Tá go leor údar ceiliúrtha ann
Tá géarghá le múnla nua fadtéarmach a chinnteoidh go mairfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta go ceann 50 bliain eile, a deir John Walsh
Is maith is cuimhin liom dul ar saoire teaghlaigh go hAbhainn an Scáil ar imeall Ghaeltacht Corca Dhuibhne mar dhéagóir agus tathant ar m’athair mé a thabhairt siar chomh fada le Baile na nGall go mbuailfinn cnag ar dhoras Raidió na Gaeltachta. Bhíomar ag éisteacht leis an stáisiún ar an meántonn, an comhartha ag dul i dtreise de réir mar a ghluaiseamar siar, agus bhí na habairtí Gaeilge a bhí fúm a labhairt á gcleachtadh agam arís agus arís eile i m’aigne. Ní cuimhin liom cé a bhí romham i mBóthar na Léinsí ach chuireas mo cheist i nGaeilge, fuaireas mo bhileoigín eolais faoi stair an stáisiúin agus d’imíos liom go sásta. B’in an chéad chomhrá Gaeilge a dheineas sa Ghaeltacht agus chuir sé tús le caidreamh le hiarthar Duibhneach a mhaireann go dtí an lá inniu.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús