a bhí ann romhainn?

Ní fios, ní rabhas beo,

nílim fós.

Olc ár gcinniúint?

Ró-leisciúil,

freagra a thabhairt.

Maitheas, níl a dhath,

ná ciall ná pian, fiú amháin,

ná an fhírinne im abairt -

ná ‘na mhalairt.

Breandán Ó Beacháin

MÁRTA 1960

lth 5-7

Is mó an cháil atá ar an Ríordánach mar fhile, ach is minic a thugann an prós a scríobh sé léiriú spéisiúil dúinn ar intinn agus fealsúnacht an fhile. Tá an chuma ar an mír as an alt seo ar Comhar gur scríobhadh é théis dhó cuairt a thabhairt ar an dealbhóir ó Chorcaigh, Séamus Murphy.

Seal im’ Aonar

Seán Ó Ríordáin

Ceangal an-docht is ea é bheith id’ dhuine agus gan ionat ach duine amháin; nár bhreá é bheith id’ scata ionas go bhféadfá imeacht ó bheith id’ dhuine amháin go bheith id’ dhuine eile do réir uainíochta: an túisce is a thuirseofá de phearsantacht amháin d’fhéadfá dul i gclúid phearsantachta eile. Ní duine a bheadh ionat a thuille ach comharsantacht. Ar an gcéad amharc dhealródh sé go n-éiríonn le drámadóirí agus le dealbhóirí scarúint lena bpearsantacht féin agus sroisint go dtí iliomad pearsantachtaí eile trí aithris bháidhiúil a dhéanamh ar dhaoine a chíonn siad sa saol mórthimpeall orthu. Dealraíonn sé go dtéann siad isteach i ndaoine eile le barr tuisceana agus go bhfaigheann siad ar an slí sin a bheag nó a mhór d’fhaoiseamh óna bpearsantacht féin, ach scarúint leo féin ní féidir leo ...

Cad fé dhráma a scríobh go mbeadh daoine nó personae comhaimsearacha ann ach ar a shon san go bhfeicfeá daoine eile stairiúla tríothu? Nó cad mar gheall ar dhráma ina malartódh na pearsain a bpearsantacht le chéile ar feadh tamaill ach go mbeadh an phearsantacht a ordaigh an dráma dhóibh ar dtúis le léamh orthu an t-am go léir? Abair go raibh beirt sa dráma, Peadar agus Pól. Tar éis aga do Pheadarófaí Pól agus do Phólófaí Peadar de bharr na teagmhála a bheadh acu le chéile. Ní hé go n’iompódh Peadar ar fad ina Phól ná Pól ina Pheadar mar do bheadh Pól fós ina Phól ach é ina Phól Peadaraithe agus Peadar mar a gcéanna ina Pheadar Pólaithe. Ní dóigh liom go bhfuil an smaoineamh so chomh háiféiseach agus a thaibhsíonn sé. Thugas cuaird le déanaí ar chloigeannlann dealbhóra áirithe. Bhí ana-chuideachta cloigeann i láthair. Orthu san a bhí i láthair, mar adeir na páipéirí nuachta, bhí Seán T. Ó Ceallaigh, Éamon De Valera, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, Frank O’ Connor, Maurice Walsh, Órla, iníon an dealbhóra agus mórchuid eile. Bhí gach duine le aithint ar a chloigeann féin ach an dealbhóir le aithint orthu go léir, an té thuigfeadh ...

Nuair a fhéachann tú ar an gcloigeann de Éamon de Valera a dhein Séamus Ó Murchú sé Séamus Ó Murchú a bhíonn ag labhairt leat agus é De Valeraithe...

(Sliocht as saothar a craoladh ar Radio Éireann, a foilsíodh i gComhar.)

MÁRTA 1962

lth 5-7

DO NA FÍRÉIN

Le linn do Bhreandán Ó hEithir a bheith ina eagarthóír ar an iris foilsíodh alt fada (19 leathanach) le Máirtín Ó Cadhain, gan aon ainm leis. Ag déanamh fonóide faoi eagraíochtaí, polaiteoirí, iriseoirí, Teilifís Éireann, lucht acadúla agus scríbhneoirí a bhí an Cadhnach, mar ba nós leis go minic. Ní raibh mórán dearfach le rá aige agus mar a dúirt Ó hEithir ag breathnú siar ar an alt, ‘ionsaí leanúnach ar mórán gach pearsa phoiblí agus institiúid mheasúil sa tír a bhí ann.’ Baineadh cúram na heagarthóireachta ó Bhreandán Ó hEithir. Foilsíodh ‘Do na Fíréin’ mar phaimfléad ina dhiaidh sin. Ba léir lag mhisneach a bheith ar an gCadhnach faoi chás na Gaeilge ag an am. Seo mar a chuir sé críoch leis an alt.

Samhail mé troid, ar cailleacha críochnaithe muid? An dtroidfeadh muid faoi thada? Ach ní call imní díbh, a Bhlaghdaigh agus a Eoin. Féadfa sibh a dhul ar aghaidh ag scríobh meamraim don Rialtas i dtaobh an I.R.A. Féadfa tú do Ghairdín a shaothrú ar do shuaimhneas a Mhic an Bheatha. Ní call troid go brách. Tá sé rómhall. Chríon an Ghaortha. Tá an Ghaeilge básaithe. Níl a fhios cé an poinnte díreach a bhfuair sí bás. Sin rud a mbeidh cailicéireacht mhór faoi sa stair amach anseo. Ní bheidh aon chailicéireacht faoin méid seo, daile: i bhfad roimh dheire an chéad seo ní bheidh pobal mór ná mion dhá labhairt.

Éadóchas arsa tusa. Go cinnte ní den Bhand of Hope liotúirgeach mé mar Chroiméal na Cúise [Dónal Ó Móráin] agus Eoin Bruinne [?]. Chuile lá cloisim Rúisigh ag Rúiseoireacht agus bleaiceanna ag bleaiceoireacht ar an mbus. Cé an uair a chuala mé aon duine ag Gaeilgeoireacht? Triúr páistí ag fille chun na scoile tar éis lóin agus iad ag ullmhú a gceacht Gaeilge, i bhfad níos múinte ná is gnáthach le aos scoile iad féin a iompar. Chuir an stiúrthóír ina dtost go haithiseach iad. Cé an uair a chuala mé glao Ghaeilge i bPáirc an Chrócaigh? Fós ariamh sa saol. Dúirt mé go dtroidfinn. Throidfinn agus fós, ainneoin go bhfuil mé cinnte gur cúis ar an bhfairíor géar í. Ach caithfidh mé admháil nach mbeadh sé de mhisneach (más sin é) agam glao Ghaeilge a ligean i bPáirc an Chrócaigh.

I bhfad roimh dheire an chéid seo, adúirt mé. Beidh caighdeán, an efficient means of expression againn, dar ndóigh! Beidh leabhra, fiú nua-litríocht againn. Beidh scéimeanna scoláiteacht ‘Gaeltacht’ againn, mar atá inniu go dtí an Gaortha, Baile an Sceilg, an Spidéal, Loch an Iúir, Ros Goill, Teileann. Chuile sheans go mbeidh na glórtha deire Gaeilge a cloiseadh in Éirinn taifeadtha agus comhadaithe go cuí ina ‘Aeolian cave of voices’, mar ta i Manainn, i Rannóg an Aistriúcháin thuas os cionn an Taoisigh (tá mé cinnte gur Taoiseach a bheas air) i dTeach na Tána...

Maidir liomsa tá mo chosa nite, mo leac lite agus tá sé in am dom dul a chol.....Nó mo chroiméal a dhathú, mé féin a ghléas go liotúirgeach agus a dhul Slí Chuaille go Gabhail Éadain Íde go.....Maghdhónalairgeadlámh.”

MÁRTA 1963

lth 19

Cé gur baineadh cúram na heagarthóireachta ar an iris ó Bhreandán Ó hEithir, tar éis dhó ‘Do na Fíréin’ a fhoilsiú, lean sé air ag scríobh an cholúin ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ faoin ainm cleite ‘Conchubhair’, colún ar ghlac sé seilbh air i 1956 ó Val Iremonger, an té a chuir tús leis an gcolún faoin ainm cleite ‘An Stráinséir’. Chuir Val Iremonger a mhíshástacht in iúl do Bhreandán i litir ón India, áit a raibh sé ina Ambasadóir na hÉireann ag an am. Ghlac Breandán an leasainm ‘Conchubhar’ ach coinnigh sé teideal an cholúin.

An Chaint sa tSráidbhaile Conchubhar

Saoire na Nollag agus donacht na haimsire a choinnigh mo pheann díomhaoin an mhí seo caite ach tá an tEarrach linn anois agus macnas an tséasúir le tabhairt faoi deara cheana féin. Níor fhan muintir Luimní le teacht an Earraigh ar chor ar bith má’s fíor do na nuaíochtaí uafásacha a chonaic mé sna páipéir le gairid. An gcreidfeadh aon Chríostaí a ghluais go gasta tríd an mbaile céimseatúil úd cois Sionna go raibh Lady Chatterley’s Lover léite ag an gcúigiú cuid de mhuintir na háite......

Seachtain nó mar sin tar éis an ráiteas ús faoi Lady Chatterley a léamh chonaic mé ráiteas eile sna páipéir faoi mhoráltacht mhuintir Luimní. Do réir cosúlachta is béas leo crúbáil agus coraíocht ghnéasúil a chleachtadh sna tithe pictiúir. Anois thú! Nach iad na hamhais iad! Nach gceapfá go mbeadh cuibhneas éigin iontu! Buíochas le Dia is gearr a rithfidh leo mar tá coiste le bunú a chuirfidh deireadh leis an obair seo gan mórán achair. Aire dhuit, a strainséir a bhuaileann isteach san Savoy nó sa Lyric as seo amach: tá na Vigilantes ag faire ort.....

MÁRTA 1973

lth 19

Nóta Gearr ar an ‘Stair Nua’ agus ar Thionscail na Beorach

Cormac Ó Gráda

Leabhar nua den teideal ‘Guinness’s Brewery in the Irish Economy 1759-1876’ le Patrick Lynch agus John Vaizey a spreag Cormac Ó Gráda le alt a scríobh ag ceartú an easpa tuisceana a bhí ag na húdair, dar leis, ar eacnamaíocht Iarthar na tíre roimh an Gorta. Ba léachtóir é Cormac i Roinn na hEacnamaíochta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a bhain aitheantas amach mar shaineolaí ar stair eacnamúil na hÉireann sa 19ú aois. Tosaíonn an sliocht atá roghnaithe agam i lár an ailt.

‘Sa leabhar, deir Lynch agus Vaizey gur toisc easpa ‘díol-is-ceannach’ agus córas an airgid sna ceantair lasmuigh de Bhaile Átha Cliath a theip ar Guinness mórán dul chun cinn a dhéanamh iontu sna blianta roimh an Ghorta: nuair nach raibh taithí ag na daoine ar an airgead, níor thaithíodar tithe ósta ina bhféadfaí Guinness a ól. Ar leibhéal níos leithne fós, tá sé le tuiscint ó Lynch agus Vaizey gur de bharr fairsinge an réimse gan margadh nár óladh mórán beorach i bhformhór na tíre sna blianta sin.

Glacaim le cur síos na n-údar ar nósanna ólacháin na nGael sa tréimhse roimh an nGorta. Cé gur óladh uisce beatha agus beor, fíon agus branda, i gcoda éagsúla den tír ón seachtú céad déag agus níos luaithe fós, uisce beatha agus poitín ba choitianta ag gnáthmhuintir na tuaithe. In áiteanna d’ullmhaíodh daoine a gcuid beorach féin leis. Foinse raidhsiúil ar ólachán agus ar dheochanna éagsúla is ea amhráin agus dánta na linne. B’fhiú amach anseo taighde a dhéanamh orthu ón taobh seo. Cé go luaitear gach aon sórt di ins na hamhráin, sílim go léireodh scrúdú maith eolas ar dhifríochtaí réigiúnacha agus aicmeacha sna nósanna ólacháin ag daoine.

Tuige nach raibh ól beorach chomh forleathan in Éirinn ag tús an chéid deiridh agus a bhí i Sasana? Míniú amháin ar an gceist is ea an ‘dé-achas’: bhí úsáid airgid agus trádáil forleathan gach aon áit i Sasana, rud nárbh amhlaidh in Éirinn. Míniú eile isea an difríocht mhór praghsanna a bhí idir beor agus deochanna eile an tráth san. Im thuairim féin, ní easpa tithe óil faoin dtuaith a ghoill ar Guinness ach gur stuif daor go maith a bhí ann an t-am sin. Bhí uisce beatha agus poitín á ndíol go forleathan in Éirinn i dtithe tábhairne dleathacha agus cinn neamhdhleathacha, agus bhí na mílte tithe óíl dá leithéid sa tír. Léiríonn taighde an Poor Inquiry sna tríochaidí an méid sin sách soiléir.

Bochtaineacht agus praghas an dí, más ea, a thug ar dhaoine a bheith ag ól na stuife cruaidh. Ní gá easpa an chórais airgid a lua chor ar bith; is le airgead a ceannaíodh an t-uisce beatha leis. Ag cur leis an méid sin, ní ghá a rá gur ghoill an ‘dé-achas’ ar Guinness; is leor mar mhíniú bochtaineacht na ndaoine. Bhí ceist cultúra ann, freisin, is dócha. I dtús ama, seans gur fearr leis an Éireannach a ghloine uisce beatha ná an stuif nua, is cuma cén praghas a bhí air. Ach, le himeacht aimsire, tháinig athrú ar an scéal, agus bhí níos mó meas aige ar an mbeor ón gcathair.

Sna blianta i ndiaidh an Ghorta is ea tháinig fás mór ar dhíolaíocht Guinness lasmuigh den ardchathair. Féadfaí a rá gur áibhéil nach raibh sa mbrúdlann roimhe seo ach ceann a rinne freastal ar mhargadh áitiúil, amhail mórán chuile brúdlann eile sa tír. Ach de thoradh oibre agus dea-bhainistíochta, agus toisc go raibh feabhas ag teacht do réir a chéile ar an gcóras taistil, d’éirigh le Guinness a mhargadh a leathnú. Mhíneodh feabhas éigin ar an gcaighdeán maireachtála cuid den “dul-chun-cinn”, cé gur suntasach gur pórtar seachas lionndubh is mó a díoladh, toisc go raibh an pórtar níos saoire ná fiú ghnáthbheoir. Timpeall 3d. an cárt a bhí air an tráth san, rud a d’fhág é níos saoire ná uisce beatha. Sa tréimhse seo, bhí an rialtas go dian sa tóir ar lucht poitín, agus bhí an cíos ar uisce beatha ag dul in airde. Ní deacair a cheapadh go mba cabhair ag comhlacht Guinness an méid san ar fad. Ba chóir, má tá na figiúirí ar fáil, go bhféadfaí teist staitisticiúil a dhéanamh ar thábhacht na n-athraithe praghsanna seo go léir a luas. Níl anseo ach tuairim, ach sílim féin go míneodh a leithéid de theist an oiread céanna maidir le fócas Guinness agus a mhíneodh teoiric dé-achais.’

MÁRTA 1979

lth 11-12

Faoi Scrúdú ag Christy Ring

Breandán Ó hEithir

Ní minic a bhíodh alt faoin spórt ná lucht spóirt i gComhar. Is eisceacht an t-alt a scríobh Breandán Ó hEithir in ómós don sár-iománaí Christy Ring. Cur síos atá ann ar an uair a chas Breandán le Christy i gCorcaigh agus é ag obair ar scannán faoi scileanna na hiománaíochta, a bhí á dhéanamh ag Gael Linn faoi stiúir Louis Marcus ag an am. Bhí Breandán ceaptha an tráchtaireacht a dhéanamh don scannán, Bhraith sé i dtosach go raibh sé faoi scrúdú ag an laoch iomána. Le críoch a chur leis an alt, d’inis sé an scéal seo a léirigh gur duine goilliúnach a bhí sa laoch iomána, in ainneoin a cháil ar an bpáirc imeartha.

“Oíche dá rabhamar ag siúl trí shráideanna na cathrach [Corcaigh] tháinig scata mac léinn ollscoile anuas an taobh eile den tsráid, d’aithin é agus thosaigh ag radaigh maslaí leis. Fuaireadar a gcion agus sóinseáil. Bhí mé féin ag iarraidh a bheith ag ligean orm nach raibh mé baileach ann agus ar chuma ar bith nár thuig mé fáth na conspóide: gortú a bhain do dhuine d’fhoireann na hollscoile i gcluiche in aghaidh An Ghleanna [Glen Rovers], tamall roimhe sin.

Chuaigh na mic léinn ina mbealach féin agus leanamar dár siúl. Rinne mé iarracht amaideach leanacht den chaint amhail is nár thit aon cheo amach ach ní dhéanfadh sin cúis. Céard a mheas mé den obair úd? Dúirt mé nár mheas mé dada de agus ar chuma ar bith gur léir go raibh siad bogtha go maith.

‘Ná bac an t-ól,’ a dúirt sé agus é corraithe go maith. “Ceapann tusa agus do leithéid go bhfuil ómós mór domsa ar an mbaile seo ach chonaic tú féin agus chuala tú féin ar tharla ansin.”

Dúirt mé leis nár mheá an eachtra sop agus nár cheart dó thairis sin suim a chur ann.

‘Óna bhfuil feicthe agam féin ó tháinig mé anseo ag obair i do theannta tá ómós ag gach aon chineál duine anseo duit.’

D’fhéach sé i leith a leicinn orm agus sheas. Rinne sé gáire a bhí idir searbhasach agus truamhéalach agus dúirt:

‘Go bhfóire Dia ar do thuiscint a mhac, nach beag atá fhios agat. Deirimse leat go bhfuil daoine sa tír seo a cheapann gur faoi ghlas sa teach dearg ar an gcnoc a chaithimse an tseachtain agus go ligtear amach ag imirt ar an Domhnach mé.’

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe