Cuairt ghearr 

Dara Ó Conaola
I nDán Dúinn
Mar gheall ar an lá atá ann.

Céard atá i ndán
ach filíocht
céard atá i bhfilíocht
ach fíodóireacht
céard atá i bhfíodóireacht
ach culaith ghaisce
céard atá i gculaith ghaisce
ach galántacht
céard atá i ngalántacht
ach dóchas
céard atá i ndóchas
Ach Naomh Pádraig.

**************

Ansin, nuair a bhím ar mo thaisteal
i ngluaisteán roithleánach fionnbhán, i gcuideachta
mo chéile mná, ag ’ul soir agus síos ó thuaidh
i mo phaisinéir, i mo ghiolla comhrá dílis
don tírdhreach draíochtúil i mo chroí ag beannú
do na Beanna Móra a bhfuil na línte dalba ar a ngrua sa tslí
nach bhféadfainn éalú uathu fiú amháin
dá mbeadh an fonn sin orm.

Géillim do na locha líonta iomadúla ag cur fáilte
na gcéadta bliain romhainn ó thuaidh ó bhaile átha
go baile cuain thar aibhneacha geala agus srutháin
spréacharnacha ceolmhara agus thar a bhfaca tú ariamh
na portaigh uileghabhálacha nach ngéilleann
do theorainneacha ar bith ar talamh ná ar mhapa
ach chomh sean leis na cnoic agus chomh húr óg
leis na sléibhte atá ard i gcéim.

Labhrann, lena cheart a thabhairt dhó an raidió linn
liom, ag meabhrú dhúinn go raibh an Ghaeltacht beo
ar an aer agus úr sa gcartlann ach a dhul ag tochailt
agus éisteacht le glórtha an tsaoil atá le theacht
agus ón am a d’imigh, le chéile chomh deas soineanta
bádóirí agus fonnadóirí agus ceoltóirí bodhráin
fhéin ag cur a gcraicinn díobh agus damhsóirí
ar an sean-nós ag baint torainn as na cláir ...

Níor shroich muid Acaill fhéin fós, an chéad leath
den bhealach, ach ag teannadh leis go tiubh, agus
é ag fanacht linn go foighdeach le blianta móra fada
le muid a threorú thar an droichead breá, mé ag súil
go bhfaighidh mé toradh mo ghuidhe ar deireadh
thiar roimh dhul faoi don ghréin, an tráthnóna fómhair
seo, nó b’fhéidir sa gcrónachán deireadh lae, agus
sin mar a tharla, mar a tharlaíonn.

… sa gcartlann ceannann céanna, cóngarach dhá chéile
i bhfoisceacht dhá mhíle do phláinéid Mhaigh Eo
nó mar sin, dá mbeadh an préachán ag eiteal, déarfaidh muid
is ní bheidh aon sáraíocht eile faoi, go háirid, ach
fan a’d fhéin go dtarraingeoidh mé m’anáil den aer úrghlas
is iontaí, sa dúiche is saibhre is daibhre, is sine is óige
is airde is leithne glór na bhfilí sa tír seo uilig, uilig,
ná in aon tír eile ar m’eolas.

**************

As an gcartlann, cloisim ‘Amrán an Bhádóra’. Seanfhear á chasadh ag cóisir seandaoine.

Taobh thiar atá mo theach, is ann a bhím san am mharainneach
Ag fuirseadh is ag cartadh is ag éisteacht leis an ngaoth dheannachtach
Ag súil le Dia go dtiocfaidh sí, an bhean a bhris is a chealg mé
Ach ní thiocfaidh sí ná choíche go dtiocfadh ciall don amadán

Ceannóidh mé bád seoil is gabhfaidh ag taisteal ar an bhfarraige
Ní fhágfaidh mé caladh na trá nach gcaithfidh mé amach an t-ancaire
Ag cur tuairisc an bhean bhreá a d’imigh uaim thar farraige
Ag súil le Mac Dé go gcasfaidh in mo bhealach í.

Shiúil mé píosa maith den tír agus páirt mhaith de Shasana
Ach féachaí mar sin fhéin nár casadh an bhean cheart orm
Tá’n t-am ag éirí gearr is an saol ag ’ul ó mhaith orm
Ach shílfeá mar sin fhéin go bhfuil beagán misnigh fágtha a’m.

Ba mhaith liom a dhul áit éicínt ach tá Meiriceá rófhada uaim
Marach eicínt ar an téip. Línte ar iarraidh.

Dhá dtabharfainn m’aghaidh ar an Spáinn nó tamall thall sa nGearmáin
Mar is ansiúd atá na mná a thuigfeadh an fear farraige
Deir siad go bhfuil siad grinn agus díocasach ina theannta sin
Is cá bhfios má thagaim slán go dtiocfainn abhaile le bean acub.

****************


Airím an glaoch ó Dhún na nGall cheana féin is
níl aon dul as ach mo shrón agus an bealach mór
a leanacht go tír na Sean-Ghael is na sliabh brataithe
le ceobhrán séimh, le ceol is le draíocht na ngleann is le guth
na Gaeltachta agus radharcanna ‘ar dóigh’ ó bhun go barr
Shliabh Liag atá romham le dreapadh go dtí an airde
is airde ar taifead san oileán iathghlas ó d’fhág mé
Acaill i mo dhiaidh sa diamhaireacht.

********************

‘An bhfuil cead agam bualadh ar aghaidh?’
‘Agus rudaí a fhágáil gan rá? Agus daoine a fhágáil gan lua?
Agus cár fhága tú na cuimhní cinn, a bhfuil lán mála agat díobh?
Agus páipéir bhána fós le breacadh?’
‘Tá scéal deas agat, ach ar chuala tú trácht ariamh ar an lá amárach?’
‘Is cuma faoin lá amárach, fág san áit a bhfuil sé é, faoi láthair.
Éist siar le Raidió na Gaeltachta. Éist le Fear an Trúmpa.
Éist le páistí i rang a ceathair, ón gcartlann …’

********************

Ó tháinic mé chomh fada seo, ní stopfaidh mé go dtiocfaidh
mé go dtí bun agus barr na hÉireann, go leagfaidh mé
mo chois ar an leic is faide ó thuaidh d’Ard Mhálainne, áit
nár tháinig Pádraic fhéin, déarfainn, lena dhóchas, lena ghrá
buan daingean cé gur scaip sé chugainn ar an gceo
a bheannacht, is gur sheol sé chugainn Máirtín tréan
Ó Cadhain lena mhisneach is lena ghlór neamhspleách
so-aitheanta ag fógairt saoirse Éireann.

******************

… ‘Agus críochnóidh muid an turas seo’,
a dúirt an glór ar Raidió na Gaeltachta,
‘le cór na scoile is faide siar in Éirinn agus iad ag canadh:

‘Ní bheidh sé fliuch níos mó, níos mó
Ní bheidh sé fliuch níos mó
Sé mo roghain anois don domhan
Nach mbeidh sé fliuch níos mó.

Ó! Ní bheidh sé fliuch níos mó, níos mó
Ní bheidh sé fliuch níos mó
Sé mo roghain anois don domhan
Nach mbeidh sé fliuch níos mó!’
Dara Ó Conaola

Scríbhneoir é Dara Ó Conaola