Ghoid codhlach éicint mo bhurger…

Ghoid codhlach éicint mo bhurger…

Pribhléid a bhí ann a bheith ag obair do Raidió na Gaeltachta ar son phobal na Gaeltachta, a deir Mártan Ó Ciardha

Ar feadh tuairim leath mo shaoil thug mé m’aghaidh chuile mhaidin ar cheannáras Raidió na Gaeltachta - ‘Garraí Pheter William’ i nDoire an Fhéich. * Sin nó ar cheard éicint eile den tír ina raibh rud le déanamh don eagraíocht sin.

Brácáil dá laghad ní raibh ag baint leis an lá amháin féin acu.

Le himeacht ama a thuig mé an bheannacht a bhí bronnta orm. Fós, nó gur tharraing mé an doras i mo dhiaidh an lá deireanach, níor bhuail sé ceart mé go raibh an bóthar a bhí siúlta agam ar an gceann a roghnóinn féin an lá ar leagadh ar an sop mé, ach an chumhacht sin a bheith agam.

Os cionn deich mbliana dár gcionn mothaím i gcónaí go mba mhó solamar a bhain mé as na laethanta sin ná a bhainfinn as an gCrannchur Náisiúnta tráth nach raibh oiread i mo phóca agus a bhainfeadh torann as leic.

Ar bhealaí go leor, is é cuid Pháidín den mheacan an méid den scéal sin a bhaineann liom féin. Is leis an síol a cuireadh i gcré Domhnach Cásca 1972 a bhaineann an chuid is mó den chothú – an phribhléid a bronnadh orm freastal a dhéanamh ar an bpobal ba ghaire do mo chroí – pobal na Gaeltachta.

Bheadh sé níos fileata a rá go mba bhláth a d’fhás as an síol sin – rós álainn a raibh a pheitil chomh leochaileach le sciatháin na snáthaide móire. Fírinne an scéil nach áilleacht a bhí ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta ag an am ach beathú.

Ag Dia féin atá a fhios cén tairbhe a thiocfadh as RnaG a bheith bunaithe cúpla scór bliain roimhe sin, nuair a bhí sé tuillte chomh mór céanna acu.

D’fhógair a theacht tús ré nua – agus ba as an bpobal a bhí ag éisteacht leo a sníodh an dornán craoltóirí, lucht teicniúil agus riaracháin a bhí ag obair i gCasla, ar Bhóthar na Léinsí agus i Sraith na Corcrach ó thús aimsire.

Tugann cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta léargas ar shlacht a gcuid oibre agus ar an mórtas a bhí orthu deis a fháil a leithéid a dhéanamh.

Ba ghrinn freisin a bhíodar siúd a roghnaigh na daoine seo agus go deimhin an dream a tháinig ina ndiaidh. Le himeacht na mblianta thuill craoltóirí agus iriseoirí an Raidió moladh as a gcumas agus as a gcuid gairmiúlachta - i mbun nuachta, cúrsaí reatha, spórt, ceol, drámaíocht, siamsaíocht agus chuile ghné eile den obair a bhí idir lámha acu.

Níorbh í an fhoireann amháin a bhí ag plé le rud éicint úrnua ach an oiread. Ba amhlaidh cás dá gcuid éisteoirí, a raibh teacht anois acu ar sheirbhís nach raibh a leithéid le fáil ag Béarlóirí na tíre – bulletins nuachta áitiúla chomh maith le nuacht i gcéin; cláracha irise logánta, tráchtaireacht spóirt ar chluichí náisiúnta agus áitiúla – rud arbh ag Raidió na Gaeltachta amháin a bhí sé nó go dtáinig na stáisiúin thráchtála i lár agus i ndeireadh na 1980idí.

Gné a bhí ansin ar thug an stáisiún aird faoi leith air agus de réir mar a tháinig an acmhainn agus an saineolas, tháinig luach a shaothair as an gcraoladh breá nuachta, spórt agus ceoil a cuireadh ar fáil.

Cuimhním le bród go fóill ar lá i dtús na 1980idí nuair a deineadh craoladh ar leathdhosaen cluiche ceannais contae as na ceantair Ghaeltachta.

Áiteacha a bhí lán le spraoi ab ea oifigí agus stiúideonna RnaG. Fad agus a bhídís i mbun a gcuid oibre, ba scoth na gcraoltóirí agus na n-iriseoirí iad siúd a bhí suite iontu agus an cháilíocht chéanna ag an bhfoireann sa gcúlra.

Ach, ní raibh ansin ach leath an scéil.

Sa mullach ar sin, ba é lomchlár na fírinne freisin go mba filí, aisteoirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, sacadóirí, fuirseoirí, cleasaithe agus lucht grinn iad mo chomhghleacaithe oibre. Ach thar rud ar bith eile croí na féile – comrádaithe níos deise ná níos dílse ní raibh le fáil ar dhromchla na cruinne.

Ba mhinic i rith mo shaol iriseoireachta a thug mé cuairt ar lárionaid chraoltóireachta sa tír seo agus i gcéin. Cinnte bhíodar siúd níos mó, níos galánta agus cheapadar féin iad a bheith níos ilchultúrtha.

Ainneoin sin, mheas mé riamh go raibh rud éicint in easnamh iontu, ach go raibh sé ag cinniúint orm mo mhéar a leagan air.

B’in go dtáinig lá agus mé faoi réir le crúiscín bainne a bhaint as an gcuisneoir i gceaintín RTÉ i nDomhnach Broc.

In iompú do bhoise, bhí sé agam.

Blianta roimhe agus mé i mbun an chúraim chéanna sa gcistineach i gCasla, rug nóta lámhscríofa a bhí greamaithe den doras ar mo shúil:

‘Ghoid Codhlach Éicint mo Bhurger’

Dá fheabhas iad an BBC, Le Figaro, Sky News agus Der Spiegel, ní raibh aon iriseoir acu a sháródh gontacht an údair, cé nach móide go dtacódh Acadamh Ríoga na hÉireann leis an téarmaíocht.

Seans maith freisin gur beag an meas a bheadh acusan ar bhlúire eolais a tugadh amach tráth ar ‘Fhógraí an Deiscirt’ lá. ‘Beidh Ionad Athchúrsála agus Diúscairte Dramhaíola Iarthar Chiarraí druidte amárach…’Dump an Daingin’ mar is fearr aithne air’.

Tá teacht na teicneolaíochta tar éis athrú ó bhonn a chur ar an gcraoltóireacht. Nuair a thosaigh mise b’eo an bealach le cluiche a bhí á imirt ar an gCeathrú Rua a chur amach ar an aer.

a)
Líne theileafóin ón bpáirc chuid Oifig an Phoist na Ceathrún Rua.

b)
Líne as sin go Gaillimh…as sin go hÁth Luain…as sin go Príomh-mhalartán P&T i Sráid an Chiste i mBÁC & as sin go Domhnach Broc.

c)
Ó Dhomhnach Broc go Casla ar nasc

d)
Ó Chasla go dtí an crann tarchuradóireachta i mBéal an Daingin

e)
As sin ar na meántonnta chuig na pointí in Iarthar na Tíre a shroichfeadh sin – turas os cionn 500 míle do chluiche a bhí á imirt i bhfoisceacht cúpla míle den stáisiún.

Inniu, ach fón a bheith i do phóca, chuirfeá pictiúir, tráchtaireacht agus agallaimh beo as Páirc an Chathánaigh
go Perth.

Fós ní mba i gcónaí gurbh é do leas an teicneolaíocht chéanna.

Ní raibh sí ach ina tús nuair a fuair mé glaoch ó shagart in Eachréidh na Gaillimhe a mhínigh a chás i nglan na Gaeilge dom. Bhí peileadóirí a pharóiste i gcluiche ceannais na craoibhe an Domhnach dár gcionn, ach d’fhág bainis san áit go raibh céatadán réasúnta mór de lucht an pharóiste nach mbeadh in ann freastal ar an gcluiche.

Tuigeadh dó go mbeadh Raidió na Gaeltachta ag déanamh craoladh ar an ócáid, ach ar an drochuair, ní raibh fáil an-soiléir ar RnaG ina cheantar – ach amháin sa séipéal, a bhí tógtha ar an gcnoc ab airde san áit.

An mbeadh baol ar bith, a d’fhiafraigh mo shagairtín, go bhféadfadh sé RnaG a chur sa tsiúl ar an altóir Dé Domhnaigh ar raidió beag a bhí aige féin, an stáisiún s’againne a chasadh air agus freastal a dhéanamh ar a phobal ar chóras nua a bhí curtha ag Ard-Deoise Thuama i dteach an phobail – ceann a thugadh deis dóibh siúd a bhí tinn éisteacht le hAifreann an Domhnaigh sa mbaile.

Thuig mé láithreach nach agamsa a bhí a iarratas a cheadú agus go mba freagra diúltach a gheobhadh é uathu siúd a raibh an chumhacht sin acu. Théis an tsaoil bhí dlí na tíre á shárú. Mura mbeadh féin, ní raibh an t-údarás ag aon duine a bhí níos gaire ná an ceathrú hurlár sa mBloc Riaracháin i nDomhnach Broc an cheist a phlé.

Agus ní ag breathnú amach trí na fuinneoga ag a 6pm Dé hAoine ag fanacht le glaoch uaimse a bhí siad siúd – bí cinnte dó sin.

Fós ní raibh sé ionam an sagart a dhiúltú scun scan. Bhí mo chroí bogtha ag a dhílseacht dá phobal agus marcanna breise tuillte aige as a chuid Gaeilge.

‘Leag ort. Ach ar chraiceann do chluaise, seachain an luafá m’ainmse má bhíonn aon bhlas eile faoi,’ a deirimse leis.

Blianta ina dhiaidh, dúirt paróisteach dá chuid liom gur ghuigh sé seacht míle beannacht ar Raidió na Gaeltachta agus é ag fógairt an dea-scéala den altóir Dé Domhnaigh agus gur bhronn an oiread céanna loghanna orthu siúd a bhí bainteach leis.

Dá bhfanfadh an scéala mar sin, bheadh chuile shórt ceart, ach maidin Dé Luain agus Craobh na Gaillimhe ina pharóiste den chéad uair riamh, chuir mo chara cléire a dhá chos go hioscaidí agus mise i mbéal an ghunna.

Céard a dhéanfadh sé ach glaoch ar Rúnaí an Cheannaire i gCasla go nglacfadh sé buíochas leis an bhfear óg gnaíúil a thug cead dóibh an cluiche a chraoladh.

Buíochas mór le Dia, sa bhfuadar ar fad, bhí dearmad déanta aige ar a ainm.

*
Ba ó mhuintir Pheter William Ó Flatharta a cheannaigh RTÉ an suíomh ar ar tógadh Ceannáras RTÉ RnaG i gCasla

Iriseoir agus iar-cheannasaí spóirt i Raidió na Gaeltachta é Mártan Ó Ciardha