Is leor nód don eolach...

Liam Mac Cóil
Is leor nód don eolach...

Máire Uí Mhaicín

Is gá feabhas a chur ar na téada cumarsáide ach tá na leabhair ann agus tá scríbhneoirí na Gaeilge in ann scríobh, a deir Liam Mac Cóil

Tá na srianta i ndáil a bheith sínte agus an t-earrach ag teacht. Táim an-bhuíoch do Chumann Merriman as mé a thoghairm aníos as dúluachair deireanach na paindéime agus mo scáth a chur ar taispeáint, ar fud na cruinne más fíor, sa deireadh thiar thall. Tá an-áthas orm a bheith ar an bpainéal fíorúil litríochta seo in éineacht le Róisín agus le Tadhg. Súil agam gur fíorphainéal a bheidh sa chéad cheann eile. Idir an dá linn, tá súil agam go bhfuil gach duine sona sásta ina gcuid pluaiseanna féin ag breathnú ar na scáthanna seo mar atá mise i mo phluais bheag féin anseo i Ráth Chairn.

Ba mhaith liom cúpla smaoineamh a chur faoi bhur mbráid faoina bhfuil i gceist dar liomsa le pobal léitheoireachta agus litríochta a chothú. Déanfaidh mé iarracht sin a dhéanamh chomh hachomair gonta soiléir agus is féidir liom.

Ba mhaith liom tosú le béascna. Cuimsíonn béascna gach rud sa saol, a bheag nó a mhór; an saol mar a chaithimid é; nósmhaireachtaí, modh maireachtála, na bealaí a ndéanaimid cumarsáid le chéile. Chomh tábhachtach le rud ar bith, cuimsíonn béascna na luacha atá againn. Agus ní hamháin luacha ach tosaíochtaí. Céard iad na luacha, na tuiscintí, na nósanna, a chuireann muid chun tosaigh? Cén t-ord tosaíochta a chuireann muid ag obair sna cinntí a dhéanaimid ó lá go lá sa saol pearsanta agus i saol na hoibre? Agus cuimhnigh go bhfuil siad sin uile, ar bhealaí iomadúla, dlúthcheangailte leis an teanga a labhraímid. Is rud beo beathaitheach í an bhéascna a athraíonn gach nóiméad. Os a choinne sin tá gnéithe di a fhanann socair go pointe áirithe, mar shampla an litríocht.

Céard faoi chothú na litríochta, mar sin, an léitheoireacht, agus an scríbhneoireacht? Le bhur dtoil: íomhá bheag. Samhlaímis an bhéascna mar líonra, mar eangach fiú, líonra fada fairsing ilchasta atá déanta suas d’iliomad téada nó línte cumarsáide. Táimid ar fad gafa sa líonra seo. Mar níl aon imeacht ón mbéascna. Caithfidh tú a bheith páirteach i mbéascna éigin. Ná ní thig linn labhairt gan teanga de shaghas éigin a úsáid.

Tá an tsamhail seo róshimplí agus róshaonta, tá a fhios agam, ach tá sí úsáideach, sílim. Leanaimis orainn. Samlaímis nead damhán alla. Na háiteanna a dtagann na téada beaga fíneálta le chéile tugaimis nódanna orthu. Tá cuid de na nódanna mór. Bíonn go leor téad ag teacht chucu agus ag imeacht uathu. Cuid eile de na nódanna, tá siad beag, ach má tá féin bíonn téada ag teacht chucu agus ag imeacht uathu. Is nód muidne anseo anois ag an Scoil Gheimhridh agus go leor téad cumarsáide ón bpluais seo agamsa amach chugaibhse agus ar ball beag, tá súil againn, beidh roinnt den chumarsáid ag teacht an treo eile ar ais.

Céard iad na nódanna a dhéanann suas béascna na Gaeilge? Tá na mílte acu ann. Luafaidh mé cuid an bheagáin. Cinnte tá na mórmheáin chumarsáide i gceist: Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Tuairisc.ie. Tig linn Raidió na Life, Raidió Fáilte, agus na hirisí Gaeilge a chur leo sin, chomh maith leis na nuachtlitreacha agus na hirisí áitiúla Gaeilge agus Gaeltachta agus na colúin Ghaeilge ar na nuachtáin Bhéarla. Dáiríre aon áit nó institiúid ina bhfuil Gaeilge á labhairt agus ina dtarlaíonn cumarsáid trí Ghaeilge, tig linn é a áireamh mar nód sa líonra; scoileanna lán-Ghaeilge, ranna Gaeilge sna coláistí agus sna hollscoileanna, agus na coistí agus na cumainn a ghabhann leo sin. Agus na coláistí samhraidh – nár dheas é dá mbeadh cúrsaí litríochta samhraidh ann? Tá na comharchumainn ann, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta; na teaghlaigh Ghaeilge agus Ghaeltachta, Glór na nGael, lucht pleanála teanga, cumainn éagsúla ar fud na tíre. Liosta le háireamh. Is ná déanaimis beag de na nódanna ócáidiúla, leithéidí Léachtaí Cholm Cille agus ar ndóigh Cumann Merriman agus an Scoil Gheimhridh. Mar a chéile an tOireachtas féin; agus tá a dtábhacht féin, ar ndóigh, ag baint leis na Comórtais Liteartha. Tá na clubanna leabhar ann – cuimhní breátha agamsa ar Thigh Mholly agus ar an gcuairt a thug mé ar Chlub Leabhar Chois Fharraige roinnt blianta ó shin – gan trácht ar na leabhair féin agus na foilsitheoirí, na siopaí leabhar agus na suíomhanna idirlín. Agus cá mbeimid gan na léitheoirí ar nód tábhachtach cumarsáide gach duine acu. Ar an gcaoi sin tig linn na meáin shóisialta a lua, an ghiolcaireacht agus na blaganna, mar shampla. Is nód tábhachtach ann féin é Aonghus Ó hAlmhain. Agus nach maith ann iad na léirmheasanna, nuair a thagann siad, cibé áit a dtagann siad? Dáiríre tá a thábhacht ollmhór féin ag baint le gach ceann acu sin agus tuilleadh. Mar is éard is nód ann bealach le heolas a chur ar aghaidh chuig nód eile. Mura bhfuil an nód ag feidhmiú, coilltear agus cailltear an chumarsáid, bearnaítear an bhéascna agus lagaítear na luacha.

Má oibríonn nead an damháin alla i gceart, mar sin, tarlaíonn rud éigin ar thaobh amháin di agus rachaidh an scéala chuig an taobh eile. Tá gach nód sa líonra i gcumarsáid ar bhealach éigin le gach nód eile, ní go díreach, baileach, ach trí chóras na nód agus na dtéad a cheanglaíonn iad; líonra na béascna.

Sampla beag. Chuir sé gliondar croí orm tamall ó shin nuair a léigh mé alt ar tuairisc.ie le Alex Hijmans. Dúirt sé go raibh leabhar Thaidhg Uí Dhonnagáin, Madame Lazare tar éis buzz a chruthú. Buzz nó bús! Nach iontach a leithéid a lua le leabhar Gaeilge. Agus nach deas na focail iad ar a dtarlaíonn do na téada nuair a chorraítear iad agus go dtéann siad ar cith. Táim ag léamh Madame Lazare faoi láthair agus tá an leabhar féin inchurtha leis an mbús atá cruthaithe aige.

Ach ní as an spéir, baileach, a thagann bús. Agus is d’aon ghnó go minic a chuirtear na téada ar crith. Agus cé a dhéanann é? Ba mhaith liom a cheapadh gur muid féin a dhéanann.

Má tá an litríocht le cothú, tá na nódanna sin a luaigh mé le cothú agus le treisiú agus, chomh tábhachtach céanna, tá na téada cumarsáide eatarthu le spreagadh, le bealú agus le neartú. Ach amanta shílfeá nach mbíonn sin ag tarlú. Shílfeá nach mbíonn nód amháin ag éisteacht ná ag labhairt leis na nódanna eile. Níl an t-eolas á chur ar aghaidh. Ní chruthaítear bús. Caithfear sin a athrú.

Is féidir é a athrú ach ní gan iarracht é. Luafaidh mé fadhb mhór amháin. Baineann sé le luacha. Ceann de na deacrachtaí atá againn go bhfuil béascna na Gaeilge agus béascna – nó béascnaí – phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, buailte suas le béascna láidir féinsásta an Bhéarla. Leis na céadta bliain tá béascna an Bhéarla á brú orainn agus a luacha agus a dtosaíochtaí féin á n-áiteamh ag lucht an Bhéarla orainne, pobal na Gaeilge.

Ceist agamsa ar na nódanna. A nódanna dílse, an bhfuil sibh ag éisteacht? Ag éisteacht le chéile atá i gceist agam. Nó cé uaidh a fhaigheann sibh bhur gcuid luacha? Cé na nithe sa saol a chuireann sibh chun tosaigh? Agus cén fáth? An sibh féin a shocraíonn bhur luacha agus bhur dtosaíochtaí féin nó an bhfaigheann sibh iad ar athláimh ó lucht an Bhéarla; in RTÉ, abair, nó in irisí liteartha an Bhéarla nó i gcomórtais liteartha an Bhéarla? Ach, a deir sibh, nach ionann luacha dúinn ar fad? Ní hionann.

Sampla amháin, gan dul isteach rómhór i gcúrsaí polaitíochta – bíodh is go gcreidimse go bhfuil polaitíocht, le ‘p’ beag, ag baint le gach rud – ní hionann luacha an nua-liobrálachais atá le fáil i roinnt mhaith de na teangacha iarimpiriúla, sa Bhéarla go háirithe, agus na luacha daonnachta agus pobail a bhí coitianta sa Ghaeltacht scór go leith bliain ó shin, agus atá le fáil ann fós. Cinnte ní ar an gcaoi chéanna a bhreathnaímid ar fad ar an litríocht; ná ní ar an gcaoi chéanna a mheasaimid a luach.

Sin é an áit a raibh an tOireachtas ríthábhachtach nuair a bunaíodh é. Rinne an tOireachtas, mar a rinne Conradh na Gaeilge sa chéad dosaen éigin bliain dá shaol, iarracht tosaíochtaí eile a chur chun cinn seachas mar a bhí i mBéarla uaslathach na linne sin, luacha a raibh oiread sin de mhuintir na hÉireann ag déanamh aithrise orthu agus á nglacadh chucu féin gan cheist. Gníomh athluachála a bhí i mbunú an Oireachtais. Agus sin é ról an Oireachtais i gcónaí agus an fáth a bhfuil an tOireachtas lárnach i mbéascna na Gaeilge.

Ach amanta shílfeadh duine go meastar an tOireachtas, an ealaín, an litríocht, ní de réir a bhfiúntais dúinne, ach de réir an luach a thugtar dóibh i mbéascna an Bhéarla, .i. nithe nach gcuirtear chun tosaigh ach i leataobh, ar leithligh ó nithe tábhachtacha cosúil le brabach, cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta. Déanann luacha sin an Bhéarla, ach muidne iad a ghlacadh chugainn féin i mbéascna na Gaeilge, oileánú ar na nódanna difriúla a luaigh mé ar ball, reoitear na téada eatarthu agus bearnaítear agus coilltear an chumarsáid. Tá polaitíocht agus eacnamaíocht tábhachtach cinnte ach – agus arís, ba mhaith liom béim a leagan air seo – is ceist tosaíochta é.

Bhíodh an litríocht i gcónaí chun tosaigh i mbéascna na Gaeilge, an litríocht bhéil, an litríocht lámhscríofa, agus tar éis bhunú a Chonartha, an litríocht chlóite. An bhfuil na nódanna againn, na nódanna móra go háirithe, muiníneach go leor le tábhacht sin na litríochta a chur chun tosaigh, le heolas faoin litríocht, faoi leabhair nua, faoi scríbhneoirí, faoi dhuaiseanna Oireachtais, abair, a chur ar aghaidh? Nárbh álainn dá luafaí na hirisí Gaeilge i mír na nuachtán ar Adhmhaidin, mar shampla.

Tá go maith. Sin mar atá ag na nódanna agus na líonraí agus na téada agus ag na neadracha damhán alla. Tá na nódanna le neartú agus na téada cumarsáide le bealú agus caithfidh muid sult agus spraoi a bhaint as an iarracht. Mar is luach eile é sin: spraoi.Ach nár dheas an rud dá mbeadh leabhair mhaithe ann, a deir sibh, leabhair ar mhaith linn a léamh nó arbh fhiú dúinn a léamh? Tá.

Tá agus go rábach. Ach ní hé sin tuairim lucht an Bhéarla. Agus seo bealach eile a gcuireann luacha bhéascna an Bhéarla isteach orainn. Ceann de na smaointe bunúsacha a fhaightear go minic i mbéascna Bhéarla na hÉireann agus i mbéascna an Bhéarla go coitianta, ná an smaoineamh seo: dá mbeadh aon fhiúntas i leabhar is i mBéarla a scríobhfaí é. Ceann de luacha bunúsacha na béascna féinsásta Béarla é sin.

Cén mearbhall a bheadh orainn dá nglacfaimis leis an luacháil sin .i. le luacháil litríocht eile ar an litríocht seo againn féin? Nach léir gur argóint chiorclach í agus go bhfuil sí fabhtach ó bhonn? Féach na leabhair a fhoilsíonn Tadhg Mac Dhonnagáin, mar shampla, agus – tá cead agam é seo a rá mar is é m’fhoilsitheoir féin é – na sárleabhair a fhoilsíonn Leabhar Breac, athchóirithe breátha ar an tseanlitríocht san áireamh. Agus tá go leor leor eile ann, mar is eol daoibh. Breathnaígí ar liostaí léitheoireachta na gclubanna leabhar; breathnaígí ar ghearrliostaí Leabhar na Bliana, ar mholtaí Leabhra Feabhra. Fiú is go bhfuil leabhair den scoth tar éis dul i bhfolach orm nó éalú gan fhios dom. Is ea, is gá feabhas a chur ar na téada cumarsáide. Ach cibé cén scéal é, ná bíodh aon imní oraibh: tá na leabhair ann agus tá scríbhneoirí na Gaeilge in ann scríobh.

Tá na scríbhneoirí againn, ach an féidir linn a bheith cinnte go leanfaidh scríbhneoirí orthu ag teacht chun cinn? Ní féidir. Sa deireadh tá sé an-tábhachtach go gcothódh an bhéascna scríbhneoirí nua, idir óg agus aosta. Dá mba léir gur luach ag pobal na Gaeilge an scríbhneoireacht, thiocfadh na scríbhneoirí. Scéal mór é litríocht na Gaeilge. Déanaimis scéal mór di. Cuirtear leis na duaischistí. Bonn óir don phrós anois is arís mar bhíonn in Eisteddfod na Breataine Bige. Níos mó airde á tarraingt ar leabhair, ar irisí, ar fhoilsitheoirí ar scríbhneoirí, ar bhuaiteoirí, sna meáin uile. Scéal mór a dhéanamh de Leabhar na Bliana, an comórtas againn féin san Oireachtas ar dtús. Agus níos mó closleabhar. Níos mó agallamh, níos mó léirmheastóirí, ag caint. Podchraoltaí, agus go leor acu. Is ea agus níos mó léirmheasanna. Níorbh aon dochar níos mó ceardlann. Cúrsaí samhraidh sa litríocht, mar a dúirt mé. Níos mó airgid? Cinnte cé a dhiúltódh dó? Agus is fada mé ag moladh conarthaí cearta idir scríbhneoirí agus foilsitheoirí – ábhar atá á phlé ar zúm ag Aontas na Scríbhneoirí. Féach sin, nód tábhachtach eile é an tAontas i gcomhthéacs na litríochta.

Ach ceann de na luacha móra againne is é seo é: nach é an t-airgead is tábhachtaí ar fad; ní féidir gach rud sa saol a cheannach ná praghas a chur air. Íoctar an ceardaí as a chuid oibre go cinnte, luach ceart saothair a thabhairt dó nó di. Ach ní hí an cineál saoirse atá uainne saoirse nach bhfuil i gceist léi ach cur ar chumas an duine aonair brabach a dhéanamh. Tá luacha thairis sin againn.

Leagan cóirithe atá san alt seo de ‘Cothú an phobail léitheoireachta: An léitheoir, an léirmheastóir agus an foilsitheoir’, caint a thug Liam Mac Cóil ag Siompóisiam Fíorúil Scoil Gheimhridh Merriman i mbliana

Liam Mac Cóil

Is scríbhneoir agus scoláire é Liam Mac Cóil