Léirmheas

Léirmheas

Khalil

le Yasmina Khadra, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire

Madame Lazare

le Tadhg Mac Dhonnagáin

Foilsithe ag Barzaz, 2021

Léirmheas le Clíona Ní Ríordáin

Is úrscéal fíorthábhachtach é seo ina ndéanann Yasmina Khadra (ainm cleite d’iaroifigeach in airm na hAilgéire) iarracht an léitheoir a mhealladh isteach i gcroílár scéal an cheathrair a bhí sásta iad féin ‘a shéideadh ina mbeatha’ i bPáras ar an 13 Samhain 2015 ar son na cúise. Is faoi láthair atá cás cúirte an sceimhlitheora a tháinig slán ó na hionsaithe sin ar siúl, rud a fhágann ficsean Yasmina Khadra á léamh againn agus fíorscéal na heachtra sin ina mhacalla inár gceann.

Is é Khalil a insíonn an scéal fíochmhar seo dúinn. Cuireann sé síos ar an turas a dhéanann ceathrar ‘bráithre’ ón mBeilg go Páras. Is é atá mar mhisean acu ‘slad a dhéanamh ar an gcluiche sa Stade de France a tharraingeodh aird an domhain mhóir’ orthu. Cuirtear an léitheoir i gcloigeann Khalil, agus leantar é ó thraenacha an RER ar imeall Pháras ar aistear fada trasna na hEorpa. Déanann an t-údar iarracht comhbhá a chothú, nó léargas a thabhairt dúinn ar shaol an bhuachalla atá sásta a leithéid de ghníomh barbartha a dhéanamh.

Is scéalaí paiteanta é Yasmina Khadra atá ag scríobh faoi thragóidí na hAilgéire le tríocha bliain anuas. Deir sé féin go mbíonn sé ag scríobh chun éalú ón ngnáthshaol. Tá cáil air de bharr na n-úrscéalta a scríobh sé faoin chigire Brahim Llob. Ach ní bhíonn leisce air ach an oiread ábhair chonspóideacha a phlé, mar a bhí soiléir i La Dernière nuit du Raïs [Oíche Dheireanach an Raïs] inar phléigh sé le réim Muammar Gaddafi.

Éacht aistriúcháin atá déanta ag Máirín Nic Con Iomaire sa leabhar seo. Gaeilge shaibhir líofa agus abairtí a mheallann sinn go cathair Pháras agus, le teann fiosrachta is spéise, as sin sna sála ar Khalil agus é ag éalú leis go dtí an Bhruiséil. Bainfidh léitheoirí sult agus sásamh as an úrscéal spéisiúil seo.

Go bunúsach is scéal a bhaineann le himircigh é scéal Khalil, nó ar a dtarlaíonn nuair a theipeann ar an imirceach agus an pobal ina áitreabh nua imeascadh agus tá na téamaí céanna I gcroílár Madame Lazare chomh maith. Le scéal a thosnaíonn ar oileán ar chósta na hÉireann agus a théann ón mBruiséil go Páras, tá éacht déanta ag Tadhg Mac Dhonnagáin san úrscéal seo. Leanann an scéal Levana, bean óg atá buartha faoina seanmháthair, Hana Lazare, Giúdach a d’fhás aníos san Eastóin, áit a d’fhág sí chun éalú ó na Naitsithe. Téann Hana in aois, brúnn an néaltrú isteach uirthi. Cailleann sí labhairt na Fraincise agus déanann a gariníon iarracht teacht i gcabhair uirthi le tacaíocht aistritheoirí Gaeilge atá ag obair sa Bhruiséil.

Scéal é a dhéanann mionstaidéar ar cheisteanna a bhaineann le teangacha agus an nasc idir teanga agus féiniúlacht. Meallann Mac Dhonnagáin an léitheoir le plota éifeachtach agus cothaíonn sé bá ionainn d’anchaoi Levana. Scéal don lá inniu é seo a phléann le téamaí na linne seo ach is cinnte go mbeidh caint go deo faoin éacht litríochta atá déanta ag Tadhg Mac Dhonnagáin.