Tá go leor údar ceiliúrtha ann

John Walsh
Tá go leor údar ceiliúrtha ann

Baile na nGall 1976

Tá géarghá le múnla nua fadtéarmach a chinnteoidh go mairfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta go ceann 50 bliain eile, a deir John Walsh

Is maith is cuimhin liom dul ar saoire teaghlaigh go hAbhainn an Scáil ar imeall Ghaeltacht Corca Dhuibhne mar dhéagóir agus tathant ar m’athair mé a thabhairt siar chomh fada le Baile na nGall go mbuailfinn cnag ar dhoras Raidió na Gaeltachta. Bhíomar ag éisteacht leis an stáisiún ar an meántonn, an comhartha ag dul i dtreise de réir mar a ghluaiseamar siar, agus bhí na habairtí Gaeilge a bhí fúm a labhairt á gcleachtadh agam arís agus arís eile i m’aigne. Ní cuimhin liom cé a bhí romham i mBóthar na Léinsí ach chuireas mo cheist i nGaeilge, fuaireas mo bhileoigín eolais faoi stair an stáisiúin agus d’imíos liom go sásta. B’in an chéad chomhrá Gaeilge a dheineas sa Ghaeltacht agus chuir sé tús le caidreamh le hiarthar Duibhneach a mhaireann go dtí an lá inniu.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
John Walsh

Léachtóir le Gaeilge i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is ea an Dr John Walsh.